Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/331

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
327
NIAṀ

le n-a ċéile, agus iongnaḋ a gcroíḋe orṫa. Ġéaruiġdar sa ċóṁrac, mar 'ḋ eaḋ go sguabfaidís na Gaeḋil rómpa. Do ċaiṫeadar iad féin i gcoinniḃ na nGaeḋal díreaċ mar a ċaiṫean an ḟaraige í féin i gcoinniḃ na caraige lá gaoiṫe. Ní raiḃ aon ṁaiṫ ḋóiḃ ann. Do ṡeasaiṁ Clanna Gaeḋal 'n-a gcoinniḃ díreaċ mar a ṡeasuiġean an ċaraig i gcoinniḃ uisge na faraige.

Ṫug na Loċlanaiġ níḋ eile fé ndeara. Ṫugadar fé ndeara ná raiḃ blúire eagla roimis an mbás ag na h-Éireanaiġ, ná aon doṫal acu roimis an mbás. I ndiaiġ ar ndiaiġ do ċuaiḋ 'n-a luiġe ar aigne na Loċlanaċ ná raiḃ aon tsúil go n-iompóċaḋ na h-Éireanaiġ ó'n gcaṫ. Go seasóċaidís an fód an ḟaid a ḃeidís beó, agus gur le h-áṫas a ġlacfaidís bás.

Níor ḃ'ḟéidir leis na Loċlanaiġ an níḋ sin do ṫuisgint. Do ṫuigfidís é, b'ḟéidir, dá mbéaḋ 'ḟios acu cad é an socaruġaḋ aigne a ḃí déanta ag na Gaeḋlaiḃ aḃfad sar a dtáinig lá an ċaṫa san; do ṫuigfidis é dá mbéaḋ 'ḟios acu go raiḃ Naoṁ Íḋbirt an Aifrinn d'á ḋéanaṁ ċun Dé, ó ṫainig an ċéad leus de ṡolus an lae an ṁaidion san, ins gaċ eaglais agus ins gaċ mainistir i n-Éirinn. Do ṫuigfidís é dá dtuigidís conus mar a ḃí sagairt agus manaiġ agus mná riaġalta ar fuid na h-Éirean, i gcaiṫeaṁ na maidine sin agus i gcaiṫeaṁ na h-oíḋċe roim ré, ag briseaḋ a gcroíḋe 'ġá iaraiḋ ar Ḋia na glóire, tré ímpíḋe na Maiġdine Muire, agus tré ímpíḋe Ṗádraig agus Ḃríġde agus Ċolum Cille, gan buaḋ an ċaṫa san do leigint leis na Loċlanaiġ. Do ṫuigfidís é dá mbéaḋ 'ḟios acu conus mar a ḃí an t-Árdríġ aosta, an fear a ṫaisbeáin an Ċrois Ċéasda do'n tsluaġ an ṁaidion san, an fear a ḃí ceapaiṫe ag Dia an uair sin ċun cóṁaċt na Loċlanaċ do ḃriseaḋ agus do ċlaoiḋ i n-Éirinn, conus mar ḃí sé ar a ḋá ġlúin, istiġ 'n-a ċábán, 'ġá iaraiḋ go cruaiḋ ar an Slánuiġṫeóir