Niamh/56

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
An t-Ár-mhágh
[ 333 ]

CAIBIDIOL XV.

AN t-ÁR-ṀÁĠ.

Nuair a riṫ Aṁlaoiḃ do riṫ Connla 'n-a ḋiaiġ, agus ansan do riṫ an méid a ḃí gan marḃuġaḋ de ṁuintir Ṡíguird. Do ġluais ar a dtóir an méid a ḃí ábalta ar ruiṫ des na Conaċtaċaiḃ. Do ġluais Caoilte sa tóir i n-aonḟeaċt leó. Níor ċuaiḋ Caoilte aḃfad. Ḃí ḟios aige go raiḃ Niaṁ sa n-áit 'n-a raiḃ a h-aṫair sínte marḃ. Do ċas sé ṫar n-ais le h-eagla go gcasfaí buiḋean Loċlanaċ sa treó agus go mb’ ḟéidir go mbéaḋ Niaṁ gan ċosaint.

Nuair a ṫáinig sé is aṁlaiḋ a fuair sé a lán de ṁuintir Uíḃ Máine ann roimis, agus de ṁuintir Ṁaoilruanaiḋ na Paidre. Ḃíodar ró ċréaċtnaiḋṫe ċun leanṁaint ar an dtóir, aċ ḃíodar ábalta ar Niaṁ a ċosaint go maiṫ. Ḃí sise ar a glúiniḃ ag ceann cuirp a h-aṫar. Ḃí sagart ann, leis, agus manaċ. Ag taḃairt aire do Ṫaḋg Óg ua Ċealla iseaḋ ḃí an sagart. Ní raiḃ Taḋg Óg marḃ, bíoḋ go raiḃ [ 334 ]sé gortuiġṫe go maiṫ. Níor ṫug Aṁlaoiḃ “a ċeart féin do'n ḟaoḃar.” Ḃí clogad maiṫ láidir ar ċeann Ṫaiḋg. Do ċuir an tuaġ stangaḋ doiṁinn sa ċlogad agus do gortuiġeaḋ an ceann, aċ níor gearaḋ an clogad ná an ceann. Ḃí Lonán ann agus níor ḃ'ḟada go raiḃ Taḋg tagaiṫe ċuige féin fé láiṁ Lonáin.

Ḃí ceann Ṫaiḋg Ṁóir, áṁṫaċ, 'n-a ḋá leat, aċ níor ċoruiġ Niaṁ uaiḋ.

Ḃí Conn ann agus é tar éis teaċt ó'n áit 'n-a raiḃ a aṫair féin, Maolruanaiḋ na Paidre, sínte marḃ. Do ṁair Maolruanaiḋ tamal maiṫ tar éis a ġunta, agus ḃí sagart i n' aice ó fuair sé an ġuin go dtí go ḃfuair sé bás.

Nuair a ċonaic Niaṁ Caoilte agus Conn do laḃair sí leó.

“Cá ḃfuil Connla?” ar sise.

“D' imṫiġ sé ar ṫóir na Loċlanaċ, a rígan,” arsa Caoilte.

“Is truaġ san!” ar sise. “Má imṫíġean aon níḋ air tá Éire creaċta glan.”

Ḃí tuille des na Conaċtaiġ ag teaċt ó'n dtóir. Ċuir sí tuairisg Ċonnla orṫa. Ní ḟeacaiḋ aoinne Connla aċ do ċonaic gaċ aoinne Murċaḋ agus é ar ṫóir Ḃruadair agus Bruadar ag teiṫeaḋ uaiḋ.

“Ní ḟéadfaḋ Murċaḋ ḃeiṫ ar ṫóir Ḃruadair,” arsa duine a ṫáinig, “mar tá Murċaḋ ansúd ṫall sínte agus beirt ṡagart i n' ḟoċair. Do ṫuit Murċaḋ díreaċ nuair a ḃí an teiṫeaḋ agus an tóir ag tusnú'.”

