Jump to content

Niamh/54

From Wikisource
181525Niamh — Rosg Catha BhriainPeadar Ua Laoghaire
[ 316 ]

CAIBIDIOL XIII.

ROSG CAṪA ḂRIAIN.

Ar eiriġe lae ar maidin Dé h-Aoine, ar maidin Aoine an Ċéasta, ḃí Béibionn agus Gormḟlaiṫ ṫuas i mbara ríġṫeiġlaiġ Ṡitric i n-Áṫ Cliaṫ, agus iad ag feuċaint anonn [ 317 ]treasna an ċuain ar an línte fada cábán. Ċonacadar na slóiġte go léir ag gluaiseaċt amaċ agus 'ġá gcur féin i n-eagar. Níor ḃ' ḟada go ḃfeacadar na h-íoḋna fada 'ġá riaraḋ féin, fan na tráġa, lasmuiċ des na cábánaiḃ.

Ċonacadar lasmuiċ airís, aḃfad amaċ, ar aġaiḋ na Loċlanaċ anonn, íoḋna eile 'ġá gcur féin i n-eagar, agus do ṫuig an ḃeirt rígan go raiḃ na h-íoḋna amuiċ ċóṁ fada, ċóṁ líonṁar, ċóṁ láidir ar gaċ aon tsaġas cuma, le h-íoḋnaiḃ na Loċlanaċ.

“Ní ṁeasaim go ḃfuil puínn sa mbreis ag aon taoḃ acu ar a ċéile i dtaoḃ nirt slóġ,” arsa Béibionn.

“Ní líonṁaire a ḋeinean neart i gcóṁnuíġe,” arsa Gormḟlaiṫ, “ná ní h-é a ḃeirean buaḋ.”

“Is fíor,” arsa Béibionn. “Dá ḃfeicinn-se m' aṫair agus Murċaḋ agus Dál gCais i láṫair caṫa agus a dtrí n-oiread nirt slóġ 'n-a gcoinniḃ ní ḃéaḋ aon eagal orm ná go mbéaḋ an buaḋ acu.”

“Fan leat go fóil,” arsa Gormḟlaiṫ, “go ḃfeicir luċt na n-éidí práis úd ṫall ag taḃairt aġaiḋ orṫa. Ansan iseaḋ ċífir cad a ḋéanfaiḋ Murċaḋ agus Clann Ċais.”

“Is fíor!” arsa Béibionn.

Ḃí na h-íoḋna caṫa, ó gaċ taoḃ, ag teaċt fé ḋéin a ċéile. Ḃí na Loċlanaiġ ag gluaiseaċt go h-ana réiḋ. D'órduiġ na ríġṫe agus na taoiseaċa ḋóiḃ siúḃal go réiḋ i dtreó ná béaḋ saoṫar orṫa nuair a ṫiocfaidís láṁ le láiṁ agus uċt le h-uċt leis an naṁaid. Ḃí íoḋna na nGaeḋal, leis, ag teaċt go réiḋ agus go stuamḋa.

Do h-órduiġeaḋ dos na Gaeḋlaiḃ stad. Do stadadar.

Nuair a ḃíodar 'n-a stad ṫáinig an t-Árdríġ amaċ os a gcóṁair agus é ar muin capail agus beirt ḟear ag ceann an ċapail agus greim acu ar an sriain. Ḃí a ċlaiḋeaṁ noċt anáirde ag an Árdríġ, 'n-a láiṁ ḋeis, an claiḋeaṁ a ḃí tar éis rian a ḃéil do ċur ar Loċlanaċaiḃ ins gaċ aon [ 318 ]ṗáirt de'n Ṁuṁain agus ins gaċ aon ṗáirt d'Éirinn. D' aiṫin an tsluaġ go léir an claiḋeaṁ san, agus nuair a ċonacadar anáirde é ṫugadar trí gárṫa molta dó féin agus do'n Árdríġ. Le linn na ngárṫa san a ṫaḃairt dóiḃ d' árduiġ gaċ fear a ċlaiḋeaṁ féin. Ḃí an ġrian díreaċ ag éiriġe. Do ṫaiṫn solus na gréine ar na claiḋṁtiḃ go léir agus iad anáirde, i dtreó gur ṁeas Béibionn agus Gormḟlaiṫ go raiḃ slóiġte Ḃriain tré ṫeine.

Do ṫóg Brian anáirde, 'n-a láiṁ ċlé, an Ċrois Ċéasta agus íoṁáġ an tSlánuiġṫeóra uirṫi. Ansan do cuireaḋ an capal ag siuḃal go réiḋ, fan na n-íoḋna, ar aġaiḋ na slóġ amaċ, agus do laḃair an t-Árdríġ mar seo:—

“A Ċlanna Gaeḋal, a ríogra Éirean, táimíd go léir le tamal maiṫ 'ġár n-ollaṁuġaḋ féin i gcóir an lae seo. Tá aon níḋ aṁáin socair againn agus measaim gur fearr d' ollaṁuġaḋ é 'ná aon ollaṁuġaḋ eile atá déanta againn. Tá socair ag gaċ fear againn gur b'é an lá indiu lá a ḃáis féin pé taoḃ ar a mbeiḋ buaḋ. Má's ag ár naṁaid a ḃeiḋ buaḋ ní ḃeiḋ a smaċt orainne, mar ní ḃeimíd beó acu ċuige. Má's againne a ḃeiḋ buaḋ an lae seo bíoḋ a ṫoraḋ ag an muintir atá i n-ár ndiaiġ sa ḃaile.

