Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
20
NIAṀ

Loċlanaiġ a' Luimneaċ agus a' h-Inis Caṫaiġ. Do ḃris sé caṫ ar Ḋonaḃán agus ṁairḃ sé é. Do lean se Maolmuaiḋ go Bealaċ Leaċta, an áit 'n-ar marḃuiġeaḋ Maṫúin. Ḃí Maolmuaiḋ ann agus sluaġ líonṁar, láidir aige, de Ġaeḋlaiḃ agus de Loċlanaċaiḃ. Do ḃuaiḋ Brian orṫa, agus do ṫuit Maolmuaiḋ sa ċaṫ. Deir an seanaċus go raiḃ Murċaḋ, mac Ḃriain, sa ċaṫ san agus gan é aċ ċuig ḃliana déag, agus gur le n-a láiṁ a ṫuit Maolmuaiḋ.

Nuair airiġ Dóṁnall ua Faoláin, ríġ na nDéiseaċ, cad a ḃí imṫiġṫe ar Ṁaolmuaiḋ agus ar a ṡluaġ, d'eiriġ sé agus ċruinniġ sé slóiġte a ṫíre go léir, agus ṫáinig Loċlanaiġ Ṗortláirge ag caḃruġaḋ leis. Siúd ċúċa Brian. Do ḃris sé caṫ fuilteaċ orṫa i n-áit ar a dtugtí Fán Ċonraḋ. Do ṫeiṫeadar, idir Ġaeḋil agus Loċlanaiġ, isteaċ go Port- Láirge. Do lean Brian iad agus ḋein se éirleaċ orṫa agus do loisg sé an ċaṫair. Do ṫuig Dóṁnall sa n-éirleaċ.

Ḃí an Ṁúṁain fé smaċt Ḃriain ansan. Níor ġéill a naṁaid go léir dó, áṁṫaċ. Ḃí ḟios acu ná géillfeaḋ Cúige Laiġean go ró ḃog dó. D'imṫiġdar óṫuaiḋ. D'eiriġ na Laiġniġ leó. Do cruinniġeaḋ sluaġ ana ṁór, Loċlanaiġ agus Éireanaiġ ó'n Múṁain, agus Loċlanaiġ ó Áṫ Cliaṫ, agus iomláine cóṁaċta na Laiġneaċ, idir Loċlanaiġ agus Éireanaiġ. Ċeapadar, anois nó riaṁ, go gcuirfidís neart Ḃriain ar neaṁníḋ. Ṫuig na h-Éireanaiġ a ḃí ann go ndéanfaidís díoltas ar Ḃrian agus ar Ċlainn Ċais fé ḋeire ṫiar ṫall. Ṫuig na Loċlanaiġ dá mbéaḋ Brian agus Clann Ċais ar neaṁníḋ nár ró ḟada go mbéaḋ Luimneaċ, agus Inis Caṫaiġ, agus an Ṁúṁain, agus b'ḟéidir Éire go léir, acu féin airís. Níor ṫug Brian puínn aimsire ḋóiḃ ċun maċtnaiṁ a ḋéanaṁ. Siúd ċúċa isteaċ i gCúige Laiġean é féin agus a ṡluaġ. Ar Gleann Ṁáma iseaḋ ṫáinig sé suas leó. Siúd ċun a ċéile an dá ṡluaġ go fíoċṁar agus go malluiġṫe. Do ṫroid na Laiġniġ agus na Loċlanaiġ agus a