“An é raḋarc mo ṡúl a ṁeasfá a ḃaint díom!” arsa'n ċéad duine. “Ná feacaiḋ mo ḋá ṡúil Bruadar ag teiṫeaḋ agus Murċaḋ ar a ṫóir!”

“Ní ḟeacaís Bruadar ag teiṫeaḋ,” arsa Niaṁ, “mar do leag m' aṫair é trí h-uaire as a ċéile, agus ansan do riṫ sé isteaċ sa ċoill ḃeag san ṫuas.”

Le n-a linn sin d'ḟéaċadar suas agus cad a ċífidís aċ [ 335 ]Bruadar féin ag ruiṫ 'n-a dtreó ó'n áit 'n-a raiḃ pubal an Árdríġ, agus é ag liúiriġ:—

“Sgaoiltear an focal ó ḃéal go béal!” ar seisean, “gur ṁairḃ Bruadar Brian!”

Siúd ċuige an ḃuiḋean ċosanta do fágaḋ ar ṗubal Ḃriain. Do riṫeadar ar ṫóir na Loċlanaċ agus d'ḟágadar an pubal gan ċosnaṁ. Ṫáinig Bruadar amaċ as an gcoill, mar a raiḃ sé i ḃfolaċ. Fuair sé an t-Árdríġ gan ċosnaṁ, agus ċuaiḋ sé isteaċ agus ṁairḃ sé an t-Árdríġ. Do rug an ḃuiḋean ċosanta ar Ḃruadar agus ċuireadar ċun báis é. Ba ṡuaraċ an leiġeas é sin ar an ndíoḃáil a ḃí déanta. Dá dtugaidís aire do'n ġnó a cuireaḋ 'n-a ċúram orṫa tá gaċ aon deaḃraṁ go mbéaḋ a ṁalairt de sgéal againn go léir, riaṁ ó ṡin agus indiu, seaċas mar atá.

Deir cuid de'n tseanaċus gur ċosain Brian é féin go cróḋa. Ní ḟeadar cé 'cu a ḋein nó nár ḋein, agus is cuma liom. B'ḟearr liom go mór a ḃeiṫ ar ċumas an tseanaċuis a ráḋ gur ċosain na fir é n-ar cuireaḋ mar ċúram orṫa é ċosaint. Is truaġ gan a n-ainimneaċa againn! Ċuireadar pionós ar Ḃruadar. Ba ṁór go léir an leiġeas é sin ar an ḃfaillíġ a ḋeineadar féin; nár ḃ' eaḋ!

Ag teaċt ṫar n-ais ó ṫóir na Loċlanaċ a ḃíodar nuair a ḃuail Bruadar umpa agus an gníoṁ déanta aige. Ḋeineadar go h-aindeis a ngnó!

Nuair a fuair Niaṁ go raiḃ Brian marḃ d' eiriġ sí 'n-a seasaṁ:—

“Téanam!” ar sise le Caoilte agus le Conn. “Caiṫfimíd Connla ḋ'ḟáġail. Tá Brian marḃ, agus is dóċa go ḃfuil Murċaḋ marḃ. Tá Árdríġ againn fós, áṁṫaċ, má tá Connla beó.”

Siúd ċun siúḃal iad. Do leanadar an treó do lean na Conaċtaiġ sa tóir. Ḃí cuid des na Conaċtaiġ ag teaċt ṫar n-ais. D'iompuiġdar i n-aonḟeaċt leis an dtriúr [ 336 ]nuair a fuaradar cad a ḃí uaṫa. Ḋeineadar gaċ aon tsaġas cuardaiġ agus ċuireadar gaċ aon tsaġas tuairisge, aċ ní ḃfuaradar aon ḃlúire eóluis. D'inis fiċe duine ḋóiḃ go ḃfeacaṫas Bruadar ag teiṫeaḋ agus Murċaḋ ar a ṫóir, aċ ní ḟeacaiḋ aoinne Connla.

