Niamh/55

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
An Cath
[ 322 ]

CAIBIDIOL XIV.

AN CAṪ.

Um an dtaca 'n-a raiḃ Brian socair 'n-a ċábán agus an luċt cosanta 'n-a ṫímpal ḃí an dá ṡluaġ i ngioraċt cúpla péirse ḋ'á ċéile. Do léim fear mór amaċ a' sluaġ na Loċlanaċ agus do laḃair sé.

“An ḃfuil Dóṁnall mac Éiṁin anso?” ar seisean.

“Tá sé anso,” arsa Dóṁnall ag teaċt amaċ a' sluaġ na nGaeḋal.

Ṫug an ḃeirt aġaiḋ ar a ċéile. Do ḃuail gaċ fear díoḃ aon ḃuille aṁáin ar an ḃfear eile agus do ṫuit an ḃeirt marḃ ar an ḃfód.

Ansan do séideaḋ na h-aḋarca ar gaċ taoḃ, do riṫ an dá ṡluaġ ċun a ċéile agus do ṫusnuiġ an t-éirleaċ. Ḃí solus na gréine ag neartuġaḋ agus ní raiḃ an solus ins na súiliḃ ar aon tsluaġ acu, mar ḃí an ġrian ag taiṫneaṁ anoir díreaċ, ar láiṁ ḋeis na Loċlanaċ agus ar láiṁ ċlé na nGaeḋal. I dtusaċ an ċóṁraic ní raiḃ puínn des na fearaiḃ ag tuitim ar aon taoḃ, mar ḃí an ċosaint ċóṁ maiṫ leis an mbualaḋ. Aon áit sa tímpal 'n-a raiḃ cnucán ná árdán ḃí mná agus daoine óga anáirde ar na h-árdánaiḃ ag faire ar an gcóṁrac. Níor ṁar a ċéile cóṁrac an uair sin agus cóṁrac anois. Ní ḟéadfaḋ aoinne dul i n-aon ġaor do ċóṁrac anois mar ġeall ar an arm teine. An uair sin d'ḟéadfaḋ mná agus mion-daoine teaċt aċamair go maiṫ do'n ċóṁrac. Ḃí mná na Loċlanaċ cruinniġṫe ins gaċ sórd áite 'n-ar ḟéadadar aon raḋarc a ḋ'ḟáġail ar an gcóṁrac. Do ċonacadar na claiḋṁte d'á gcasaḋ agus iad ag taiṫneaṁ sa ġréin. Ċonacadar [ 323 ]gaċ buille d'á ċosaint, le faoḃar nó le sgiaṫ, ċóṁ tiuġ agus do ṫagaḋ sé. D' airiġdar fuaim na mbuillí ar na sgiaṫiḃ ag sgreadaċ na ḃfaoḃar i gcoinniḃ a ċéile, agus guṫana árda na dtaoiseaċ ag laḃairt leis na fearaiḃ, agus dranntán na naṁad ċun a ċéile le linn na mbuillí do ḃualaḋ ḋóiḃ, agus do ṁeasg na fuaimeana san ar a ċéile ó ḋaċad míle naṁad, i dtreó dá ndúnaḋ duine a ṡúile agus éisteaċt leis na ngleic, gur ḋóiċ leis gur ċoill ṁór a ḃí tré ṫeine, agus an lasair ag búirṫiġ agus an t-aḋmad ag cnagarnaiġ le neart na teine.

Do lean an cóṁrac ar an gcuma san ar feaḋ aḃfad agus an ġrian ag druidim suas ar an spéir, agus is go h-ana ṁall a ḃí sí ag druidim suas. Ansan do ṫusnuiġ na fir ar ṫuitim. Ḃí saoṫar agus tuirse ag teaċt ar ċuid acu agus agus ḃí an ċosaint ag teip.

Maolmórḋa agus a Laiġneaċa isiad a ḃí aġaiḋ ar aġaiḋ le Dál gCais agus ḃí sluaġ ṁór des na Loċlanaiġ ag caḃruġaḋ leó.

Nuair a ḃíoḋ tuirse ag teaċt ar a naṁaid iseaḋ ba ġnáṫ le Dál gCais breis nirt agus breis fuinniṁ do ṫeaċt ionta. Ḃí san ag teaċt ionta an uair sin. Ḃí idir Laiġneaċa agus Loċlanaiġ ag tuitim fé n-a mbuilliḃ, agus ḃí an ċuid nár ṫuit díoḃ ag dul i ndiaiġ a gcúil, go ríġin. Ba ḋeacair iad do ċur i ndiaiġ a gcúil. Ḃí greim maiṫ acu ar an ḃfód.

