Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/342

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
338
NIAṀ

Connla. Ansan nuair a ṫagaidís i n' aice ċíoḋ sí nár ḃ' é é, agus ḃíoḋ áṫas uirṫi.

Ḃí an ṁaidion ag gluaiseaċt agus an ġrian ag druidim suas ar an spéir, agus fir ag teaċt go tiuġ, as gaċ aon treó baill, le h-órdúġaḋ na sagart, agus ráinní agus sluaiste acu, ċun na gcorp do ċur fé ṫalaṁ. Do leaṫ na fir sin iad féin ins gaċ aon ḃall ar fuaid an ṁaċaire agus do ċrom gaċ aon triúr nó ceaṫrar acu ar ṫrínse ḋ' osgailt. Ba ġeár go raiḃ oiread san acu ann go mb'éigean dos na gaiḋir agus dos na biṫeaṁnaiġ glanaḋ as an áit. Má ḃí saiḋḃreas le fáġail ar ċorpaiḃ na marḃ do ṫuig na fir a ḃí ag déanaṁ na h-oibre gur ḃ' iad féin dob ḟearr ceart ċun an tsaiḋḃris sin. Ḃí an obair ar siúḃal ins gaċ aon ṗáirt de'n ṁaċaire, agus ins na h-áiteanaiḃ 'n-a raiḃ na cuirp 'n-a gcruaċaiḃ anáirde ar a ċéile b' éigean trínsí móra leaṫana doiṁne ḋéanaṁ, agus na cuirp a ċur 'n-a gcruaċaiḃ fé ṫalaṁ, díreaċ mar a ḃíodar 'n-a gcruaċaiḃ os cionn tailiṁ. Ḃí na taoide lán airís agus ḃí cuirp na mban agus na leanḃ aici 'á ċaiṫeaṁ isteaċ ar an dtráiġ. Fé mar a ḋruid an taoide amaċ ḃí sí ag fágaint na gcorp ar an dtráiġ 'n-a diaiġ. B'éigean trínsí móra leaṫana doiṁne ḋéanaṁ dóiḃ sin, leis, agus iad do ċur 'n-a gcruaċaiḃ fé ṫalaṁ. Nuair a ḃí na trínsí sin lán des na corpaiḃ agus an ċré curṫa suas orṫa is aṁlaiḋ a ḃí árdán mór árd sa n-áit 'n-ar deineaḋ gaċ trínse. Táid na h-árdáin sin le feisgint sa n-áit fós, nó cuid acu.

Ċonaic Niaṁ, agus an ṁuintir a ḃí le n-a cois sa ċuardaċ, a lán daoine cruinniġṫe tímpal na h-áite na dtéiḋean an Tulcainn isteaċ sa ḃfaraige. Ṫánadar ċun na h-áite. Ḃí an Tulcainn lán de ċorpaiḃ na Loċlanaċ i dtreó go raḃdar ag coimeád uisge na h-aḃan siar ó'n dtaoide do leanṁaint. Ḃí na fir ag tógaint na gcorp as an aḃainn agus 'ġá síneaḋ ar an bport i n-aice 'ċéile. Nuair a