Ḃí an oíḋċe ag tuitim. Ḃí an maċaire go léir lán de ċorpaiḃ, agus ḃí a lán des na Loċlanaiġ a leagaḋ sa tóir agus ná raḃdar marḃ ar fad, agus go raiḃ fonn orṫa sleaġ nó tuaġ nó sgian do ċaiṫeaṁ le h-aon Éireanaċ a ċífidís. Do tuigeaḋ go raiḃ sé ró ċontaḃarṫaċ leigint do Niaṁ dul níba ṡia sa ċuardaċ. Do socaruiġeaḋ ar ḋul ṫar n-ais. Go mb’ḟéidir go raiḃ Connla tagaiṫe ann um an dtaca san. Mura raiḃ go ḃféadfaḋ na fir teaċt airís ag cuardaċ agus Niaṁ a ḋ'ḟágáilt ar a suaiṁneas, i n-áit a ḃéaḋ gan ḃaoġal.

Ṫánadar ṫar n-ais. Ní raiḃ an tuairisg ar Ċonnla. Ḃí an oíḋċe ḋuḃ ann um an dtaca san, agus ċun na h-oíḋċe ḋéanaṁ níba ḋuiḃe do leaṫ ceó isteaċ ó'n ḃfaraige i dtreó ná feicfeaḋ duine a láṁ dá síneaḋ sé í.

Ní raiḃ aon rud le déanaṁ aċ dul fé ḋéin an longṗuirt i gCill Ṁaiġneann. Ḋein muintir Ṫaiḋg Ṁóir agus muintir Ṁaoilruanaiḋ ḋá ċróċar agus do rugadar leó an dá ċorp ċun an longṗuirt. Ḃí na sagairt agus na manaiġ ann, agus ḃíodar ag cantainn úrnuiġṫe na marḃ ar an slíġ. Nuair a ṫánadar go Cill Ṁaiġneann fuaradar go raiḃ a lán soċraidí beaga eile tagaiṫe ann rómpa, agus ag teaċt ann 'n-a ndiaiġ, agus an obair ċéadna ar siúḃal acu. Ḃí na sagairt agus na manaig go léir ann, ó Ṡórd Ċolum Cille, agus an uile ṡaġas córaċa taḃarṫa leó acu, mar atá, líon geal ċun cneáḋṫaċ do ḋúnaḋ agus fuil do ċosg, agus deoċa ċun nirt, agus banndaí línéadaiġ, agus cliaṫaċa ċun cnáṁ do ċur, agus mar sin. Ḃí flúirse des na neiṫiḃ sin taḃarṫa leó ó'n mbaile ag na mnáiḃ a ṫáinig, aċ níor ṁiste an tuille. [ 337 ]Ḃí na buiḋeana beaga ag teaċt i gcaiṫeaṁ na h-oíḋċe agus a nduine marḃ féin ag gaċ buiḋin díoḃ. Ṫáinig cuid de ṫeiġlaċ Ṁurċaḋ agus Murċaḋ ar ċróċar acu, aċ ní raiḃ sé marḃ. Ṁair sé go dtí amáireaċ a ḃí ċúġainn. Ḃí na sagairt i n' aice sa n-áit 'n-ar ṫuit sé, anuas ar ṁac ríġ na h-Ioruaiḋe. D'ḟan sagart i n' ḟoċair go dtí gur ṫaraing sé an anál.

Ní raiḃ aon ḃuiḋean a ṫáinig mar sin i gcaiṫeaṁ na h-oíḋċe ná raiḃ Niaṁ a' faire orṫa feuċaint caṫin a ċífeaḋ sí buiḋean ag teaċt agus Connla acu, nó feuċaint caṫin a ċífeaḋ sí Connla féin ag teaċt ar ḃuiḋin acu agus duine aige 'á ṫaḃairt leis. Níor ṫáinig sé mar seo ná mar siúd.

Ṫáinig solus an lae. Do ġlan an ceó.

“Téanam,” arsa Niaṁ le Caoilte agus le Conn, “go gcuardaiġmíd an maċaire feuċaint a' ḃfaiġmís Connla beó nó marḃ.”