Aċ ḃí Clann Ċais ábalta ar a ngreim a ḃogaḋ ó'n ḃfód. Ḃí Murċaḋ ann agus a ḋá ċlaiḋeaṁ aige, mar ba ġnáṫ, agus nuair a ṫugaḋ sé aġaiḋ ar ḟear do ṫuiteaḋ an fear san gan a ṫuille cáirde. Ḃí Dúlainn ann agus é ċóṁ tapaiḋ, ċóṁ marḃuiġṫeaċ leis an león. “Fear na mbuillí dtroma,” a ṫugaḋ na Loċlanaiġ air. Ḃí mac Ṁurċaḋ ann agus an dá ċlaiḋeaṁ aige, mar a ḃíoḋ agá aṫair. Dar leis na Loċlanaiġ ḃí sé ċóṁ h-olc le n' aṫair. Ní h-aiṫneófaí ó ċéile iad aċ gan an ḟéasóg a ḃeiṫ ar an mac. [ 324 ]B'é focal deirineaċ a dúḃairt Niaṁ ar maidin le Dúlainn 'ná, “A Ḋúlainn, ná taḃair do ċeann leat ó'n gcaṫ so má leigean tú buille i gceann Ċonnla!”

Ní raḃdar aḃfad sa caṫ nuair a ċonaic Dúlainn nár ġáḋ d' aoinne ċeann Ċonnla do ċosaint; go raiḃ a láṁ ḋeas féin ábalta ar a ċeann do ċosaint go feilimionta. Agus ar nós Clainne Ċais go léir, is ag dul i ḃfuinneaṁlaċt a ḃí a ċroíḋe agus a ġéaga fé mar a ḃí an caṫ ag dul i ndéine. Ḃí an naṁaid ag dul i ndiaiġ a gcúil, agus iad ag tuitim, agus Dál gCais ag brúṫ orṫa agus 'ġá leagaḋ; agus ḃí an ġrian ag druidim suas ar an spéir, go mall. Ḃí an ġaoṫ anoir agus í go maiṫ láidir, ionḟuar, anamaṁail, agus ba ṁór an tairḃṫe an méid sin dos na fearaiḃ, ar gaċ taoḃ, mar ḃí allus ag teaċt orṫa agus teas an ċóṁraic ag cur orṫa, go mór mór ar an gcuid acu ná raiḃ taiṫiġe ró ṁaiṫ acu ar an saġas san oibre. Níor ġoill teas an ċóṁraic puínn ar Ḋál gCais. Do cruaḋaḋ iad go maiṫ leis an ngleacaiḋeaċt a ḃíoḋ ar siúḃal coitċianta i gCeann Cora. Nuair a ḃíodar sa ṁór-ċaṫ is aṁlaiḋ a ḃíodar ar nós an ċapail ráis n-a mbíon an ḟoluiġeaċt ann. Nuair ba ḋóiċ le duine gur ċeart tuirse ḃeiṫ ag teaċt air is aṁlaiḋ a ḃíon buile nirt agus misniġ agus fuinniṁ ag teaċt ann.

Ḃí cuid des na Loċlanaiġ a ḃí ar an gcuma gcéadna, agus ba ró ḋeacair iad do ċur i ndiaiġ a gcúil. Aċ ḃíodar ag druidim siar agus ḃí Dál gCais ag brúṫ orṫa go dian. Ḃí Maolmórḋa ag déanaṁ a ḋíċil ċun iad do ċoimeád gan dul siar, aċ ní ḟéadaḋ sé é. Ṫugaḋ sé aire ṁaiṫ, áṁṫaċ, gan teaċt aġaiḋ ar aġaiḋ le Murċaḋ ná le Dúlainn. Ṁeasaḋ sé go ḃfeiceaḋ sé ḋá Ṁurċaḋ ann, an Murċaḋ go raiḃ an ḟéasóg air agus an Murċaḋ ná raiḃ, agus go raiḃ an Murċaḋ ná raiḃ an ḟéasóg air ċóṁ contaḃarṫaċ de ṫeangaḃálaiḋe leis an Murċaḋ go raiḃ.