“An t-é go ḃfuil socair i n' aigne aige ar ḃás d'ḟáġail sa ċaṫ so atá le troid againn ní baoġal go n-iompóċaiḋ sé ó'n gcaṫ. Dá mba ná béaḋ aon níḋ eile ċun buaḋ do ċur i n-áiriġṫe ḋúinn, cuirfiḋ san i n-airiġṫe ḋúinn é. Dá mbéaḋ ḟios ag an naṁaid go ḃfuil ár n-aigne socair mar sin againne ní ró ṁór an misneaċ a ḃéaḋ anois orṫa. Ġeóḃaid siad amaċ ar ball é.”

Do laḃair sé focal fé leiṫ le gaċ ríġ agus le gaċ cineil fé mar a ṫáinig sé ar a n-aġaiḋ amaċ, focal éigin a ċuir a n-uaisleaċt féin agus a gcróḋaċt i gcuiṁne ḋóiḃ, agus conus mar a ḃí Dia agus daoine ag faire ar an gcuma 'n-a ndéanfaidís gníoṁ an lae a ḃí rómpa. Nuair a ṫáinig sé ar aġaiḋ Dál gCais, dúḃairt sé:— [ 319 ]“A Ċlann Ċais, a ṡlioċt ríoga! A ṁuintir na n-arm ngéar agus na gcruaḋ-láṁ, nár staon agus nár stríoc do naṁaid fós riaṁ, i gcaṫ d'á ṫruime, i n-éigin d'á ġéire, i spéirlinn d'á ḋéine, mo ṡeasaṁ indiu oraiḃ!”

Ansan d' árduiġ sé a ġlór agus do ṡeinn a ġuṫ mar a ṡeinnfeaḋ fuaim aḋairce, i dtreó gur h-airiġeaḋ agus gur tuigeaḋ an uile ḟocal uaiḋ ó ċeann ceann de'n ṁór- ṡluaġ:—

“Feuċ ansúd iad!” ar seisean, ag síneaḋ a ċlaiḋiṁ i dtreó na Loċlanaċ, “cruinniġṫe cnuasta os ḃúr gcóṁair. Tá rian ḃúr láṁ go daingean ċeana orṫa. Ní ṫugan san ciall dóiḃ. Is minic le fiċe bliain a ċuireaḃair-se anaiṫe agus teiṫeaḋ agus ár agus dearg-ruaṫar orṫa, ar fuid réiḋṫe agus gleannta agus maċairí Éirean. Is mór d'á gcuid fola agus feóla atá ag cur geaṁair agus féir ġlais agus fás i n-Éirinn indiu. Go dtí so ba ċuma iad nó corṁíola; d'á ṁéid a marḃuiġtí ḋíoḃ ní saṁluiġtí easnaṁ ná laiġead orṫa. Is fada sinn cráiḋte acu, iad ag faire ar ár gcuantaiḃ agus ar ár mbailtiḃ puirt, ag preabaḋ ċuġainn isteaċ nuair ná bíoḋ coinne leó, ag braduíol agus ag sgiobaḋ agus ag cosgar. Is minic a leigeaḋ as iad agus croċ tuillte acu. B'é a mbuiḋċas teaċt airís agus feall níba ṁeasa do ḋéanaṁ. An fada a cuirfear suas leis an obair sin? Is dóċa gur dóiċ leó go leigfear as indiu iad mar a leigeaḋ ċóṁ minic ċeana. Bíoḋ san de ḋearṁad orṫa, a ċlann ó! Ná téiḋeaḋ fear innste sgéil aḃaile ḋíoḃ! Níor cuireaḋ fios orṫa. Do ṫánadar uaṫa féin. Is minic a dúḃraḋ leó go dtiocfaidís agus ná h-imṫeóċaidís. Deintear deiṁin indiu dé ḋóiḃ. An aṁlaiḋ a ċeapadar ná raiḃ aoinne 'n-a ċóṁnuiġe ar an oileán so? Má deineadar dearṁad bíoḋ orṫa féin anois.

“Tá aon ṁaiṫ aṁáin sa dearṁad atá déanta acu. Do ṫánadar go léir. Feuċaiḋ, a ċlann ó, feuċ an tsloigisg [ 320 ]sin. Tá ‘an ċráin 's a h-ál go léir’ ansan agaiḃ. Tá a ḃfuil beó de ċlannaiḃ Loċlan ansan agaiḃ. Táid siad bailiġṫe ansan agaiḃ ó Ḃreatain agus ó Ṡasana, ó Albain agus adtuaiḋ ó-s na h-oileánaiḃ, anall ó Ṁanain agus anoir ó ċríoċaiḃ Danmarg agus ó riasgaiḃ na h-Ioruaiḋe. Ní'l a ṫuille 'n-a ndiaiġ sa ḃaile gur fiú iad d'áireaṁ. Múċaiḋ an saṫa san indiu, agus tá deire le réim Loċlan go bráṫ na breiṫe!”

