Niamh/4

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Ó Bhealach Leachta go Gleann Máma
[ 19 ]

CAIBIDIOL IV

Ó ḂEALAĊ LEAĊTA GO GLEANN ṀÁMA.

Ḃí cóṁaċt Ḃriain ag méaduġaḋ agus ag neartuġaḋ agus ag leaṫaḋ go dtí go raiḃ sé 'n-a ríġ ar leaṫ na h-Éirean, ar leaṫ Ṁoġa, ar an leaṫ ṫeas de'n oileán. Ní gan mórán trioblóide agus mórán cogaiḋ a ċuir sé an méid sin de ṫír na h-Éirean fé smaċt a láiṁe. Ḃí a ḋriṫáir, Maṫúin mac Cinéide, 'n-a ríġ ar an Múṁain roimis. Ríġ cróḋa, cóṁaċtaċ, mór-aigeanta ab eaḋ an Maṫúin sin. Ċonaic ríġṫe agus tiġearnaí eile na Múṁan go raiḃ Dál gCais agus clann Ċinéide ag dul i neartṁaire, agus ṫáinig éad agus eagla orṫa.

Ċonaic Loċlanaiġ na Múṁan, leis, mura gcurfaí cosg éigin leis an mbeirt driṫár, le Maṫúin agus le Brian, ná fágfaidís Loċlanaċ beó sa Ṁuṁain. Ḋeineadar eatarṫa, na Loċlanaiġ agus na h-Éireanaiġ n-a raiḃ an t-eagal orṫa, feall grána ar Ṁaṫúin. Ṁarḃuiġdar é i n-áit ar a dtugtí Bealaċ Leaċta. Deir cuid de'n tseanaċus gur i n-aice Máġċromṫa atá an áit. Tá cloċ ṁór, i ḃfuirm goláin, 'n-a seasaṁ ar ḃruaċ an tSoláin, ar an ínse, i n-aice na h-áite 'n-a dtagan an Leaṁain isteaċ sa tSolán, agus do réir gaċ deaḃraiṁ tá an ċloċ san 'n-a seasaṁ ar uaiġ Ṁaṫúna ṁic Cinéide, ríġ Múṁan.

B'ḟearra go mór, áṁṫaċ, do luċt an éada agus an eagla ná déanfaidís an gníoṁ san. Íoṁar, ríġ Loċlanaċ Luimniġe, agus Maolmuaiḋ, ríġ Deasmúṁan, agus Donaḃán, ríġ Fiġeinte, isiad a ḋein an gníoṁ. Do las fearg Ḃriain nuair a fuair sé cad a ḃí déanta. Do ċruinniġ sé a neart. Siné an uair a sgrios sé na [ 20 ]Loċlanaiġ a' Luimneaċ agus a' h-Inis Caṫaiġ. Do ḃris sé caṫ ar Ḋonaḃán agus ṁairḃ sé é. Do lean se Maolmuaiḋ go Bealaċ Leaċta, an áit 'n-ar marḃuiġeaḋ Maṫúin. Ḃí Maolmuaiḋ ann agus sluaġ líonṁar, láidir aige, de Ġaeḋlaiḃ agus de Loċlanaċaiḃ. Do ḃuaiḋ Brian orṫa, agus do ṫuit Maolmuaiḋ sa ċaṫ. Deir an seanaċus go raiḃ Murċaḋ, mac Ḃriain, sa ċaṫ san agus gan é aċ ċuig ḃliana déag, agus gur le n-a láiṁ a ṫuit Maolmuaiḋ.

Nuair airiġ Dóṁnall ua Faoláin, ríġ na nDéiseaċ, cad a ḃí imṫiġṫe ar Ṁaolmuaiḋ agus ar a ṡluaġ, d'eiriġ sé agus ċruinniġ sé slóiġte a ṫíre go léir, agus ṫáinig Loċlanaiġ Ṗortláirge ag caḃruġaḋ leis. Siúd ċúċa Brian. Do ḃris sé caṫ fuilteaċ orṫa i n-áit ar a dtugtí Fán Ċonraḋ. Do ṫeiṫeadar, idir Ġaeḋil agus Loċlanaiġ, isteaċ go Port- Láirge. Do lean Brian iad agus ḋein se éirleaċ orṫa agus do loisg sé an ċaṫair. Do ṫuig Dóṁnall sa n-éirleaċ.