An ḟaid a ḃí san mar sin sa ċeann san de'n ċaṫ, ḃí neiṫe [ 325 ]ar a ṁalairt de ċuma sa ċeann eile. Ḃí Loċlanaiġ Áṫa Cliaṫ agus an deiċ gcéad fear ó'n Ioruaiḋ go raiḃ na h-éidí práis orṫa i gcoinniḃ na Muíṁneaċ eile (lasmuiċ de Ḋál gCais), agus ḃí luċt na n-éidí práis ag brúṫ na nGaeḋal rómpa agus 'ġá marḃuġaḋ go tiuġ. Ba ṁó go mór an t-éirleaċ a ḃí ag luċt na n-éidí práis 'á ḋéanaṁ ar Ġaeḋlaiḃ an ċinn sin de'n ċaṫ 'ná mar a ḃí ag Dál gCais 'á ḋéanaṁ ar Loċlanaiġ an ċinn eile. Ḃí Bruadar ar tusaċ ar luċt na n-éidí, agus ḃí na Muíṁniġ ag tuitim 'n-a sraṫanaiḃ ins gaċ treó 'n-a dtugaḋ sé aġaiḋ.

Ḃí Béibionn agus Gormḟlaiṫ ṫuas ar bara ríġṫeiġlaiġ Ṡitric agus iad ag feuċaint ar an éirleaċ a ḃí ag luċt na n-éidí 'á ḋéanaṁ ar na Muíṁneaċaiḃ.

“Is maiṫ na buanaiḋṫe iad san, a Ḃéibionn!” arsa Gormḟlaiṫ. “Táid siad ag leagaḋ an arḃair go tiuġ. Beiḋ uaṫḃás oibre déanta acu i gcóir na h-oíḋċe.”

“Tá an lá óg fós, a Árdrígan,” arsa Béibionn. “Is 'mó cor a ḋ'ḟéadfaḋ an saoġal a ċur dé 'dir seo agus an oíḋċe.”

Ċonaic Murċaḋ conus a ḃí luċt na n-éidí ag marḃuġaḋ na Muíṁneaċ rómpa. D'ḟeuċ sé 'n-a ṫímpal. Ní raiḃ Caoilte aḃfad uaiḋ.

“Téanam, a Ċaoilte,” ar seisean. “Ní mór cosg do ċur leó súd ṫiar. Beir ar do ṫuaiġ agus lean mé. Déin-se an rud céadna,” ar seisean le Dúlainn. “Agus tusa, a ṁic,” ar seisean le Connla. “Seasuiġeaḋ an ċuid eile an fód anso.”

D'imṫiġ an ceaṫrar siar as an gcaṫ agus siúd siar óḋeas iad ċun na h-áite 'n-a raiḃ luċt na n-éidí agus iad ag marḃuġaḋ rómpa.

“An tuaġ! An tuaġ! An tuaġ, a ḟeara!” arsa Murċaḋ.

Le n-a linn sin do léim sé ċun Loċlanaiġ ṁóir a ḃí ag [ 326 ]déanaṁ éirliġ agus ná téiḋeaḋ aon ḃuille ċlaiḋeaṁ i ḃfeiḋm air. Ḋein Murċaḋ ḋá leaṫ d'á ċeann, idir ṗrás agus cloigean, le buille ṫuaiġ. Ḃí na tuaġana go léir anáirde láiṫreaċ. Ansan iseaḋ do ċonacṫas an obair.

“Tugtar sleaġ ḋom!” arsa Murċaḋ.

