Niamh/53

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Daoine ciallmhara ag feuchaint rómpa amach
[ 310 ]

CAIBIDIOL XII.

DAOINE CIALLṀARA AG FEUĊAINT RÓMPA AMAĊ.

Dá ṁéid a ḃí deiṁne ag Bruadar agus ag Aṁlaoiḃ, agus ag an gcuid eile acu, ar ḃuaċtaint sa ṁór-ċaṫ a ḃí ag teaċt, iseaḋ ba ṁó a ḃíodar ag feuċaint rómpa amaċ agus ag cuiṁneaṁ ar na neiṫiḃ a ḋéanfaidís tar éis an ċaṫa.

Do laḃair Aṁlaoiḃ le Bruadar.

“A leiṫéid seo, a ríġ,” ar seisean. Is tusa a ḃeiḋ i n-Árdríġeaċt na h-Éirean tar éis an caṫa so.”

“B'ḟéidir é,” arsa Bruadar, “aċ cá ḃ'ḟios duit-se sin?”

“Táim deiṁniġṫeaċ dé,” arsa Aṁlaoiḃ. “Do ġeall [ 311 ]Sitric duit go dtaḃarfaḋ sé mo ṁáṫair duit. Ní foláir dó an ġeallaṁaint sin do ṡeasaṁ. Ansan, an t-é go mbeiḋ an Árdrígan aige beiḋ an Árdríġeaċt aige.”

“Ṁeasas,” arsa Bruadar, “gur ċun na h-Árdríġ- eaċta ṫaḃairt do Ṡitric a tusnuiġeaḋ an obair seo ar dtúis.”

“Ṁeasas-sa, leis, é,” arsa Aṁlaoiḃ, “aċ measaim rud eile anois. Ċím aṫaruġaḋ ar aigne mo ṁáṫar ó ṫusnuiġ na slóiġte móra so ar ċruinniú' fé n-a súil. Ní déarfainn ná go ḃfuil ḟios agat féin, a ríġ, gur duit a taḃarfar an Árdríġeaċt, agus náċ indiu ná indé do ṫusnuiġis ar a ḟios a ḃeiṫ agat.”

“Nár geallaḋ Árdrígan agus Árdríġeaċt do'n Iarla?” arsa Bruadar.

“Ní ceist ag lorg eóluis í sin, a ríġ,” arsa Aṁlaoiḃ. “Tá freagra na ceiste sin agat féin ċeana agus ní gáḋ ḋóṁ-sa í ḟreagairt duit.”

“Is fíor, a ṁic ó,” arsa Bruadar, “aċ cad 'tá uait? Tá ḟios agam go dteastuiġean uait níḋ éigin a ḋ'iaraiḋ orm nuair a ḃéad am' Árdríġ, agus gur maiṫ leat an níḋ sin do ċur i n-áiriġṫe ḋuit féin roim ré.”

“Siné díreaċ a ṫeastuiġean uaim, a ríġ,” arsa Aṁlaoiḃ.

“Tá go maiṫ. Comáin leat. Aċ ba ḋóiċ liom, ó 'tá ḟios agat anois cé h-é ṫu, go dtuigfeá ad' aigne ná fuil aon ġáḋ leis an gcur i n-áiriġṫe roim ré. Aċ comáin leat;” arsa Bruadar.

“Nuair a ḃíos-sa i n-Inis Caṫaiġ,” arsa Aṁlaoiḃ, “ċuireas aiṫne ann ar ṁac do Ṫaḋg Ṁór ua Ċealla. Tá aiṫne agat ar Ṫaḋg Ṁór ua Ċealla.”

“Tá. An fear so adeirtear atá níos treise agus níos cróḋa 'ná Murċaḋ féin,” arsa Bruadar.

