Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/26

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
22
NIAṀ

Ṫáinig an ṁaidion. Ḃí na h-uaisle a ṫáinig ag dul aḃaile. Má ṫugadar taḃarṫaistí leó ag triall ar Ḃrian do ṫug Brian taḃarṫaistí móra maiṫe ḋóiḃ nuair a ḃíodar ag imṫeaċt. Ḃí bríġ leis na taḃarṫaistíḃ sin, áṁṫaċ. An priúnsa do ġlac taḃarṫas mar sin ó Ḃrian, d' adṁuiġ sé Brian a ḃeiṫ 'n-a ríġ os a ċionn, agus ḃí ceangailte air as san amaċ an adṁáil sin do ṡeasaṁ. Ṫuigeadar go léir an níḋ sin go maiṫ agus ní raiḃ aon ċur 'n-a ċoinniḃ acu. Is aṁlaiḋ a ḃí áṫas mór orṫa fear a ḃeiṫ os a gcionn a ḃéaḋ ábalta ar iad do smaċtuġaḋ dá mba ġáḋ é.

Ṫáinig an ḃeirt ḃuaċailí aḃaile ċun na mainistreaċ agus ċun na leaḃar agus ċun an léiġinn.

Ḃí Brian pósta an tarna h-uair an uair sin. Gormḟlaiṫ ab ainim do'n tarna mnaoi. Ḃí sé 'n-a baintriġ nuair a ṗós Brian í. Drifiúr ab eaḋ í do Ṁaolmórḋa, an ríġ a ṫáinig ar Laiġniḃ nuair a ġéilleadar do Ḃrian. Ḃí sí pósta ar dtúis ag ríġ de ríġṫiḃ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ. Aṁlaoiḃ ab ainim do'n ríġ sin. Ḃí mac aici leis an Aṁlaoiḃ sin agus Sitric ab ainim do, agus ḃí sé 'n-a ríġ ar Loċlanaiġ Áṫa Cliaṫ nuair a ḃí sise pósta ag Brian i gCeann Cora.

Do réir gaċ seanaċais d'á mbainean leis an aimsir sin ní raiḃ an uair sin ar ṁnáiḃ an doṁain bean eile a ḃí i n-aon ġaor do ḃeiṫ ċóṁ breaġ leis an mnaoi sin. Aċ tá níḋ eile, leis, le feisgint sa tseanaċus. Ní raiḃ bean ar biṫ a ḃí ċóṁ breaġ léi. Ní lúġa 'ná mar a ḃí bean ar biṫ a ḃí ċóṁ h-olc léi. Nuair a ṗós Brian í ní raiḃ ḟios aige cad é an saġas é. Ḃí beartuiġṫe i n'aigne aige, ní h-aṁáin Gaeḋil Éirean do ḋlúṫuġaḋ le n-a ċéile i dtreó gur ṁóide a neart é i n-aġaiḋ naṁad iasaċta, aċ, dá mb’ ḟéidir é, na Loċlanaiġ a ḃí socair ċun cóṁnuiġṫe i n-Éirinn do ṫáṫuġaḋ leis na cineaċaiḃ Gaeḋlaċa, agus aon neart aṁáin a ḋéanaṁ díoḃ go léir. Ṫuig sé gur ṁaiṫ an congnaṁ dó