Do tugaḋ. Ṫug sé sáḋ d'ḟear ṁór eile de luċt na n-éidí. Do riṫ an tsleaġ tríd an éide mar a ruiṫfeaḋ snáṫad tré ḃréid, agus do ṫuit an fear. Ansan iseaḋ do fíoraḋ an focal adúḃairt Brian ar maidin. “Ná cuiriḋ suim 'n-a gcótaíḃ iarainn,” ar seisean. “Cótaí troma iseaḋ iad.” Ċuiṁniġ gaċ aoinne ar an ḃfocal. Do ṡeasaiṁ na Muíṁniġ an fód. D'oibriġdar an tuaġ agus an tsleaġ. Níor ḃ'fada go raiḃ luċt na n-éidí ag tuitim go tiuġ. Níor ċuadar i ndiaiġ a gcúil mar ní ró ṁaiṫ a d’ḟéadfaidís é. Ḃí tuirse agus allus orṫa, agus ḃí an éide ró ṫrom. Níor ḋeineadar aċ seasaṁ agus iad féin a ċosaint ċóṁ maiṫ agus dob' ḟéidir leó é. Níor ró ṁaiṫ a ḋ'ḟéadadar iad féin a ċosaint, mar ḃí an ḃuile agus an ḟearg ar na Muíṁneaċaiḃ nuair a fuaradar go raiḃ ar a gcumas na h-éidí uaṫḃásaċa san do ġearaḋ le tuaiġ nó do ṡáḋ le sleaġ ċóṁ saoráideaċ. Níor ṫuit puínn eile des na Muíṁneaċaiḃ an uair sin, agus do ċosain luċt na n-éidí iad féin maiṫ go leór. Do coireaḋ iad, áṁṫaċ, agus fé mar a coirtí iad ní ḟéadaidís aon ċosaint a ḋéanaṁ orṫa féin, agus ansan do marḃuiġtí iad.

Do lean an cóṁrac, gan stad gan staonaḋ, ó ċeann ceann de ṗáirc an ċaṫa. Na h-Éireanaiġ lán ċeapaiṫe, fé mar a ḃí socair go daingean acu aḃfad roim ré, ar ḃás a ḋ'ḟáġail sa ċaṫ san, pé taoḃ ar a mbéaḋ buaḋ an ċaṫa. Iongnaḋ agus alltaċt ar na Loċlanaiġ go léir, idir ríġṫe agus daoine, a ráḋ go raiḃ a leiṫéid de ṡeasaṁ ag na Gaeḋil 'a ḋéanaṁ. “Má seasuiġtear i n-ár gcoinniḃ puínn eile aimsire ar an gcuma so buaḋfar orainn!” a deiridís [ 327 ]le n-a ċéile, agus iongnaḋ a gcroíḋe orṫa. Ġéaruiġdar sa ċóṁrac, mar 'ḋ eaḋ go sguabfaidís na Gaeḋil rómpa. Do ċaiṫeadar iad féin i gcoinniḃ na nGaeḋal díreaċ mar a ċaiṫean an ḟaraige í féin i gcoinniḃ na caraige lá gaoiṫe. Ní raiḃ aon ṁaiṫ ḋóiḃ ann. Do ṡeasaiṁ Clanna Gaeḋal 'n-a gcoinniḃ díreaċ mar a ṡeasuiġean an ċaraig i gcoinniḃ uisge na faraige.

Ṫug na Loċlanaiġ níḋ eile fé ndeara. Ṫugadar fé ndeara ná raiḃ blúire eagla roimis an mbás ag na h-Éireanaiġ, ná aon doṫal acu roimis an mbás. I ndiaiġ ar ndiaiġ do ċuaiḋ 'n-a luiġe ar aigne na Loċlanaċ ná raiḃ aon tsúil go n-iompóċaḋ na h-Éireanaiġ ó'n gcaṫ. Go seasóċaidís an fód an ḟaid a ḃeidís beó, agus gur le h-áṫas a ġlacfaidís bás.

