Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/358

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
354
NIAṀ

tsocaruġaḋ. Ḋein Niaṁ ḋá ċleaṁnas, cleaṁnas do Ṫaḋg Óg le drifiúr do Ċonn, agus cleaṁnas do Ċonn le drifiúr di féin.

Nuair a ḃí an méid sin déanta ṫug Niaṁ agus a driṫáir cuaird óḋeas go h-Inis Caṫaiġ. Ḃí áṫas mór ar Ċolla nuair a ċonaic sé iad. Cé ḃéaḋ ann rómpa, ar ċuaird, aċ Caoilte! Ba ḃeag ná gur baineaḋ raḋarc a ṡúl airís de Ċaoilte nuair a ċonaic sé iad, díreaċ mar a baineaḋ an ċéad lá úd a ċonaic sé Niaṁ. Ḃí sé 'n-a ríġ an uair sin ar Ċiarraiġe Luaċra i n-inead a aṫar. D'innseadar dó conus a ḃí gaċ aon rud socair lastuaiḋ i n-Uíḃ Máine agus i n-Uíḃ Ḟiaċraċ Áiḋne, agus d'inis seisean dóiḃ gaċ aon níḋ a ḃí aige le h-innsint i dtaoḃ a ḋúṫa féin.

“Ba ṁaiṫ liom an ċailís úd a ḋ' ḟeisgint, a Aṫair, má 'sé do ṫoil é. Ní ḟeaca riaṁ fós í,” arsa Niaṁ.

Do rug sé isteaċ sa n-érdam iad agus ṫaisbeáin sé an ċailís dóiḃ.

Ba ḃreaġ an raḋarc le feisgint í. D' ḟéadfaḋ duine fanṁaint ar feaḋ leaṫ an lae ag feuċaint uirṫi agus ní ḃéaḋ a ṡúile ná a aigne corṫa ḋi. D'á ḟaid a ḃéaḋ sé ag feuċaint uirṫi is aṁlaiḋ ba ṁaiṫ leis tamal eile ṫaḃairt ag feuċaint uirṫi. Ċoimeádfaḋ saiḋḃreas an óir greim ar a ṡúiliḃ. Ċoimeádfaḋ uaisleaċt agus ealaḋntaċt a h-órnáide greim ar a ṡúiliḃ, agus é 'ġá ḟiafraiġe ḋé féin conus a ḋ' ḟéad láṁ duine riaṁ a leiṫéid d'obair a ḋéanaṁ. Ċoimeádfaḋ an crios, na cloċa loġṁara, greim ar a ṡúiliḃ, agus iad ag taiṫneaṁ agus ag spréaċarnaiġ, agus eisean 'ġá ḟiafraiġe ḋé féin cá ḃfuaradar an solus! D'á n-éaġmuis sin go léir ḃí sa rioċt 'n-a raiḃ an ċailís sin cúmṫa rud éigin a ċoimeádaḋ greim ar ṡúiliḃ an t-é a ċíoḋ í, agus do ċuireaḋ áṫas isteaċ i n' aigne tré n-a ṡúiliḃ.

D'ḟeuċ Niaṁ uirṫi, go dlúṫ agus go daingean, aċ níor