Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
19
NIAṀ

CAIBIDIOL IV

Ó ḂEALAĊ LEAĊTA GO GLEANN ṀÁMA.

Ḃí cóṁaċt Ḃriain ag méaduġaḋ agus ag neartuġaḋ agus ag leaṫaḋ go dtí go raiḃ sé 'n-a ríġ ar leaṫ na h-Éirean, ar leaṫ Ṁoġa, ar an leaṫ ṫeas de'n oileán. Ní gan mórán trioblóide agus mórán cogaiḋ a ċuir sé an méid sin de ṫír na h-Éirean fé smaċt a láiṁe. Ḃí a ḋriṫáir, Maṫúin mac Cinéide, 'n-a ríġ ar an Múṁain roimis. Ríġ cróḋa, cóṁaċtaċ, mór-aigeanta ab eaḋ an Maṫúin sin. Ċonaic ríġṫe agus tiġearnaí eile na Múṁan go raiḃ Dál gCais agus clann Ċinéide ag dul i neartṁaire, agus ṫáinig éad agus eagla orṫa.

Ċonaic Loċlanaiġ na Múṁan, leis, mura gcurfaí cosg éigin leis an mbeirt driṫár, le Maṫúin agus le Brian, ná fágfaidís Loċlanaċ beó sa Ṁuṁain. Ḋeineadar eatarṫa, na Loċlanaiġ agus na h-Éireanaiġ n-a raiḃ an t-eagal orṫa, feall grána ar Ṁaṫúin. Ṁarḃuiġdar é i n-áit ar a dtugtí Bealaċ Leaċta. Deir cuid de'n tseanaċus gur i n-aice Máġċromṫa atá an áit. Tá cloċ ṁór, i ḃfuirm goláin, 'n-a seasaṁ ar ḃruaċ an tSoláin, ar an ínse, i n-aice na h-áite 'n-a dtagan an Leaṁain isteaċ sa tSolán, agus do réir gaċ deaḃraiṁ tá an ċloċ san 'n-a seasaṁ ar uaiġ Ṁaṫúna ṁic Cinéide, ríġ Múṁan.

B'ḟearra go mór, áṁṫaċ, do luċt an éada agus an eagla ná déanfaidís an gníoṁ san. Íoṁar, ríġ Loċlanaċ Luimniġe, agus Maolmuaiḋ, ríġ Deasmúṁan, agus Donaḃán, ríġ Fiġeinte, isiad a ḋein an gníoṁ. Do las fearg Ḃriain nuair a fuair sé cad a ḃí déanta. Do ċruinniġ sé a neart. Siné an uair a sgrios sé na