Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
21
NIAṀ

luċt caḃarṫa go léir, go cróḋa agus go seasaṁaċ, an fear ag tuitim agus fear eile i n' inead láiṫreaċ, gan staonaḋ gan géilleaḋ, gan suim i mbás ná i mbeaṫa. Níor ḃ' aon ṁaiṫ ḋóiḃ é. Do ḃrúiġ Brian agus Murċaḋ agus Clann Ċais isteaċ tré n-a lár. Do leagaḋ agus do marḃuiġeaḋ iad 'n-a sraṫanaiḃ. Fé ḋeire do ruagaḋ ċun siúḃail an méid nár leagaḋ ḋíoḃ. Do leanaḋ iad ins gaċ treó baill 'n-ar ṫeiṫeadar. Do cuireaḋ an ṁór-ṡluaġ ar neaṁníḋ glan. Do ṫuig sa ċaṫ san ċúig ṁíle fear de Loċlanaċaiḃ agus de Laiġneaċaiḃ.

D'ḟág san Leaṫ Moġa ar fad fé smaċt Ḃriain, agus ṫug sé le tuisgint go soiléir dos na Loċlanaiġ ná raiḃ aon ḃreiṫ acu go deó airís ar oileán na h-Éirean do ṫaḃairt fé n-a smaċt. Ansan iseaḋ ḃí ríġṫe agus uaisle agus tiġearnaí tíre ag teaċt as gaċ aird go Ceann Cora ag taḃairt cíosa agus taḃarṫaistí agus bronntanas ag triall ar Ḃrian agus ag snaḋmaḋ caradais leis.

Cuid des na h-uaisliḃ sin iseaḋ ḃí tagaiṫe ann an oíḋċe a ḃí an ḃeirt ḃuaċailí ó ṁainistir Ínse Caṫaiġ ann. Ċuir an ṁuintir a ṫáinig aiṫne láiṫreaċ ar Ṫaḋg Óg ua Ċealla. Níor ḟéad aoinne puínn aiṫne ċur ar an mbuaċail eile, ar Aṁlaoiḃ. Ní raiḃ ḟios acu cé r' ḃ' é ná cé 'ra díoḃ é, aċ gur ḃ' ógánaċ uasal é a ṫáinig anall ó ċríċ Loċlan go mainistir Ínse Caṫaiġ ag déanaṁ foġluma. Do caiṫeaḋ an oíḋċe go suairc agus bíoḋ ná raiḃ aon aiṫne ċeart ar an Loċlanaċ óg ḃí gaċ aoinne ag déanaṁ cúraim dé agus ag taisbeáint báiġe dó, díreaċ fé mar ba ṁaiṫ leó a ċur i n-iúil dó, dá mba Loċlanaċ féin é ná raiḃ aon doṫal acu roimis.

Tá an tréiṫ sin sa n-Éireanaċ fós, go láidir. Má ḃímíd muintearṫa le duine iasaċta is minic gur mó go mór a ṫaisbeánaimíd ár muintearṫas dó 'ná mar a ṫaisbeánaimíd é d'ár nduine féin. Ċonac go minic a leiṫéid.