Ġluaiseadar amaċ. Ṫánadar ar áit an ċaṫa. Ba ġrána an raḋarc an uair sin é mar ṁaċaire. Ḃí an talaṁ go léir, ó Ḃinn Éadair go h-Áṫ Cliaṫ agus ó ċiúṁais na tráġa aḃfad amaċ sa tír, clúdaiġṫe le corpaiḃ daoine. Ḃí, anso agus ansúd ar fuaid an ṁaċaire, rudaí beó ag gluaiseaċt ameasg na gcorp. Daoine ab eaḋ cuid des na rudaíḃ beó san, daoine a ḃí ag lorg corp a gcarad féin. Biṫeaṁnaiġ ab eaḋ cuid des na rudaíḃ beó; biṫeaṁnaiġ a ḃí ag guid an tsaiḋḃris agus na n-órnáidí a ḃí ar ċorpaiḃ na Loċlanaċ uasal agus na n-Éireanaċ uasal. Gaiḋir ab eaḋ cuid des na rudaíḃ beó, leis; gaiḋir ġrána ṁóra, ċontaḃarṫaċa, a ṫáinig isteaċ ó'n dtír nuair a rug an ġaoṫ balaiṫ na fola amaċ ag triall orṫa.

Ṡiúḃluiġ Niaṁ agus a cualaċt an maċaire, soir agus siar agus anonn agus anall, aċ ní ḃfuaradar aon raḋarc ar aon ċorp go raiḃ aon cosaṁlaċt aige le Connla. Do ċíoḋ Niaṁ uaiṫe, go minic, corp a ḃíoḋ, dar léi, cosṁail le [ 338 ]Connla. Ansan nuair a ṫagaidís i n' aice ċíoḋ sí nár ḃ' é é, agus ḃíoḋ áṫas uirṫi.

Ḃí an ṁaidion ag gluaiseaċt agus an ġrian ag druidim suas ar an spéir, agus fir ag teaċt go tiuġ, as gaċ aon treó baill, le h-órdúġaḋ na sagart, agus ráinní agus sluaiste acu, ċun na gcorp do ċur fé ṫalaṁ. Do leaṫ na fir sin iad féin ins gaċ aon ḃall ar fuaid an ṁaċaire agus do ċrom gaċ aon triúr nó ceaṫrar acu ar ṫrínse ḋ' osgailt. Ba ġeár go raiḃ oiread san acu ann go mb'éigean dos na gaiḋir agus dos na biṫeaṁnaiġ glanaḋ as an áit. Má ḃí saiḋḃreas le fáġail ar ċorpaiḃ na marḃ do ṫuig na fir a ḃí ag déanaṁ na h-oibre gur ḃ' iad féin dob ḟearr ceart ċun an tsaiḋḃris sin. Ḃí an obair ar siúḃal ins gaċ aon ṗáirt de'n ṁaċaire, agus ins na h-áiteanaiḃ 'n-a raiḃ na cuirp 'n-a gcruaċaiḃ anáirde ar a ċéile b' éigean trínsí móra leaṫana doiṁne ḋéanaṁ, agus na cuirp a ċur 'n-a gcruaċaiḃ fé ṫalaṁ, díreaċ mar a ḃíodar 'n-a gcruaċaiḃ os cionn tailiṁ. Ḃí na taoide lán airís agus ḃí cuirp na mban agus na leanḃ aici 'á ċaiṫeaṁ isteaċ ar an dtráiġ. Fé mar a ḋruid an taoide amaċ ḃí sí ag fágaint na gcorp ar an dtráiġ 'n-a diaiġ. B'éigean trínsí móra leaṫana doiṁne ḋéanaṁ dóiḃ sin, leis, agus iad do ċur 'n-a gcruaċaiḃ fé ṫalaṁ. Nuair a ḃí na trínsí sin lán des na corpaiḃ agus an ċré curṫa suas orṫa is aṁlaiḋ a ḃí árdán mór árd sa n-áit 'n-ar deineaḋ gaċ trínse. Táid na h-árdáin sin le feisgint sa n-áit fós, nó cuid acu.

