Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/323

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
319
NIAṀ

“A Ċlann Ċais, a ṡlioċt ríoga! A ṁuintir na n-arm ngéar agus na gcruaḋ-láṁ, nár staon agus nár stríoc do naṁaid fós riaṁ, i gcaṫ d'á ṫruime, i n-éigin d'á ġéire, i spéirlinn d'á ḋéine, mo ṡeasaṁ indiu oraiḃ!”

Ansan d' árduiġ sé a ġlór agus do ṡeinn a ġuṫ mar a ṡeinnfeaḋ fuaim aḋairce, i dtreó gur h-airiġeaḋ agus gur tuigeaḋ an uile ḟocal uaiḋ ó ċeann ceann de'n ṁór- ṡluaġ:—

“Feuċ ansúd iad!” ar seisean, ag síneaḋ a ċlaiḋiṁ i dtreó na Loċlanaċ, “cruinniġṫe cnuasta os ḃúr gcóṁair. Tá rian ḃúr láṁ go daingean ċeana orṫa. Ní ṫugan san ciall dóiḃ. Is minic le fiċe bliain a ċuireaḃair-se anaiṫe agus teiṫeaḋ agus ár agus dearg-ruaṫar orṫa, ar fuid réiḋṫe agus gleannta agus maċairí Éirean. Is mór d'á gcuid fola agus feóla atá ag cur geaṁair agus féir ġlais agus fás i n-Éirinn indiu. Go dtí so ba ċuma iad nó corṁíola; d'á ṁéid a marḃuiġtí ḋíoḃ ní saṁluiġtí easnaṁ ná laiġead orṫa. Is fada sinn cráiḋte acu, iad ag faire ar ár gcuantaiḃ agus ar ár mbailtiḃ puirt, ag preabaḋ ċuġainn isteaċ nuair ná bíoḋ coinne leó, ag braduíol agus ag sgiobaḋ agus ag cosgar. Is minic a leigeaḋ as iad agus croċ tuillte acu. B'é a mbuiḋċas teaċt airís agus feall níba ṁeasa do ḋéanaṁ. An fada a cuirfear suas leis an obair sin? Is dóċa gur dóiċ leó go leigfear as indiu iad mar a leigeaḋ ċóṁ minic ċeana. Bíoḋ san de ḋearṁad orṫa, a ċlann ó! Ná téiḋeaḋ fear innste sgéil aḃaile ḋíoḃ! Níor cuireaḋ fios orṫa. Do ṫánadar uaṫa féin. Is minic a dúḃraḋ leó go dtiocfaidís agus ná h-imṫeóċaidís. Deintear deiṁin indiu dé ḋóiḃ. An aṁlaiḋ a ċeapadar ná raiḃ aoinne 'n-a ċóṁnuiġe ar an oileán so? Má deineadar dearṁad bíoḋ orṫa féin anois.

“Tá aon ṁaiṫ aṁáin sa dearṁad atá déanta acu. Do ṫánadar go léir. Feuċaiḋ, a ċlann ó, feuċ an tsloigisg