Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/318

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
314
NIAṀ

ṁaiṫ liom do ċóṁairle-se ḋ' ḟáġail 'n-a dtaoḃ. B'ḟéidir go ḃfuil an éagcóir agam. Má tá 'sin mar is fearr é. Aċ ní ḋéanfaiḋ do ċóṁairle-se aon díoḃáil dom pé 'cu tá an éagcóir agam nó ná fuil.”

“Cad tá agat d'á ṫaḃairt fé ndeara?” arsa Maol- mórḋa.

“Tá so agam 'á ṫaḃairt fé ndeara,” arsa Sitric. “I dtusaċ na h-oibre seo is dóṁ-sa a ṫugaḋ sí an ċuid ba ṁó d'á h-aigne. Am' ċóṁairle-se a ċuireaḋ sí gaċ aon rud, go mór mór na neiṫe ba ṁó a ḋeineaḋ buairt di. Ansan, fé mar a ġluais an aimsir, ḃíoḋ an triúr againn i n-aonḟeaċt ins gaċ cóṁairle, mise agus Aṁlaoiḃ agus í féin. Táim 'á ṫaḃairt fé ndeara le déanaiġe gur d' Aṁlaoiḃ a ṫugan sí a h-aigne ar fad. Nuair a ċuir sí óṫuaiḋ mé ċun a ḋ'iaraiḋ ar Ḃruadar teaċt agus a neart slóġ ṫaḃairt leis, duḃairt sí liom a ġeallaṁaint dó, dá mba rud é ná cuirfeaḋ aon rud eile ḟiaċaint air teaċt, a ġeallaṁaint dó go dtaḃarfainn í féin dó agus Árdríġeaċt na h-Éirean, dá mbeirimís buaḋ. Ṁeasas an uair sin ná raiḃ ins na geallaṁnaiḃ aċ neaṁníḋ. Is eagal liom anois náċ neaṁníḋ i n-aon ċor iad. Agus is eagal liom go ḃfuil 'ḟios ag Aṁlaoiḃ náċ neaṁníḋ iad.”

“Ó 'seaḋ!” arsa Maolmórḋa, “agus go ḃfuil Aṁlaoiḃ ag caḃruġaḋ le Bruadar sa n-obair!”

“Ḃuailis do ṁéar air, a ríġ,” arsa Sitric.

“Tá go maiṫ, a ṁic ó,” arsa Maolmórḋa. “Is maiṫ a ḋeinis an méid sin a ḋ'innsint dom. Ná leig an níḋ ort leó. Nuair a ḃeiḋ an ruagairt curṫa againn ar ṡlóiġtiḃ Ḃriain iompó'míd araon, tusa agus mise, ar ṡluaġ Ḃruadair, agus dísgeó'míd iad. Ansan ní ḃeiḋ aoinne ċun teaċt idir ṫusa agus an Árdríġeaċt.”

Ṡocaruiġdar an méid sin ċun a dtoile go h-áluinn. Nuair a ḃí an socaruġaḋ déanta acu, áṁṫaċ, ḃí socaruġaḋ nár ḃ'é i n' aigne féin ag gaċ duine acu.