Ḃí an Ṁúṁain fé smaċt Ḃriain ansan. Níor ġéill a naṁaid go léir dó, áṁṫaċ. Ḃí ḟios acu ná géillfeaḋ Cúige Laiġean go ró ḃog dó. D'imṫiġdar óṫuaiḋ. D'eiriġ na Laiġniġ leó. Do cruinniġeaḋ sluaġ ana ṁór, Loċlanaiġ agus Éireanaiġ ó'n Múṁain, agus Loċlanaiġ ó Áṫ Cliaṫ, agus iomláine cóṁaċta na Laiġneaċ, idir Loċlanaiġ agus Éireanaiġ. Ċeapadar, anois nó riaṁ, go gcuirfidís neart Ḃriain ar neaṁníḋ. Ṫuig na h-Éireanaiġ a ḃí ann go ndéanfaidís díoltas ar Ḃrian agus ar Ċlainn Ċais fé ḋeire ṫiar ṫall. Ṫuig na Loċlanaiġ dá mbéaḋ Brian agus Clann Ċais ar neaṁníḋ nár ró ḟada go mbéaḋ Luimneaċ, agus Inis Caṫaiġ, agus an Ṁúṁain, agus b'ḟéidir Éire go léir, acu féin airís. Níor ṫug Brian puínn aimsire ḋóiḃ ċun maċtnaiṁ a ḋéanaṁ. Siúd ċúċa isteaċ i gCúige Laiġean é féin agus a ṡluaġ. Ar Gleann Ṁáma iseaḋ ṫáinig sé suas leó. Siúd ċun a ċéile an dá ṡluaġ go fíoċṁar agus go malluiġṫe. Do ṫroid na Laiġniġ agus na Loċlanaiġ agus a [ 21 ]luċt caḃarṫa go léir, go cróḋa agus go seasaṁaċ, an fear ag tuitim agus fear eile i n' inead láiṫreaċ, gan staonaḋ gan géilleaḋ, gan suim i mbás ná i mbeaṫa. Níor ḃ' aon ṁaiṫ ḋóiḃ é. Do ḃrúiġ Brian agus Murċaḋ agus Clann Ċais isteaċ tré n-a lár. Do leagaḋ agus do marḃuiġeaḋ iad 'n-a sraṫanaiḃ. Fé ḋeire do ruagaḋ ċun siúḃail an méid nár leagaḋ ḋíoḃ. Do leanaḋ iad ins gaċ treó baill 'n-ar ṫeiṫeadar. Do cuireaḋ an ṁór-ṡluaġ ar neaṁníḋ glan. Do ṫuig sa ċaṫ san ċúig ṁíle fear de Loċlanaċaiḃ agus de Laiġneaċaiḃ.

D'ḟág san Leaṫ Moġa ar fad fé smaċt Ḃriain, agus ṫug sé le tuisgint go soiléir dos na Loċlanaiġ ná raiḃ aon ḃreiṫ acu go deó airís ar oileán na h-Éirean do ṫaḃairt fé n-a smaċt. Ansan iseaḋ ḃí ríġṫe agus uaisle agus tiġearnaí tíre ag teaċt as gaċ aird go Ceann Cora ag taḃairt cíosa agus taḃarṫaistí agus bronntanas ag triall ar Ḃrian agus ag snaḋmaḋ caradais leis.