Níor ḃ'ḟéidir leis na Loċlanaiġ an níḋ sin do ṫuisgint. Do ṫuigfidís é, b'ḟéidir, dá mbéaḋ 'ḟios acu cad é an socaruġaḋ aigne a ḃí déanta ag na Gaeḋlaiḃ aḃfad sar a dtáinig lá an ċaṫa san; do ṫuigfidis é dá mbéaḋ 'ḟios acu go raiḃ Naoṁ Íḋbirt an Aifrinn d'á ḋéanaṁ ċun Dé, ó ṫainig an ċéad leus de ṡolus an lae an ṁaidion san, ins gaċ eaglais agus ins gaċ mainistir i n-Éirinn. Do ṫuigfidís é dá dtuigidís conus mar a ḃí sagairt agus manaiġ agus mná riaġalta ar fuid na h-Éirean, i gcaiṫeaṁ na maidine sin agus i gcaiṫeaṁ na h-oíḋċe roim ré, ag briseaḋ a gcroíḋe 'ġá iaraiḋ ar Ḋia na glóire, tré ímpíḋe na Maiġdine Muire, agus tré ímpíḋe Ṗádraig agus Ḃríġde agus Ċolum Cille, gan buaḋ an ċaṫa san do leigint leis na Loċlanaiġ. Do ṫuigfidís é dá mbéaḋ 'ḟios acu conus mar a ḃí an t-Árdríġ aosta, an fear a ṫaisbeáin an Ċrois Ċéasda do'n tsluaġ an ṁaidion san, an fear a ḃí ceapaiṫe ag Dia an uair sin ċun cóṁaċt na Loċlanaċ do ḃriseaḋ agus do ċlaoiḋ i n-Éirinn, conus mar ḃí sé ar a ḋá ġlúin, istiġ 'n-a ċábán, 'ġá iaraiḋ go cruaiḋ ar an Slánuiġṫeóir [ 328 ]Gléigeal gan an buaḋ do leigint le naṁaid an Ċreidiṁ. Ní raiḃ aon ṗioc d' ḟios an méid sin go léir ag na Loċlanaiġ, agus d'á ḃríġ sin níor ṫuigeadar cad fé ndeara dos na Gaeḋlaiḃ a leiṫéid de ṡeasaṁ a ḋéanaṁ sa ċaṫ agus bás do ġlacaḋ le n-a leiṫéid d' áṫas.

Do lean an cóṁrac gan sos gan staonaḋ gan laguġaḋ, agus ḃí an ġrian ag druidim, go ríġin, ċun a h-áite ar an spéir i meaḋan lae. Ḃí an bualaḋ agus an t-éirleaċ ċóṁ-ḋian, ba ḋóiċ le duine, ó ċeann ceann de'n maċaire. Ḃí na mná agus na mion-daoine ar na h-árdánaiḃ ag faire. Ḃí buairt agus eagla ag tusnuġaḋ ar ṫeaċt ar na mnáiḃ a ṫáinig ar na loingeas. Ní raiḃ aon ċoinne acu go leanfaḋ an caṫ ċóṁ fada, ná go seasóċ' na Gaeḋil an fód ċóṁ daingean. Ḃí a lán d'á ḃfearaiḃ féin, agus d'á macaiḃ, sínte marḃ ar an bpáirc. Ḃí ag dul 'n-a luiġe ar a n-aigne gur ḃaoġal ná raiḃ seilḃ i dtalaṁ na h-Éirean le fáġail acu ċóṁ saoráideaċ agus do ṁeasadar. Aċ do ġluais an cóṁrac agus ṡaṁluiġdar gur ag dul i ngéire agus i ndéine agus i dtruime a ḃí an ċaismirt, agus gan aon ċlóḋ lagaċair ná aon deaḃraṁ géille ar ṡlóiġtiḃ na nGaeḋal. Dá ndúnaḋ bean acu a súile an uair sin agus éisteaċt leis an ngleó, d' aireóċaḋ sí an ċoill ṁór tré ṫeine agus an lasair ag búirṫiġ agus an t-aḋmad ag cnagarnaiġ, agus d' aireóċaḋ sí mar a ḃéaḋ daċad míle fear agus daċad míle tuaġ acu agus iad ag gearaḋ na gcrann agus 'ġá leagaḋ!

Ḃí na crainn ag tuitim, na crainn ḃeaga ar dtúis agus ansan na crainn ṁóra, agus ní raiḃ aon taoḃ ag déanaṁ aon ġéille do'n taoḃ eile, nó má géilltí beagán ar taoḃ anois agus airís, do buaiḋtí an beagán san ṫar n-ais gan puínn ríġnis; agus ḃí an ġrian ag druidim siar. Ḃí ceó éigin oḋar ag eiriġe ó'n maċaire, agus ḃí an ġaoṫ ag séideaḋ an ċeóiḋ sin os cionn na ḃfear a ḃí ag troid, [ 329 ]agus isteaċ fé 'n dtír. Ceó fola ab eaḋ an ceó san. D' eiriġ, leis, as an maċaire, fuar-ḃalaiṫ grána trom, balaiṫ na fola. Ḃí an balaiṫ ċóṁ láidir, ċóṁ trom san go mb'éigin do ċuid des na mnáiḃ a ḃí ar na h-árdánaiḃ imṫeaċt. Nuair a ċuaiḋ an balaiṫ sin fúṫa d'iompuiġ a ngoile, ḃí an balaiṫ ċóṁ trom san. Aċ níor ċuir faoḃar ná fuil, ceó ná balaiṫ, ḟiaċaint ar luċt an ċóṁraic staonaḋ ó'n gcaṫ ar aon taoḃ. Ċomáineadar leó ag bualaḋ agus ag leagaḋ agus ag tuitim, an duaġ agus an saoṫar agus an cruaḋtan 'ġá dtnáṫaḋ agus an tart 'ġá losgaḋ, agus an ġrian ag druidim siar, go ríġin.