Le n-a linn sin do ċonacadar go léir M'lṡeaċlainn agus a ḋeiċ gcéad fear ag imṫeaċt as a n-inead. Dúḃairt Brian:—

“Cím cuid agaiḃ ag aṁarc anonn treasna na páirce sin. Ní maiṫ an raḋarc atá le feisgint ann. Is mairg do Ṁ'lṡeaċlainn, díreaċ mar is mairg do Ṁac Giolla Pádraig agus d'á Laiġniḃ, caismirt an lae indiu do ṡeaċnaḋ. Déanfar gníoṁ an lae indiu gan a gcaḃair. Béarfar buaḋ an lae indiu os cóṁair a súl agus gan iad páirteaċ ann. Beiḋ san de ṁasla agus de ġuiṫ ar a gclú agus ar a gcáil an dá lá 's an ḟaid a ḃeiḋ grian ar spéir agus daoine ar talaṁ.

“Tá cuid d'ár muintir féin amuiċ uainn. Ná bac san. Tá oiread againn anso agus ṡocaróċaiḋ cúntas leis an sloigisg sin ṫall. Is cúntas fada é. Is miṫid é ṡocaruġaḋ. Anois an t-am ċun é ṡocaruġaḋ. Isiad ár naṁaid iad. Isiad naṁaid ár gCreidiṁ iad. Tá rian na teine ar eaglaisíḃ agus ar ṁainistríḃ Éirean 'n-a ndiaiġ. Beiḋ láṁ Dé linn 'ġá ḋíoġalt san indiu orṫa.

“Cad é an lá é seo indiu againn? Indiu an Aoine. Is í Aoine an Ċéasda féin í,” agus d'árduiġ sé an Ċrois Ċéasda i raḋarc an tslóiġ go léir. “I gcuiṁneaṁ an lae indiu,” ar seisean, “iseaḋ d'ḟuiling ár Slánuiġṫeóir Íosa Críost bás ar ċrann na Croise ċun an Ċreidiṁ do ċur ar bun. Táimíd-ne anso indiu ag taḃairt aġaiḋ ar an mbás [ 321 ]ċun an Ċreidiṁ do ċosnaṁ. An dóiċ leat ná go mbeiḋ láṁ ċóṁaċtaċ an tSlánuiġṫeóra linn sa ġleó? An dóiċ leat ná go mbeiḋ meanmna ó Ḋia indiu i gcroíḋe gaċ fir a ṫaḃarfaiḋ aġaiḋ ar an naṁaid sin? Beiḋ; agus má's anso atá fód ár mbáis beiḋ bás an tSlánuiġṫeóra féin mar urúḋas againn air go raġaiḋ ár n-anam saor ó'n ḃfód so go Flaṫas na ngrást.”

Ansan d'eiriġ a ġlór níob' aoirde agus níba ḃinne:—

“Gaḃaiḋ ċúċa, a ċlann ó, i n-ainim Dé agus Ṁuire. Tugaiḋ an faoḃar dóiḃ. Gaḃaiḋ do ċosaiḃ ionta! Ní h-é an ċéad uair agaiḃ é. Ná téiḋeaḋ aon ṁac máṫar acu beó uaiḃ. Ná cuiriḋ suim 'n-a gcótaiḃ iarainn. Cótaí troma iseaḋ iad. Tá aon ṁaiṫ aṁáin ionta; coimeádfaid siad na fir daoiḃ-se ċun na gceann a ḃaint díoḃ. Do ṫánadar ċun fanṁaint. Fanaidis, i n-ainim Dé. Tá slíġ fé'n ḃfód anso ḋóiḃ. Tugtar dóiḃ é go fial!”

Ansan do laḃair sé le Dál gCais:—

“A ċlann ó, a óga mo ċroíḋe, a ċine uasal! Is maiṫ is eól dóṁ-sa ḃúr ngníoṁ. Feiceam an gníoṁ san indiu uaiḃ, agus geallfad daoiḃ go mairfiḋ a ṫoraḋ agus a ċlú an ḟaid a ḃeiḋ uisge ag ruiṫ agus féar ag fás i n-Éirinn!”

Um an dtaca 'n-a raiḃ an méid sin cainte déanta ag Brian ḃí an naṁaid ag teaċt i gcóṁngar. Ṫáinig Taḋg Mór ua Cealla agus Murċaḋ agus tuille des na ríġṫiḃ, agus cuireadar ḟiaċaiḃ ar Ḃrian dul agus fanṁaint 'n-a ċábán, mar go raiḃ sé ró aosta ċun dul sa ċaṫ, agus dá dtuiteaḋ sé sa ċaṫ go gcuirfeaḋ san misneaċ ar an naṁaid. Ḋein sé rud orṫa, agus do cuireaḋ luċt cosanta tímpal ar an gcábán.