Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/334

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
330
NIAṀ

gcúil, i gcaiṫeaṁ an lae go léir. Ṫug an dá ṡluaġ fé ndeara na gníoṁarṫa uaṫḃásaċa a ḋein Taḋg Mór ua Cealla i gcaiṫeaṁ an lae. Ṫug a lán des na fearaiḃ láidire a ḃí ar na Loċlanaiġ aġaiḋ air, i gcaiṫeaṁ an lae, aċ do ṫuit gaċ fear díoḃ le n-a láiṁ. Fé deire do ṫug Bruadar féin aġaiḋ air. Ḃí éide ana ċruaiḋ ar Ḃruadar. Ḃí a ṡleaġ i láiṁ Ṫaiḋg Ṁóir. Ṫug sé sáḋ de'n tsleaġ do Ḃruadar. Níor ċuaiḋ an tsleaġ tríd an éide aċ do caiṫeaḋ Bruadar siar ar fleasg a ḋroma, ḃí a leiṫéid sin de neart leis an sáḋ a tugaḋ dó. D'eiriġ sé agus ṫug sé foġaḋ eile fé Ṫaḋg. Do leagaḋ airís é ar an gcuma gcéadna. Ṫug sé an tríṁaḋ foġaḋ. Do baineaḋ an tríṁaḋ leagad as. D'eiriġ sé agus do riṫ sé isteaċ i gcoill a ḃí i n-aice na h-áite. Le n-a linn sin ṫáinig Sígurd i ngar do Ṫaḋg, agus sar a raiḃ uain ag Taḋg ar a ṡleaġ do ḃeartuġaḋ airís do ḃuail Sígurd sa ċeann é le tuaiġ. Do ṫuit Taḋg marḃ. Is ar éigin a ḃí sé ar lár nuair a ḃí Sígurd ar lár, ċóṁ marḃ leis, agus a ċeann agus a ċaḃail, síos go caol a ḋroma, sgoilte glan le buille ṫuaiġ ó Ṁurċaḋ. Ċonaic an dá ṡluaġ an buille sin. Do ḃrúiġ sluaġ Ṡíguird isteaċ ċun báis a ríġ do ḋíoġailt. Ḃí Dúlainn agus Caoilte agus Connla i n-aice Ṁurċaḋ. Do ḋruid na Conaċtaiġ amaċ 'n-a dteannta. Ḃí sluaġ Ṡíguird ag tuitim láiṫreaċ ċóṁ tiuġ agus do féadtí na buillí do ṫarang orṫa. Ċonaic beirt ṁac ríġ na h-Ioruaiḋe an t-éirleaċ san. Do riṫeadar araon fé ḋéin na h-áite. Le n-a linn sin ṫáinig Taḋg Óg ua Cealla ċun na h-áite 'n-a raiḃ a aṫair sínte. Ḃí bean ar a glúiniḃ ag ceann an aṫar agus a ċeann idir a ḋá láiṁ aici.

Ḃí Murċaḋ ag ruiṫ fé ḋéin na beirte a ḃí ag teaċt 'n-a ċoinniḃ. Ḃí na Conaċtaiġ ag déanaṁ an éirliġ ar ṁuintir Ṡíguird. Caroll Cnút an ċéad duine de'n ḃeirt a ṫáinig i gcoinniḃ Ṁurċaḋ. Do ṫuit Caroll láiṫreaċ fé ṫuaiġ