gaċ buille d'á ċosaint, le faoḃar nó le sgiaṫ, ċóṁ tiuġ agus do ṫagaḋ sé. D' airiġdar fuaim na mbuillí ar na sgiaṫiḃ ag sgreadaċ na ḃfaoḃar i gcoinniḃ a ċéile, agus guṫana árda na dtaoiseaċ ag laḃairt leis na fearaiḃ, agus dranntán na naṁad ċun a ċéile le linn na mbuillí do ḃualaḋ ḋóiḃ, agus do ṁeasg na fuaimeana san ar a ċéile ó ḋaċad míle naṁad, i dtreó dá ndúnaḋ duine a ṡúile agus éisteaċt leis na ngleic, gur ḋóiċ leis gur ċoill ṁór a ḃí tré ṫeine, agus an lasair ag búirṫiġ agus an t-aḋmad ag cnagarnaiġ le neart na teine.
Do lean an cóṁrac ar an gcuma san ar feaḋ aḃfad agus an ġrian ag druidim suas ar an spéir, agus is go h-ana ṁall a ḃí sí ag druidim suas. Ansan do ṫusnuiġ na fir ar ṫuitim. Ḃí saoṫar agus tuirse ag teaċt ar ċuid acu agus agus ḃí an ċosaint ag teip.
Maolmórḋa agus a Laiġneaċa isiad a ḃí aġaiḋ ar aġaiḋ le Dál gCais agus ḃí sluaġ ṁór des na Loċlanaiġ ag caḃruġaḋ leó.
Nuair a ḃíoḋ tuirse ag teaċt ar a naṁaid iseaḋ ba ġnáṫ le Dál gCais breis nirt agus breis fuinniṁ do ṫeaċt ionta. Ḃí san ag teaċt ionta an uair sin. Ḃí idir Laiġneaċa agus Loċlanaiġ ag tuitim fé n-a mbuilliḃ, agus ḃí an ċuid nár ṫuit díoḃ ag dul i ndiaiġ a gcúil, go ríġin. Ba ḋeacair iad do ċur i ndiaiġ a gcúil. Ḃí greim maiṫ acu ar an ḃfód.
Aċ ḃí Clann Ċais ábalta ar a ngreim a ḃogaḋ ó'n ḃfód. Ḃí Murċaḋ ann agus a ḋá ċlaiḋeaṁ aige, mar ba ġnáṫ, agus nuair a ṫugaḋ sé aġaiḋ ar ḟear do ṫuiteaḋ an fear san gan a ṫuille cáirde. Ḃí Dúlainn ann agus é ċóṁ tapaiḋ, ċóṁ marḃuiġṫeaċ leis an león. “Fear na mbuillí dtroma,” a ṫugaḋ na Loċlanaiġ air. Ḃí mac Ṁurċaḋ ann agus an dá ċlaiḋeaṁ aige, mar a ḃíoḋ agá aṫair. Dar leis na Loċlanaiġ ḃí sé ċóṁ h-olc le n' aṫair. Ní h-aiṫneófaí ó ċéile iad aċ gan an ḟéasóg a ḃeiṫ ar an mac.