Tá tobar breaġ fíor-uisge sa ṁaċaire ar a raiḃ an cóṁrac ar siúḃal. Deirtear go dtéiḋeaḋ na taoisiġ Ġaeḋlaċa ċun an tobair sin, ó am go h-am, ċun a láṁ a ḋ' ḟuaraḋ sa n-uisge agus ċun díġe ḋ'ól, agus ansan go ḃfillidís ċun an ċóṁraic agus a lán neart acu. Ṫug na Loċlanaiġ fé ndeara an níḋ sin. Ḃí buiḋean ċosanta ag na Gaeḋlaiḃ ar an dtobar. Ṫáinig buiḋean Loċlanaċ ċun an tobair a ḃaint díoḃ. Do ṫroid an dá ḃuiḋean go fíoċṁar. Do loiteaḋ an tobar. Nuair a ṫáinig taoiseaċ Gaeḋlaċ ċuige ar ball ḃí sé lán d'ḟuil agus de ċré, agus na cuirp 'n-a gcruaċaiḃ air.

Ní ḟeadar féin conus ḟéad na fir Ġaeḋlaċa imṫeaċt ó'n gcaṫ ċun díġe ḋ' ól as an dtobar mura b' aṁlaiḋ a ḋeinidís uanuiġeaċt ar a ċéile. Pé rud a ḋeinidís do lean an t-éirleaċ gan sos gan staonaḋ, agus ḃí an ġrian ag druidim siar, go mall.

Isé Sígurd, Iarla Ínsí h-Orc, agus a ṡluaġ, a ḃí i ngleic leis na Conaċtaċaiḃ. I dteannta na gConaċtaċ a ḃí ceapaiṫe do Ṁ'lṡeaċlainn Ṁór seasaṁ. Nuair a ḋ'imṫiġ M'lṡeaċlainn agus a ḋeiċ gcéad as an gcaṫ d'ḟág sé easnaṁ mór agus leaṫ-láṁ mór ar na Conaċtaċaiḃ. Aċ do ṡeasaiṁ na Conaċtaiġ an cóṁrac, gan dul órlaċ i ndiaiġ a [ 330 ]gcúil, i gcaiṫeaṁ an lae go léir. Ṫug an dá ṡluaġ fé ndeara na gníoṁarṫa uaṫḃásaċa a ḋein Taḋg Mór ua Cealla i gcaiṫeaṁ an lae. Ṫug a lán des na fearaiḃ láidire a ḃí ar na Loċlanaiġ aġaiḋ air, i gcaiṫeaṁ an lae, aċ do ṫuit gaċ fear díoḃ le n-a láiṁ. Fé deire do ṫug Bruadar féin aġaiḋ air. Ḃí éide ana ċruaiḋ ar Ḃruadar. Ḃí a ṡleaġ i láiṁ Ṫaiḋg Ṁóir. Ṫug sé sáḋ de'n tsleaġ do Ḃruadar. Níor ċuaiḋ an tsleaġ tríd an éide aċ do caiṫeaḋ Bruadar siar ar fleasg a ḋroma, ḃí a leiṫéid sin de neart leis an sáḋ a tugaḋ dó. D'eiriġ sé agus ṫug sé foġaḋ eile fé Ṫaḋg. Do leagaḋ airís é ar an gcuma gcéadna. Ṫug sé an tríṁaḋ foġaḋ. Do baineaḋ an tríṁaḋ leagad as. D'eiriġ sé agus do riṫ sé isteaċ i gcoill a ḃí i n-aice na h-áite. Le n-a linn sin ṫáinig Sígurd i ngar do Ṫaḋg, agus sar a raiḃ uain ag Taḋg ar a ṡleaġ do ḃeartuġaḋ airís do ḃuail Sígurd sa ċeann é le tuaiġ. Do ṫuit Taḋg marḃ. Is ar éigin a ḃí sé ar lár nuair a ḃí Sígurd ar lár, ċóṁ marḃ leis, agus a ċeann agus a ċaḃail, síos go caol a ḋroma, sgoilte glan le buille ṫuaiġ ó Ṁurċaḋ. Ċonaic an dá ṡluaġ an buille sin. Do ḃrúiġ sluaġ Ṡíguird isteaċ ċun báis a ríġ do ḋíoġailt. Ḃí Dúlainn agus Caoilte agus Connla i n-aice Ṁurċaḋ. Do ḋruid na Conaċtaiġ amaċ 'n-a dteannta. Ḃí sluaġ Ṡíguird ag tuitim láiṫreaċ ċóṁ tiuġ agus do féadtí na buillí do ṫarang orṫa. Ċonaic beirt ṁac ríġ na h-Ioruaiḋe an t-éirleaċ san. Do riṫeadar araon fé ḋéin na h-áite. Le n-a linn sin ṫáinig Taḋg Óg ua Cealla ċun na h-áite 'n-a raiḃ a aṫair sínte. Ḃí bean ar a glúiniḃ ag ceann an aṫar agus a ċeann idir a ḋá láiṁ aici.

