Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/338

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
334
NIAṀ

sé gortuiġṫe go maiṫ. Níor ṫug Aṁlaoiḃ “a ċeart féin do'n ḟaoḃar.” Ḃí clogad maiṫ láidir ar ċeann Ṫaiḋg. Do ċuir an tuaġ stangaḋ doiṁinn sa ċlogad agus do gortuiġeaḋ an ceann, aċ níor gearaḋ an clogad ná an ceann. Ḃí Lonán ann agus níor ḃ'ḟada go raiḃ Taḋg tagaiṫe ċuige féin fé láiṁ Lonáin.

Ḃí ceann Ṫaiḋg Ṁóir, áṁṫaċ, 'n-a ḋá leat, aċ níor ċoruiġ Niaṁ uaiḋ.

Ḃí Conn ann agus é tar éis teaċt ó'n áit 'n-a raiḃ a aṫair féin, Maolruanaiḋ na Paidre, sínte marḃ. Do ṁair Maolruanaiḋ tamal maiṫ tar éis a ġunta, agus ḃí sagart i n' aice ó fuair sé an ġuin go dtí go ḃfuair sé bás.

Nuair a ċonaic Niaṁ Caoilte agus Conn do laḃair sí leó.

“Cá ḃfuil Connla?” ar sise.

“D' imṫiġ sé ar ṫóir na Loċlanaċ, a rígan,” arsa Caoilte.

“Is truaġ san!” ar sise. “Má imṫíġean aon níḋ air tá Éire creaċta glan.”

Ḃí tuille des na Conaċtaiġ ag teaċt ó'n dtóir. Ċuir sí tuairisg Ċonnla orṫa. Ní ḟeacaiḋ aoinne Connla aċ do ċonaic gaċ aoinne Murċaḋ agus é ar ṫóir Ḃruadair agus Bruadar ag teiṫeaḋ uaiḋ.

“Ní ḟéadfaḋ Murċaḋ ḃeiṫ ar ṫóir Ḃruadair,” arsa duine a ṫáinig, “mar tá Murċaḋ ansúd ṫall sínte agus beirt ṡagart i n' ḟoċair. Do ṫuit Murċaḋ díreaċ nuair a ḃí an teiṫeaḋ agus an tóir ag tusnú'.”

“An é raḋarc mo ṡúl a ṁeasfá a ḃaint díom!” arsa'n ċéad duine. “Ná feacaiḋ mo ḋá ṡúil Bruadar ag teiṫeaḋ agus Murċaḋ ar a ṫóir!”

“Ní ḟeacaís Bruadar ag teiṫeaḋ,” arsa Niaṁ, “mar do leag m' aṫair é trí h-uaire as a ċéile, agus ansan do riṫ sé isteaċ sa ċoill ḃeag san ṫuas.”

Le n-a linn sin d'ḟéaċadar suas agus cad a ċífidís aċ