Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/28

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
24
NIAṀ

ḋéanaṁ d'á mac, de Ṡitric. Ḃí an t-uisge-fé-ṫalaṁ san ar siúḃal idir Ċeann Cora agus Áṫa Cliaṫ ar feaḋ aḃfad. Ḃí sé ar siúḃal, a gan ḟios do'n tsaoġal, le linn na h-aimsire 'n-a raiḃ an ḃeirt ḃuaċailí úd ag déanaṁ a ḃfoġluma i mainistir Ínse Caṫaiġ.


CAIBIDIOL V.

CREIDEAṀ 'Á ĠLACAḊ.

Tar éis suim aimsire ṫáinig an ḃeirt airís go Ceann Cora agus ḃí lá gleacaiḋeaċta eile acu agus oíḋċe ṡuairc 'n-a ḋiaiġ. Níor ḃ' ḟada gur ḋeineadar taiṫiġe de ḃeiṫ ag teaċt, agus ḃíoḋ súil leó agus fáilte rómpa ag gaċ aoinne sa teiġlaċ. Ḃíoḋ gaċ aoinne mór leó, agus gaċ aoinne ag déanaṁ cúraim díoḃ, agus ní raiḃ aoinne ba ṁó a ḋeineaḋ cúram díoḃ 'ná an Ḃanríġin. Ḋeineaḋ sí ana ċúram de'n ḃeirt, aċ nuair a ċuadar i dtaiṫiġe ḃeiṫ ag teaċt do ṫárla go mbíoḋ Aṁlaoiḃ agus í féin go minic ag caint agus ag cogarnaiġ fé leiṫ. Níor ḋein aoinne aon iongnaḋ ḋé sin. Loċlanaċ ab eaḋ é, agus mac ríġ ab eaḋ é, agus níor ḃ' aon iongnaḋ mórán a ḃeiṫ aici le ráḋ leis an mbuaċail i dtaoḃ a ṫíre féin agus i dtaoḃ a muintire.

Nuair a ṫáinig an t-am 'n-ar ṁiṫid do Ṫaḋg ua Ċealla cuaird a ṫaḃairt óṫuaiḋ go h-Uíḃ Máine, ag feuċaint a ṁuintire féin, ní ṡásóċ' aon rud é gan Aṁlaoiḃ do ḋul óṫuaiḋ i n-aonḟeaċt leis. Ċuaiḋ an ḃeirt óṫuaiḋ. Má ba ṁór an ḟáilte a ḃíoḋ roimis an mbeirt i gCeann Cora, agus má ba ṁór an cúram a deintí ḋíoḃ ann, ba ṁó 'ná san an ḟáilte a ḃí rómpa ṫuaiḋ, agus ba ġráḋṁaire, agus ba ṁó an cúram a deineaḋ díoḃ ann. Ḃí Taḋg Óg ua