Ḃí Murċaḋ ag ruiṫ fé ḋéin na beirte a ḃí ag teaċt 'n-a ċoinniḃ. Ḃí na Conaċtaiġ ag déanaṁ an éirliġ ar ṁuintir Ṡíguird. Caroll Cnút an ċéad duine de'n ḃeirt a ṫáinig i gcoinniḃ Ṁurċaḋ. Do ṫuit Caroll láiṫreaċ fé ṫuaiġ [ 331 ]Ṁurċaḋ. Pé rud a ḃí imṫiġṫe ar láiṁ ḋeis Ṁurċaḋ ċaiṫ sé uaiḋ an tuaġ. Ṫáinig Anrud ċuige agus é ar buile mar ġeall ar ṁarḃuġaḋ a ḋriṫáir. Do ċosain Murċaḋ é féin air leis an gclaiḋeaṁ a ḃí n-a láiṁ ċlé aige. Ṫug sé únfairt éigin dó i dtreó gur leag sé é. Ansan do ċuir sé an claiḋeaṁ i gcoinniḃ a uċta féin agus a ḃara ar uċt Anruid agus do luiġ sé le n'uċt ar an gclaiḋeaṁ agus ċuir tré éide agus tré ċliaḃ Anruid é. Nuair a ċrom Murċaḋ ċuige sin do ṫug Anrud snap ar an sgiain a ḃí i gcrios Ṁurċaḋ. Do ṫaraing sé an sgian as a truail agus ṡáiḋ sé suas i n-uċt Ṁurċaḋ í, agus do ṫuit Murċaḋ anuas air.

An ḟaid a ḃí an méid sin ar siúḃal ḃí Taḋg Óg ua Cealla ag déanaṁ an éirliġ, i dteannta na gConaċtaċ, ar ṡluaġ Ṡíguird, agus díoġailt ḃáis a aṫar orṫa. Ḃí a aṫair sínte lastiar dé agus an ḃean ar a glúiniḃ agá ċeann. Cé 'léimfeaḋ ċuige amaċ a' lár an naṁad aċ Aṁlaoiḃ agus a ṫuaġ 'n-a láiṁ aige.

“Taḃarfad a ċeart féin do'n ḟaoḃar anois, a Ṫaiḋg!” arsa Aṁlaoiḃ, agus sar a raiḃ uain ag Taḋg ar an iongnaḋ a ṫáinig air do ċur dé ná ar aon ċosaint a ḋéanaṁ air féin, do ḃuail Aṁlaoiḃ sa ċeann é leis an dtuaiġ. Do ṫuit Taḋg. Ċóṁ luaṫ agus do ṫuit Taḋg cé ċífeaḋ Aṁlaoiḃ 'n-a seasaṁ ar a aġaiḋ amaċ aċ Niaṁ!