“Siné é,” arsa Aṁlaoiḃ. “Ċuireas aiṫne ar a ṁac. Buaċail boċt símpliḋe iseaḋ é. Aċ do ċuaḋmair ar [ 312 ]ċuaird óṫuaiḋ go h-Uíḃ Máine, go ríġṫeiġlaċ Ṫaiḋg Ṁóir. Ċonac rígan óg ansan, inġean do Ṫaḋg Ṁór. Niaṁ a tugtí uirṫi. Ní ḟeacaiḋ mo ḋá ṡúil riaṁ roimis sin, ná ó ṡin, aon níḋ i rioċt duine ċóṁ h-áluinn léi. Ṁeasas gur ḃain a h-áilneaċt mo raḋarc díom. Aċ sa n-am gcéadna, ar an gcéad aṁarc, do buaileaḋ isteaċ am' aigne go raiḃ sí go h-olc. Ní h-í a ḃí go h-olc aċ mise. Ṫáinig sí go Ceann Cora 'n-a ḋiaiġ san ċun ḃeiṫ ag faire ar mo ṁáṫair le h-eagla go dtaḃarfaḋ sí niṁ do Ḃrian. Ċuir mo ṁáṫair aiṫne uirṫi. Ḃíos ag caint le m' ṁáṫair uair, i gcaiṫeaṁ na h-aimsire 'n-a raiḃ Brian ar a ċuaird ríġ. Dúḃairt sí liom go raiḃ dearṁad mór déanta agam i dtaoḃ Niaṁ. Ṫuigeas gur ḃ' ḟíor di é. Do ċaiṫeas a ġeallaṁaint di dá n-eiriġeaḋ ár n-obair linn go bpósfainn Niaṁ.”

“An ndúḃairt sí leat,” arsa Bruadar, “go bpósfaḋ Niaṁ ṫu?”

“Táim féin deiṁniġṫeaċ, ó'n gcéad aṁarc úd, go bpósfaiḋ. Isé rud atá agam le h-iaraiḋ ort, nuair a ḃéir- se i n-Árdríġeaċt na h-Éirean, go dtaḃarfair ríġe Conaċt dóṁ-sa agus do Niaṁ.”

“Ambasa, a ṁic ó,” arsa Bruadar, “taḃarfad agus fáilte. Taḃarfad ríġe Conaċt duit pé 'cu ṫógfaiḋ sí ṫu nó ná tógfaiḋ.”

I n-áit eile, sa ṁór-ṡluaġ ċéadna, ḃí beirt eile agus iad ag feuċaint rómpa ar an gcuma gcéadna agus iad ag socaruġaḋ neiṫe go h-áluinn, dar leó. B'iad beirt iad san 'ná Maolmórḋa agus Sitric. Níor ró ḟuiriste do Ṡitric neiṫe do ṡocaruġaḋ i gcóṁairle le Maolmórḋa mar fear ró ḃaoṫ, ró ḃéalsgaoilte, ab eaḋ Maolmórḋa, agus ní féadfaí aon eólus a ṫaḃairt dó aċ eólus nar ṁiste a leigint amaċ.

“Is dóċa, a ríġ,” arsa Sitric le Maolmórḋa, “ná fuil [ 313 ]aon teip ná go mbuaḋfaimíd sa ċaṫ so atá le troid Dé h-Aoine.”

“Ní'l, a ṁic ó,” arsa Maolmórḋa. “Ní ḟéadfaḋ a ḃeiṫ. Ċuirfeaḋ an deiċ gcéad fear so ins na h-éidíḃ práis i n-áiriġṫe ḋúinn é dá mba ná béaḋ aon níḋ eile ċun é ċur i n-áiriġṫe ḋúinn. Aċ tá a lán neiṫe ċun é ċur i n-áiriġṫe ḋúinn. Airiġim-se go ḃfuil socair ag M'lṡeaċlainn Mór ar ṫarang siar ó'n gcaṫ ċóṁ luaṫ agus ṫusnóċaiḋ an caṫ. Ní h-aon iongnaḋ i n-aon ċor go mbéaḋ socair aige ar a leiṫéid.”

“Agus cad 'n-a ṫaoḃ nár ḟan sé ṫiar sa ḃaile agus gan teaċt i n-aon ċor, fé mar a ḋ' ḟan tuille acu?” arsa Sitric.

“D'ḟanfaḋ, leis, aċ go ḃfuil socair aige ar níos mó díoḃála ḋéanaṁ do Ḃrian 'ná mar a ḋéanfaḋ sé ḋó dá ḃfanaḋ sé ṫiar sa ḃaile,” arsa Maolmórḋa.

“Agus cad é an díoḃáil eile atá beartuiġṫe aige a ḋéanaṁ?” arsa Sitric.

“Tá sé ag braṫ air go mbéarfaiḋ sé leis as an gcaṫ beirt nó triúr eile des na ríġṫiḃ atá dílis fós do Ḃrian. Ní ḟéadfaḋ ríġ na nDéiseaċ aon ġráḋ ró ṁór a ḃeiṫ aige do Ḃrian; ná ríġ Ua n-Eaċac Múṁan; ná tuille acu,” arsa Maolmórḋa.

