Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/27

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
23
NIAṀ

ċuige sin máṫair an ríġ a ḃí ar Loċlanaiġ Áṫa Cliaṫ a ḃeiṫ pósta aige; go dtaḃarfaḋ an cleaṁnas san páirt disi 'n-a ċóṁaċt féin agus páirt dó féin i gcóṁaċt a mic. Do neartuiġ sé an ṗáirt sin a ḃéaḋ aige féin i gcóṁaċt a mic, le cleaṁnas eile. Ṫug sé a inġean féin le pósaḋ do Ṡitric, do ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ.

Ḃí gaol agus cóṁngas aċmair go leór ansan idir é agus ríġ Laiġean agus idir é agus Loċlanaiġ Áṫa Cliaṫ, agus ḃí gaċ aon deaḃraṁ go ndéanfaḋ aimsir agus foiḋne agus faidearaíḋe agus deaġċóṁarsanaċt caradas do ḋlúṫuġaḋ agus do ḃuanuġaḋ idir é agus iad go léir, go mór mór ó ḃí san agus a mbuac féin ag teaċt isteaċ le n-a ċéile. Ḃí gaċ aon deaḃraṁ, leis, dá leanaḋ an caradas san agus an deaġ-ċóṁarsanaċt san go sroisfeaḋ Brian Árdríġeaċt na h-Éirean agus go leanfaḋ slioċt Ḃriain i n-Árdríġeaċt na h-Éirean, ó ġlúin go glúin, ar feaḋ mórán aimsire, agus go gcuirfeaḋ san raṫ agus séan, go saiḋḃir agus go marṫanaċ, ar Éirinn agus ar Ċlannaiḃ Gaeḋal, agus ar an gCreideaṁ i n-Éirinn.

Aċ ḃí a ṁalairt sin ar fad de ṁaċtnaṁ i n-aigne na Banríġne, i n-aigne Ġormḟlaiṫ. Ní h-ar Ḃrian ná ar a ṡlioċt a ḃí sí ag cuiṁneaṁ, i gcóir Árdríġeaċta na h-Éirean, sa n-aimsir a ḃí le teaċt, aċ ar a mac féin, ar Ṡitric, ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ. Ḃí Brian aosda. Ní raiḃ, agus a ḋíċeal a ḋéanaṁ, puínn eile aimsire aige le caiṫeaṁ ar an saoġal so. B'ḟearr léi í féin a ḃáṫ 'ná Murċaḋ ḋ'ḟeisgint i n' Árdríġ. Níor ḃ'ḟoláir, dar léi, rud éigin a ḋéanaṁ a ċoimeádfaḋ Murċaḋ as an Árdríġeaċt. Ċuir sí an sgéal i gcóṁairle a mic. Do socaruiġeaḋ eatarṫa ar niṁ a ṫaḃairt do Ḃrian. Dá mbéaḋ Brian as an slíġ do ṫuitfeaḋ a ċóṁaċt as a ċéile. Ansan níor ró ḋeacair di cóṁaċt na Loċlanaċ do ċruinniuġaḋ agus oileán na h-Éirean do ċur fé n-a smaċt féin, agus Árdríġ a