D'ḟeuċ an ḃeirt ar a ċéile. Níor ḃ' ionan an ḟeuċaint sin agus an ċéad ḟeuċaint úd a ṫug an ḃeirt ċéadna ar a ċéile. Pé rud a ċonaic Aṁlaoiḃ sa ċéad ḟeuċaint ċonaic sé sa tarna feuċaint rud éigin uaṫḃásaċ, rud éigin a ḃain a ṁeaḃair dé glan. Do ṫuit an t-arm as a láiṁ. Do leaṫ a ḃéal agus a ḋá ṡúil. D'iompuiġ sé ar a ṡáil agus do riṫ sé as an áit. Do riṫ sé i n-am agus ní raiḃ ann aċ san. Ḃí Connla díreaċ ag teaċt agus a ṫuaġ 'n-a láiṁ aige, tuaġ a ḃí ċóṁ dian ar na Loċlanaiġ an lá san le tuaiġ [ 332 ]Ṁurċaḋ féin. Nuair a riṫ Aṁlaoiḃ do riṫ Connla 'n-a ḋiaiġ.

Ḃí Aṁlaoiḃ ċóṁ cosṁail sin le Bruadar gur measaḋ go minic i gcaiṫeaṁ an lae gur ḃ'é Bruadar Aṁlaoiḃ agus gur ḃ'é Aṁlaoiḃ Bruadar. Do deineaḋ an dearṁad céadna go minic i gcaiṫeaṁ an lae i dtaoḃ Ṁurċaḋ agus Ċonnla, go mór mór nuair druideaḋ amaċ sa lá agus nuair a ḃí na fir go léir clúdaiḋṫe le fuil agus le salaċar i dtreó nár ḃ'ḟéidir a ḋ'ḟeisgint cé 'cu a ḃí féasóg ar ḋuine nó ná raiḃ.

Nuair a ċonaic an dá ṡluaġ an ḃeirt ag ruiṫ do buaileaḋ isteaċ láiṫraċ i n-aigne gaċ aoinne gur ḃ'é Bruadar a ḃí ag teiṫeaḋ agus gur ḃ'é Murċaḋ a ḃí ar a ṫóir. Nuair a ċonaic na Loċlanaiġ, dar leó, Bruadar ag teiṫeaḋ agus Murċaḋ ar a ṫóir d'iompuiġdar go léir agus do ṫeiṫeadar. D' eiriġ an liú ḟiaiġ ó-s na Gaeḋlaiḃ mór-ṫímpal i dtreó gur ċriṫ an maċaire fé ċosaiḃ na ḃfear. Nuair airiġ an deiċ gcéad a ḃí ag M'lṡeaċlainn an liú uaṫḃásaċ san níor ḟéadadar fanṁaint socair a ṫuille. Ḃí páirc ṫreaḃṫa idir iad agus an caṫ. Siúd amaċ iad, treasna na páirce agus siúd ar ṫóir na Loċlanaċ iad. Ḋeineadar obair ṁaiṫ, d'á ḋéanaiġe a ṫánadar. Mura mbéaḋ iad ní curfaí ar na Loċlanaiġ an t-ár uaṫḃásaċ a cuireaḋ orṫa. Ḃí na fir a ḃí sa ċóṁrac fan lae ró ḃuailte amaċ le tuirse, an méid díoḃ ná raiḃ cneaḋaċa go tiuġ orṫa agus mórán fola caillte acu.

Do ġluais an teiṫeaḋ agus an tóir agus an marḃuġaḋ. Ṫug na mná aġaiḋ ar na bádaiḃ ċun dul ar bórd na loingeas. Ċuaiḋ an iomad acu isteaċ ins gaċ bád. Ċóṁ luaṫ agus ḋruid na báid amaċ do ċuadar fé uisge agus do báṫaḋ na daoine a ḃí orṫa. Ṫug forṁór na ḃfear a ḃí ag teiṫeaḋ aġaiḋ ar ríġṫeiġlaċ Ṡitric i n-Áṫ Cliaṫ. Ḃí an Tulcain ar an slíġ rómpa, agus ḃí sí ana ḋoiṁinn, mar [ 333 ]ḃí an taoide lán um an dtaca san. Do báṫaḋ na céadta ḋíoḃ sa n-aḃainn sin.

Ḃí Gormḟlaiṫ agus Béibionn ṫuas ar ḃara an ríġṫeiġlaiġ. Ċonacadar an teiṫeaḋ agus an tóir.

“Measaim,” arsa Béibionn, “gur fearr na buanaiḋṫe atá ag obair anois 'ná iad súd a ḃí ag obair i dtusaċ an lae.”

Níor ḋein Gormḟlaiṫ aċ buille ḋorn a ṫaḃairt sa ḃéal di, agus cúpla fiacal a ḃaint aisti.