“Agus cogar, a ríġ,” arsa Sitric, “cad is dóiċ leat a ḋéanfaiḋ mo ṁáṫair tar éis an ċaṫa?”

“Cad a ḋéanfaḋ sí,” arsa Maolmórḋa, “aċ an rud atá geallta aici ó ṫusaċ, tusa ċur sa n-Árdríġeaċt?”

“Mura dtiocfaḋ aon luċt droċ ċóṁairle ċúiċi a ċuirfeaḋ suas í ċun a h-aigne d' aṫaruġaḋ,” arsa Sitric.

“Cé h-é an droċ ċóṁairleóir a ḋ' ḟéadfaḋ í ċur suas ċun a h-aigne ḋ' aṫarú?” arsa Maolmórḋa.

“Ní ḟeadar an doṁan, a ríġ,” arsa Sitric, “aċ tá raint neiṫe agam 'á ṫaḃairt fé ndeara le déanaiġe agus ba ró [ 314 ]ṁaiṫ liom do ċóṁairle-se ḋ' ḟáġail 'n-a dtaoḃ. B'ḟéidir go ḃfuil an éagcóir agam. Má tá 'sin mar is fearr é. Aċ ní ḋéanfaiḋ do ċóṁairle-se aon díoḃáil dom pé 'cu tá an éagcóir agam nó ná fuil.”

“Cad tá agat d'á ṫaḃairt fé ndeara?” arsa Maol- mórḋa.

“Tá so agam 'á ṫaḃairt fé ndeara,” arsa Sitric. “I dtusaċ na h-oibre seo is dóṁ-sa a ṫugaḋ sí an ċuid ba ṁó d'á h-aigne. Am' ċóṁairle-se a ċuireaḋ sí gaċ aon rud, go mór mór na neiṫe ba ṁó a ḋeineaḋ buairt di. Ansan, fé mar a ġluais an aimsir, ḃíoḋ an triúr againn i n-aonḟeaċt ins gaċ cóṁairle, mise agus Aṁlaoiḃ agus í féin. Táim 'á ṫaḃairt fé ndeara le déanaiġe gur d' Aṁlaoiḃ a ṫugan sí a h-aigne ar fad. Nuair a ċuir sí óṫuaiḋ mé ċun a ḋ'iaraiḋ ar Ḃruadar teaċt agus a neart slóġ ṫaḃairt leis, duḃairt sí liom a ġeallaṁaint dó, dá mba rud é ná cuirfeaḋ aon rud eile ḟiaċaint air teaċt, a ġeallaṁaint dó go dtaḃarfainn í féin dó agus Árdríġeaċt na h-Éirean, dá mbeirimís buaḋ. Ṁeasas an uair sin ná raiḃ ins na geallaṁnaiḃ aċ neaṁníḋ. Is eagal liom anois náċ neaṁníḋ i n-aon ċor iad. Agus is eagal liom go ḃfuil 'ḟios ag Aṁlaoiḃ náċ neaṁníḋ iad.”

“Ó 'seaḋ!” arsa Maolmórḋa, “agus go ḃfuil Aṁlaoiḃ ag caḃruġaḋ le Bruadar sa n-obair!”

“Ḃuailis do ṁéar air, a ríġ,” arsa Sitric.

“Tá go maiṫ, a ṁic ó,” arsa Maolmórḋa. “Is maiṫ a ḋeinis an méid sin a ḋ'innsint dom. Ná leig an níḋ ort leó. Nuair a ḃeiḋ an ruagairt curṫa againn ar ṡlóiġtiḃ Ḃriain iompó'míd araon, tusa agus mise, ar ṡluaġ Ḃruadair, agus dísgeó'míd iad. Ansan ní ḃeiḋ aoinne ċun teaċt idir ṫusa agus an Árdríġeaċt.”

Ṡocaruiġdar an méid sin ċun a dtoile go h-áluinn. Nuair a ḃí an socaruġaḋ déanta acu, áṁṫaċ, ḃí socaruġaḋ nár ḃ'é i n' aigne féin ag gaċ duine acu.

