ar a ṁalairt de ċuma sa ċeann eile. Ḃí Loċlanaiġ Áṫa Cliaṫ agus an deiċ gcéad fear ó'n Ioruaiḋ go raiḃ na h-éidí práis orṫa i gcoinniḃ na Muíṁneaċ eile (lasmuiċ de Ḋál gCais), agus ḃí luċt na n-éidí práis ag brúṫ na nGaeḋal rómpa agus 'ġá marḃuġaḋ go tiuġ. Ba ṁó go mór an t-éirleaċ a ḃí ag luċt na n-éidí práis 'á ḋéanaṁ ar Ġaeḋlaiḃ an ċinn sin de'n ċaṫ 'ná mar a ḃí ag Dál gCais 'á ḋéanaṁ ar Loċlanaiġ an ċinn eile. Ḃí Bruadar ar tusaċ ar luċt na n-éidí, agus ḃí na Muíṁniġ ag tuitim 'n-a sraṫanaiḃ ins gaċ treó 'n-a dtugaḋ sé aġaiḋ.
Ḃí Béibionn agus Gormḟlaiṫ ṫuas ar bara ríġṫeiġlaiġ Ṡitric agus iad ag feuċaint ar an éirleaċ a ḃí ag luċt na n-éidí 'á ḋéanaṁ ar na Muíṁneaċaiḃ.
“Is maiṫ na buanaiḋṫe iad san, a Ḃéibionn!” arsa Gormḟlaiṫ. “Táid siad ag leagaḋ an arḃair go tiuġ. Beiḋ uaṫḃás oibre déanta acu i gcóir na h-oíḋċe.”
“Tá an lá óg fós, a Árdrígan,” arsa Béibionn. “Is 'mó cor a ḋ'ḟéadfaḋ an saoġal a ċur dé 'dir seo agus an oíḋċe.”
Ċonaic Murċaḋ conus a ḃí luċt na n-éidí ag marḃuġaḋ na Muíṁneaċ rómpa. D'ḟeuċ sé 'n-a ṫímpal. Ní raiḃ Caoilte aḃfad uaiḋ.
“Téanam, a Ċaoilte,” ar seisean. “Ní mór cosg do ċur leó súd ṫiar. Beir ar do ṫuaiġ agus lean mé. Déin-se an rud céadna,” ar seisean le Dúlainn. “Agus tusa, a ṁic,” ar seisean le Connla. “Seasuiġeaḋ an ċuid eile an fód anso.”
D'imṫiġ an ceaṫrar siar as an gcaṫ agus siúd siar óḋeas iad ċun na h-áite 'n-a raiḃ luċt na n-éidí agus iad ag marḃuġaḋ rómpa.
“An tuaġ! An tuaġ! An tuaġ, a ḟeara!” arsa Murċaḋ.
Le n-a linn sin do léim sé ċun Loċlanaiġ ṁóir a ḃí ag