“Ar ṫánamair i dtreó go ḃfaġaḋ an t-Iarla iad?” arsa Cnút.
“Ní ṁeasaim gur ṫánamair,” arsa Anrud.
“Ar ṫánamair ċun Árdríġ ḋéanaṁ de Ṡitric?” arsa Cnút.
“Ní ṁeasaim é,” arsa Anrud. “Ní cneasta an ḟeuċaint a ṫaḃarfaḋ ár n-aṫair orainn nuair a raiġmís aḃaile dá mba ná béaḋ de ḃár ár gcuarda againn aċ Árdríġ ḋéanaṁ de Ṡitric,” ar seisean. “Aċ cad 'tá beartuiġṫe agat?”
“Neósfad-sa san duit,” arsa Cnút. “Tá sé daingean am' aigne, ċóṁ luaṫ agus ḃeiḋ buaiḋte againn ar ṁór- ṡluaġ Ḃriain go n-eireóċaid na ríġṫe seo go léir ċun a ċéile agus go mbeiḋ sé 'n-a ċogaḋ ḋearg eatarṫa. Leigimís dóiḃ a ċéile do ḋísgiuġaḋ, agus ansan bíoḋ Éire againn féin!”
“Is maiṫ an ċóṁairle í,” arsa Anrud. “Nuair a ḃeiḋ Éire againn féin tiocfaiḋ m' aṫair anall agus déanfaimíd Árdríġ ḋé.”
“Ṫar a ḃfeacaís riaṁ!” arsa Cnút.
Níor ċodail an ḃeirt sin puínn an oíḋċe sin aċ ag socaruġaḋ an sgéil sin, agus ṡocaruiġdar é ċun a dtoile go h-áluinn.
CAIBIDIOL XIII.
ROSG CAṪA ḂRIAIN.
Ar eiriġe lae ar maidin Dé h-Aoine, ar maidin Aoine an Ċéasta, ḃí Béibionn agus Gormḟlaiṫ ṫuas i mbara ríġṫeiġlaiġ Ṡitric i n-Áṫ Cliaṫ, agus iad ag feuċaint anonn