Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/340

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
336
NIAṀ

nuair a fuaradar cad a ḃí uaṫa. Ḋeineadar gaċ aon tsaġas cuardaiġ agus ċuireadar gaċ aon tsaġas tuairisge, aċ ní ḃfuaradar aon ḃlúire eóluis. D'inis fiċe duine ḋóiḃ go ḃfeacaṫas Bruadar ag teiṫeaḋ agus Murċaḋ ar a ṫóir, aċ ní ḟeacaiḋ aoinne Connla.

Ḃí an oíḋċe ag tuitim. Ḃí an maċaire go léir lán de ċorpaiḃ, agus ḃí a lán des na Loċlanaiġ a leagaḋ sa tóir agus ná raḃdar marḃ ar fad, agus go raiḃ fonn orṫa sleaġ nó tuaġ nó sgian do ċaiṫeaṁ le h-aon Éireanaċ a ċífidís. Do tuigeaḋ go raiḃ sé ró ċontaḃarṫaċ leigint do Niaṁ dul níba ṡia sa ċuardaċ. Do socaruiġeaḋ ar ḋul ṫar n-ais. Go mb’ḟéidir go raiḃ Connla tagaiṫe ann um an dtaca san. Mura raiḃ go ḃféadfaḋ na fir teaċt airís ag cuardaċ agus Niaṁ a ḋ'ḟágáilt ar a suaiṁneas, i n-áit a ḃéaḋ gan ḃaoġal.

Ṫánadar ṫar n-ais. Ní raiḃ an tuairisg ar Ċonnla. Ḃí an oíḋċe ḋuḃ ann um an dtaca san, agus ċun na h-oíḋċe ḋéanaṁ níba ḋuiḃe do leaṫ ceó isteaċ ó'n ḃfaraige i dtreó ná feicfeaḋ duine a láṁ dá síneaḋ sé í.

Ní raiḃ aon rud le déanaṁ aċ dul fé ḋéin an longṗuirt i gCill Ṁaiġneann. Ḋein muintir Ṫaiḋg Ṁóir agus muintir Ṁaoilruanaiḋ ḋá ċróċar agus do rugadar leó an dá ċorp ċun an longṗuirt. Ḃí na sagairt agus na manaiġ ann, agus ḃíodar ag cantainn úrnuiġṫe na marḃ ar an slíġ. Nuair a ṫánadar go Cill Ṁaiġneann fuaradar go raiḃ a lán soċraidí beaga eile tagaiṫe ann rómpa, agus ag teaċt ann 'n-a ndiaiġ, agus an obair ċéadna ar siúḃal acu. Ḃí na sagairt agus na manaig go léir ann, ó Ṡórd Ċolum Cille, agus an uile ṡaġas córaċa taḃarṫa leó acu, mar atá, líon geal ċun cneáḋṫaċ do ḋúnaḋ agus fuil do ċosg, agus deoċa ċun nirt, agus banndaí línéadaiġ, agus cliaṫaċa ċun cnáṁ do ċur, agus mar sin. Ḃí flúirse des na neiṫiḃ sin taḃarṫa leó ó'n mbaile ag na mnáiḃ a ṫáinig, aċ níor ṁiste an tuille.