Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/22

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
18
NIAṀ

ċéile, agus do ṫáṫuġaḋ i n-a ċéile, agus do ḋlúṫuġaḋ i n-a ċéile airís, agus neart fear Éirean do ġleusaḋ agus do ċóruġaḋ, mar a ġleus Fionn é. Ansan nár ḃaoġal ná go ḃfanfaḋ na Loċlanaiġ amaċ, nó dá dtagaidís gur ṫeaċt gan imṫeaċt dóiḃ é.

Is léir d'aon duine a ḋ'ḟeuċan isteaċ sa sgéal go raiḃ an maċtnaṁ san agus an beartuġaḋ san agus an inntinn sin, istiġ i gcroíḋe Ḃriain ó'n gcéad uair a ṫusnuiġ sé ar ḋroċ obair na Loċlanaċ do ṫuisgint i gceart. Níor ḃ'ḟuiriste ḋó, áṁṫaċ, a ḃeartuġaḋ do ċur i ngníoṁ mar ḃí ríġṫe Gaeḋal ar ḃeagán meaḃraċ agus ar ḃeagán tuisgiona an uair ċéadna. Níor ṫáinig aon ṗioc d'á ċuiṁneaṁ ċun aoinne acu go raiḃ aon ḃaoġal go ḃféadfaḋ Loċlanaiġ, ná aon alṁúraiġ eile, Éire do ċur fé n-a smaċt go h-iomlán ċóiḋċe. Do ṫuig Brian go raiḃ an baoġal ann, agus gur ṁóide an baoġal a luíġead a tuigeaḋ é. Ṫuig sé, leis, go mbéaḋ an baoġal ann an ḟaid a ḃéaḋ ríġṫe Éirean ag gaḃáil i gcoinniḃ a ċeile, agus ag troid le n-a ċéile, agus ag laguġaḋ a ċéile mar a ḃíodar. D'á ḃríġ sin, ċóṁ luaṫ agus ṫusnuiġ a ċóṁaċt ar ḋul i méid, do ṫusnuiġ se ar na ríġṫiḃ eile do ṫaḃairt sé n-a smaċt féin, agus ar a ċur ḟeuċaint orṫa oibriuġaḋ a' láṁaiḃ a ċéile i gcoinniḃ na Loċlanaċ. Níor ḃ' é sin féin aċ, fé mar a fuair sé an ċaoi air, do ġlac sé isteaċ 'n-a ṡlóiġtiḃ armála na Loċlanaiġ a ḃí dílis dó, ċun cogaiḋ a ḋéanaṁ i gcoinniḃ na Loċlanaċ eile. Ḃí cuid acu níba ḋílse ḋó 'ná mar a ḃí cuid des na h-Éireanaiġ.