Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/326

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
322
NIAṀ

CAIBIDIOL XIV.

AN CAṪ.

Um an dtaca 'n-a raiḃ Brian socair 'n-a ċábán agus an luċt cosanta 'n-a ṫímpal ḃí an dá ṡluaġ i ngioraċt cúpla péirse ḋ'á ċéile. Do léim fear mór amaċ a' sluaġ na Loċlanaċ agus do laḃair sé.

“An ḃfuil Dóṁnall mac Éiṁin anso?” ar seisean.

“Tá sé anso,” arsa Dóṁnall ag teaċt amaċ a' sluaġ na nGaeḋal.

Ṫug an ḃeirt aġaiḋ ar a ċéile. Do ḃuail gaċ fear díoḃ aon ḃuille aṁáin ar an ḃfear eile agus do ṫuit an ḃeirt marḃ ar an ḃfód.

Ansan do séideaḋ na h-aḋarca ar gaċ taoḃ, do riṫ an dá ṡluaġ ċun a ċéile agus do ṫusnuiġ an t-éirleaċ. Ḃí solus na gréine ag neartuġaḋ agus ní raiḃ an solus ins na súiliḃ ar aon tsluaġ acu, mar ḃí an ġrian ag taiṫneaṁ anoir díreaċ, ar láiṁ ḋeis na Loċlanaċ agus ar láiṁ ċlé na nGaeḋal. I dtusaċ an ċóṁraic ní raiḃ puínn des na fearaiḃ ag tuitim ar aon taoḃ, mar ḃí an ċosaint ċóṁ maiṫ leis an mbualaḋ. Aon áit sa tímpal 'n-a raiḃ cnucán ná árdán ḃí mná agus daoine óga anáirde ar na h-árdánaiḃ ag faire ar an gcóṁrac. Níor ṁar a ċéile cóṁrac an uair sin agus cóṁrac anois. Ní ḟéadfaḋ aoinne dul i n-aon ġaor do ċóṁrac anois mar ġeall ar an arm teine. An uair sin d'ḟéadfaḋ mná agus mion-daoine teaċt aċamair go maiṫ do'n ċóṁrac. Ḃí mná na Loċlanaċ cruinniġṫe ins gaċ sórd áite 'n-ar ḟéadadar aon raḋarc a ḋ'ḟáġail ar an gcóṁrac. Do ċonacadar na claiḋṁte d'á gcasaḋ agus iad ag taiṫneaṁ sa ġréin. Ċonacadar