[ 315 ]“Is agam-sa féin a ḃeiḋ an Árdríġeaċt i ndeire bára, agus ní h-agat-sa ná ag Bruadar!” arsa Maolmórḋa, i n' aigne féin.

“Ní h-aon iontaoiḃ tu, a ḋriṫáir mo ṁáṫar,” arsa Sitric, i n' aigne féin. “Ní'l agam,” ar seisean, “aċ an úsáid is fearr a ḋ'ḟéadfad, a ḋéanaṁ díot, agus ansan — mé féin do ṡeaċaint ort ċóṁ maiṫ agus d' ḟéadfad é!”

Ḃí beirt eile i n-áit eile, sa ṁór-ṡluaġ, agus ḃí caint eatarṫa, leis. B' iad beirt iad san 'ná Cnút agus Anrud, beirt ṁac ríġ na h-Ioruaiḋe.

“Ar airiġis, a ḋriṫáir,” arsa Cnút, “cé 'tá le ḃeiṫ i n' Árdríġ ar Éirinn i ndiaiġ an ċaṫa so a troidfear Dé h-Aoine?”

“D' airiġeas a lán ráflaí,” arsa Anrud, “aċ ní ḟeadar an ceart puínn suime ċur ionta. D'airiġeas ar dtúis gur do Ḃruadar a taḃarfaí an Árdríġeaċt agus an Árdrígan. D'airiġeas ansan gur do Ṡitric, ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ, a taḃarfaí an Árdríġeaċt. Aċ tá muintir an Iarla deiṁniġṫeaċ gur b'é an t-Iarla a ḃeiḋ i n'Árdríġ; gur ġeall Sitric an Árdríġeaċt agus an Árdrígan i n-aon- ḟeaċt dó.”

“Tá an sgéal go léir cruinn agat,” arsa Cnút. “Is léir, as na ráflaíḃ sin ná fuiltear socair i gceart ar cé aige go mbeiḋ an Árdríġeaċt.”

“Is fíor san, a ḋriṫáir,” arsa Anrud, “aċ cad é sin dúinne cé 'cu atáṫar socair air nó ná fuiltear?”

“Is mórán neiṫe ḋúinn é,” arsa Cnút. “Ar ṫánamair- ne anso, sinn féin agus ár mór-ṡluaġ, tar éis mórán costais do ċur ar ár dtír féin, treasna faraigí fuara, ċun ár n-anama ḋ' imirt i ḃfrioṫġuin ċaṫa, i gcoinniḃ Ḃriain agus Dál gCais, i dtreó go ḃfaġaḋ Bruadar Árdríġeaċt agus Árdrígan?”

“Ní ṁeasaim gur ċuige sin a ṫánamair,” arsa Anrud.

[ 316 ]“Ar ṫánamair i dtreó go ḃfaġaḋ an t-Iarla iad?” arsa Cnút.

“Ní ṁeasaim gur ṫánamair,” arsa Anrud.

“Ar ṫánamair ċun Árdríġ ḋéanaṁ de Ṡitric?” arsa Cnút.

“Ní ṁeasaim é,” arsa Anrud. “Ní cneasta an ḟeuċaint a ṫaḃarfaḋ ár n-aṫair orainn nuair a raiġmís aḃaile dá mba ná béaḋ de ḃár ár gcuarda againn aċ Árdríġ ḋéanaṁ de Ṡitric,” ar seisean. “Aċ cad 'tá beartuiġṫe agat?”

“Neósfad-sa san duit,” arsa Cnút. “Tá sé daingean am' aigne, ċóṁ luaṫ agus ḃeiḋ buaiḋte againn ar ṁór- ṡluaġ Ḃriain go n-eireóċaid na ríġṫe seo go léir ċun a ċéile agus go mbeiḋ sé 'n-a ċogaḋ ḋearg eatarṫa. Leigimís dóiḃ a ċéile do ḋísgiuġaḋ, agus ansan bíoḋ Éire againn féin!”

“Is maiṫ an ċóṁairle í,” arsa Anrud. “Nuair a ḃeiḋ Éire againn féin tiocfaiḋ m' aṫair anall agus déanfaimíd Árdríġ ḋé.”

“Ṫar a ḃfeacaís riaṁ!” arsa Cnút.

Níor ċodail an ḃeirt sin puínn an oíḋċe sin aċ ag socaruġaḋ an sgéil sin, agus ṡocaruiġdar é ċun a dtoile go h-áluinn.