Ċonaic Niaṁ, agus an ṁuintir a ḃí le n-a cois sa ċuardaċ, a lán daoine cruinniġṫe tímpal na h-áite na dtéiḋean an Tulcainn isteaċ sa ḃfaraige. Ṫánadar ċun na h-áite. Ḃí an Tulcainn lán de ċorpaiḃ na Loċlanaċ i dtreó go raḃdar ag coimeád uisge na h-aḃan siar ó'n dtaoide do leanṁaint. Ḃí na fir ag tógaint na gcorp as an aḃainn agus 'ġá síneaḋ ar an bport i n-aice 'ċéile. Nuair a [ 339 ]ṫáinig Niaṁ ċonaic sí ḋá ċorp sínte ar an bport i n-aice 'ċéile. D'aiṫin sí láiṫreaċ iad. Aṁlaoiḃ agus Connla isiad a ḃí ann. D' aiṫin gaċ aoinne Connla. Ṁeas cuid de'n luċt oibre gur ḃ' é Bruadar an fear eile. D'inn- seadar do Niaṁ, agus do'n ṁuintir a ḃí le n-a cois, gur ḃ' aṁlaiḋ a fuaraḋ an ḃeirt agus cruaċ ṁór de ċorpaiḃ Loċlanaċ anuas orṫa, agus ḋá láiṁ Ċonnla daingean i ḃfolt Aṁlaoiḃ, agus a ċorp anuas ar ċorp Aṁlaoiḃ.

D'ḟeuċ Niaṁ ar an mbeirt agus iad sínte i n-aice 'ċéile, go breaġ socair. Ḃí ḋá ṡúil Aṁlaoiḃ ar dian-leaṫaḋ, agus ḃí 'n-a ṡeasaṁ ionta, agus 'n-a ġnúis ar fad, an sgeón millteaċ a ċonaic sí ionta díreaċ nuair a ṫuit an tuaġ as a láiṁ agus do ṫeiṫ sé. Ḃí gnúis Ċonnla ċóṁ sáṁ, ċóṁ socair, ċóṁ suaiṁneasaċ agus dá mba 'n-a ċodla ḃéaḋ sé. Ċóṁ luaṫ agus do ċonaic sí iad do ḃánuiġ a h-aġaiḋ i dtreó go dtáinig Caoilte agus Conn 'n-a h-aice, duine acu ar gaċ taoḃ di. Ṁeasadar go raiḃ sí i rioċt tuitim. Ní raiḃ. Do ġáir sí nuair a ċonaic sí an t-eagal orṫa. Ṫáinig sí ar a glúiniḃ i n-aice Ċonnla agus ċrom sí ar ṗaidir a ráḋ le n' anam. Ṫáinig an ḃeirt eile ar a nglúiniḃ agus dúḃradar an ṗaidir i n-aonḟeaċt léi.

“Go maiṫiḋ Dia do ṗeacaí ḋuit, a Aṁlaoiḃ!” ar sise, “agus dúinn go léir.”

D'eiriġdar. Ḋeineadar cróċar agus ċuireadar corp Ċonnla air, agus do rugadar leó é ċun an longṗuirt.

“Dob' uaṫḃásaċ an caṫ é!” arsa Conn agus iad ag teaċt, “agus is fada a ḃeiḋ cuiṁne i n-Éirinn air.”

“Is fada,” arsa Caoilte, “agus an ḃfuil ḟios agat cad a ċuirfiḋ iongnaḋ ar an saoġal go deó?”

“Cad a ċuirfiḋ?” arsa Conn.

“An deiċ gcéad úd go raiḃ na h-éidí mitil orṫa tá an uile ḋuine acu marḃ!” arsa Caoilte.

“An uile ḋuine acu!” arsa Conn.

“An uile ḋuine riaṁ acu”, arsa Caoilte.