Cuid des na h-uaisliḃ sin iseaḋ ḃí tagaiṫe ann an oíḋċe a ḃí an ḃeirt ḃuaċailí ó ṁainistir Ínse Caṫaiġ ann. Ċuir an ṁuintir a ṫáinig aiṫne láiṫreaċ ar Ṫaḋg Óg ua Ċealla. Níor ḟéad aoinne puínn aiṫne ċur ar an mbuaċail eile, ar Aṁlaoiḃ. Ní raiḃ ḟios acu cé r' ḃ' é ná cé 'ra díoḃ é, aċ gur ḃ' ógánaċ uasal é a ṫáinig anall ó ċríċ Loċlan go mainistir Ínse Caṫaiġ ag déanaṁ foġluma. Do caiṫeaḋ an oíḋċe go suairc agus bíoḋ ná raiḃ aon aiṫne ċeart ar an Loċlanaċ óg ḃí gaċ aoinne ag déanaṁ cúraim dé agus ag taisbeáint báiġe dó, díreaċ fé mar ba ṁaiṫ leó a ċur i n-iúil dó, dá mba Loċlanaċ féin é ná raiḃ aon doṫal acu roimis.

Tá an tréiṫ sin sa n-Éireanaċ fós, go láidir. Má ḃímíd muintearṫa le duine iasaċta is minic gur mó go mór a ṫaisbeánaimíd ár muintearṫas dó 'ná mar a ṫaisbeánaimíd é d'ár nduine féin. Ċonac go minic a leiṫéid. [ 22 ]Ṫáinig an ṁaidion. Ḃí na h-uaisle a ṫáinig ag dul aḃaile. Má ṫugadar taḃarṫaistí leó ag triall ar Ḃrian do ṫug Brian taḃarṫaistí móra maiṫe ḋóiḃ nuair a ḃíodar ag imṫeaċt. Ḃí bríġ leis na taḃarṫaistíḃ sin, áṁṫaċ. An priúnsa do ġlac taḃarṫas mar sin ó Ḃrian, d' adṁuiġ sé Brian a ḃeiṫ 'n-a ríġ os a ċionn, agus ḃí ceangailte air as san amaċ an adṁáil sin do ṡeasaṁ. Ṫuigeadar go léir an níḋ sin go maiṫ agus ní raiḃ aon ċur 'n-a ċoinniḃ acu. Is aṁlaiḋ a ḃí áṫas mór orṫa fear a ḃeiṫ os a gcionn a ḃéaḋ ábalta ar iad do smaċtuġaḋ dá mba ġáḋ é.

Ṫáinig an ḃeirt ḃuaċailí aḃaile ċun na mainistreaċ agus ċun na leaḃar agus ċun an léiġinn.

Ḃí Brian pósta an tarna h-uair an uair sin. Gormḟlaiṫ ab ainim do'n tarna mnaoi. Ḃí sé 'n-a baintriġ nuair a ṗós Brian í. Drifiúr ab eaḋ í do Ṁaolmórḋa, an ríġ a ṫáinig ar Laiġniḃ nuair a ġéilleadar do Ḃrian. Ḃí sí pósta ar dtúis ag ríġ de ríġṫiḃ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ. Aṁlaoiḃ ab ainim do'n ríġ sin. Ḃí mac aici leis an Aṁlaoiḃ sin agus Sitric ab ainim do, agus ḃí sé 'n-a ríġ ar Loċlanaiġ Áṫa Cliaṫ nuair a ḃí sise pósta ag Brian i gCeann Cora.

Do réir gaċ seanaċais d'á mbainean leis an aimsir sin ní raiḃ an uair sin ar ṁnáiḃ an doṁain bean eile a ḃí i n-aon ġaor do ḃeiṫ ċóṁ breaġ leis an mnaoi sin. Aċ tá níḋ eile, leis, le feisgint sa tseanaċus. Ní raiḃ bean ar biṫ a ḃí ċóṁ breaġ léi. Ní lúġa 'ná mar a ḃí bean ar biṫ a ḃí ċóṁ h-olc léi. Nuair a ṗós Brian í ní raiḃ ḟios aige cad é an saġas é. Ḃí beartuiġṫe i n'aigne aige, ní h-aṁáin Gaeḋil Éirean do ḋlúṫuġaḋ le n-a ċéile i dtreó gur ṁóide a neart é i n-aġaiḋ naṁad iasaċta, aċ, dá mb’ ḟéidir é, na Loċlanaiġ a ḃí socair ċun cóṁnuiġṫe i n-Éirinn do ṫáṫuġaḋ leis na cineaċaiḃ Gaeḋlaċa, agus aon neart aṁáin a ḋéanaṁ díoḃ go léir. Ṫuig sé gur ṁaiṫ an congnaṁ dó [ 23 ]ċuige sin máṫair an ríġ a ḃí ar Loċlanaiġ Áṫa Cliaṫ a ḃeiṫ pósta aige; go dtaḃarfaḋ an cleaṁnas san páirt disi 'n-a ċóṁaċt féin agus páirt dó féin i gcóṁaċt a mic. Do neartuiġ sé an ṗáirt sin a ḃéaḋ aige féin i gcóṁaċt a mic, le cleaṁnas eile. Ṫug sé a inġean féin le pósaḋ do Ṡitric, do ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ.

Ḃí gaol agus cóṁngas aċmair go leór ansan idir é agus ríġ Laiġean agus idir é agus Loċlanaiġ Áṫa Cliaṫ, agus ḃí gaċ aon deaḃraṁ go ndéanfaḋ aimsir agus foiḋne agus faidearaíḋe agus deaġċóṁarsanaċt caradas do ḋlúṫuġaḋ agus do ḃuanuġaḋ idir é agus iad go léir, go mór mór ó ḃí san agus a mbuac féin ag teaċt isteaċ le n-a ċéile. Ḃí gaċ aon deaḃraṁ, leis, dá leanaḋ an caradas san agus an deaġ-ċóṁarsanaċt san go sroisfeaḋ Brian Árdríġeaċt na h-Éirean agus go leanfaḋ slioċt Ḃriain i n-Árdríġeaċt na h-Éirean, ó ġlúin go glúin, ar feaḋ mórán aimsire, agus go gcuirfeaḋ san raṫ agus séan, go saiḋḃir agus go marṫanaċ, ar Éirinn agus ar Ċlannaiḃ Gaeḋal, agus ar an gCreideaṁ i n-Éirinn.

Aċ ḃí a ṁalairt sin ar fad de ṁaċtnaṁ i n-aigne na Banríġne, i n-aigne Ġormḟlaiṫ. Ní h-ar Ḃrian ná ar a ṡlioċt a ḃí sí ag cuiṁneaṁ, i gcóir Árdríġeaċta na h-Éirean, sa n-aimsir a ḃí le teaċt, aċ ar a mac féin, ar Ṡitric, ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ. Ḃí Brian aosda. Ní raiḃ, agus a ḋíċeal a ḋéanaṁ, puínn eile aimsire aige le caiṫeaṁ ar an saoġal so. B'ḟearr léi í féin a ḃáṫ 'ná Murċaḋ ḋ'ḟeisgint i n' Árdríġ. Níor ḃ'ḟoláir, dar léi, rud éigin a ḋéanaṁ a ċoimeádfaḋ Murċaḋ as an Árdríġeaċt. Ċuir sí an sgéal i gcóṁairle a mic. Do socaruiġeaḋ eatarṫa ar niṁ a ṫaḃairt do Ḃrian. Dá mbéaḋ Brian as an slíġ do ṫuitfeaḋ a ċóṁaċt as a ċéile. Ansan níor ró ḋeacair di cóṁaċt na Loċlanaċ do ċruinniuġaḋ agus oileán na h-Éirean do ċur fé n-a smaċt féin, agus Árdríġ a [ 24 ]ḋéanaṁ d'á mac, de Ṡitric. Ḃí an t-uisge-fé-ṫalaṁ san ar siúḃal idir Ċeann Cora agus Áṫa Cliaṫ ar feaḋ aḃfad. Ḃí sé ar siúḃal, a gan ḟios do'n tsaoġal, le linn na h-aimsire 'n-a raiḃ an ḃeirt ḃuaċailí úd ag déanaṁ a ḃfoġluma i mainistir Ínse Caṫaiġ.