Niamh/3

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Inntinn Bhriain
[ 16 ]

CAIBIDIOL III

INNTINN ḂRIAIN.

Do caiṫeaḋ an lá ar an gcuma san, go suairc agus go soilḃir agus go muintearṫa. Ansan so ṡuiġ cuideaċta ṁaiṫ uasal ċun dínnéir, agus do tairbeánaḋ uraim agus onóir do'n dá ṁac ríġ sin agus d'uaisliḃ eile a ṫáinig an lá san go ríġṫeiġlaċ Ḃriain ar ġnóṫaíḃ a ḃain leó féin.

Ḃí aġaiḋ na h-Éirean go léir an uair sin ar Ḃrian agus ar Ċeann Cora agus ar Ḋál gCais. Ḃí sé daingean i n-aigne gaċ aoinne, idir Ġaeḋal agus Loċlanaċ, nár ṁaiṫ an ḃail ar ċine Ġaeḋlaċ ná ar ċine Loċlanaċ Brian agus Clann Ċais a ḃeiṫ 'n-a naṁdaiḃ acu, agus gur ḃ' é a leas, ṫar gaċ níḋ, Brian agus Clann Ċais a ḃeiṫ 'n-a gcáirdiḃ acu. Gaċ aon ċine, d'á ḃríġ sin, ar fuid na h-Éirean, agus go mór mór ar fuid na Múṁan, a ḃeartuiġ go ḃféadfaidís caradas Ḃriain do ċoimeád, má ḃí sé acu, ḃídís ag teaċt go Ċeann Cora agus ag taḃairt cíosa nó bronntanas leó; agus an ṁuintir a ḃíoḋ a d'iaraiḋ an ċaradais sin a ḋ'ḟáġail dóiḃ féin mura raiḃ sé ċeana acu, ḃídís ag teaċt ar an gcuma gcéadna a d'iaraiḋ é ṫuilleaṁ.

Do ṫuig Brian iad go léir go h-áluinn. Fear ana ḋoiṁinn ab eaḋ é. Ḃí beartuiġṫe i n' aigne aige, agus ḃí an maċtnaṁ i n' aigne le fada ḋ'aimsir, neart na h-Éirean go léir do ċnuasaċ agus do ċur le ċéile i gcoinniḃ na Loċlanaċ, agus i gcoinniḃ gaċ naṁad iasaċta. Deire ċur leis an obair a ḃí ar siúḃal i n-Éirinn ar feaḋ cúpla céad blian an uair sin, nuair a ḃíoḋ eaglaisí agus mainistreaċa agus sgoileana d'á gcur suas le neart Creidiṁ agus dúil i léiġean agus i n-eólus, agus ansan nár ṫúisge a ḃídís [ 17 ]ṫuas 'ná mar a ḃíoḋ na Loċlanaiġ ag preabaḋ isteaċ agus 'á sgartáil, 'ġá losgaḋ agus ag losgaḋ na leaḃar a ḃíoḋ ionta agus ag marḃuġaḋ na manaċ. Do ṫuig Brian i n' aigne, nuair a ḋeineaḋ cléir agus daoine naoṁṫa na h-Éirean, agus luċt léiġinn na h-Éirean, na h-eaglaisí agus na mainistreaċa agus na sgoileana do ċur suas agus an obair do ċur ar siuḃal, gur ḃ'é ba lúġa ba ġann do ríġṫiḃ Éirean, agus d'ḟearaiḃ Éirean, Éire agus an obair, agus an ṁuintir a ḃí ag déanaṁ na h-oibre, go ċosaint ar naṁdaiḃ iasaċta. Ċonaic sé conus a ḃí an sgéal ag Éire oċt gcéad blian nó míle blian roimis sin, nuair a ḃí Fionn agus Fian Éirean beó, nó le linn Ċonċuḃair agus Ċúċulainn. Ḃí a leiṫéid sin de sgannra an uair sin ar ḋúṫaíḃ iasaċta roim ḟearaiḃ Éirean agus roim ċóṁaċt na h-Éirean nár leóṁaiḋ aon ċóṁaċt iasaċta aon ċur isteaċ a ḋéanaṁ orṫa. Dá mb' iad na Róṁánaiġ féin iad, do ċuireadar an dóṁan go léir fé n-a smaċt aċ Éire aṁáin. “Aċ!” a déarfaiḋ duine, b’ḟéidir, “Níor ḃ'ḟiú leó teaċt ag cur isteaċ ar oileán na h-Éirean. Ḃí Éire ró ṡuaraċ, dar leó, agus ró imigcéineaṁail.”

Náċ maiṫ na raiḃ Ínsí h-Orc ró imigcéineaṁail. Ċuir na Róṁanaiġ Sasana fé n-a smaċt, agus ċuireadar mórán de ċríċ Alban fé n-a smaċt. Agus ċuadar níba ṡia óṫuaiḋ agus ċuireadar Ínsí h-Orc fé n-a smaċt, d'á ḟaid óṫuaiḋ iad, agus d'á ṡuaraiġe le ráḋ iad an uair sin.

Ḃí ḟios acu go dian ṁaiṫ gur ḃ'ḟiú ḋóiḃ Éire ṫaḃairt fé n-a smaċt dá ḃféadaidís é. Ḃí aiṫne ṁaiṫ acu ar an oileán, aċ ḃí ḟios acu go maiṫ, leis, cad á an saġas daoine a ḃí 'n-a gcóṁnuíġe ar an oileán. Níor ṫánadar ag cur isteaċ orṫa. Níor ḋein cóṁaċt na Róṁa riaṁ oiread agus sméide ar oileán na h-Éirean.

Do ṫuig Brian, an rud a deineaḋ ċeana go ḃféadfaí é ḋéanaṁ airís. Go ḃféadfaí cóṁaċt na hÉirean do ċur le [ 18 ]ċéile, agus do ṫáṫuġaḋ i n-a ċéile, agus do ḋlúṫuġaḋ i n-a ċéile airís, agus neart fear Éirean do ġleusaḋ agus do ċóruġaḋ, mar a ġleus Fionn é. Ansan nár ḃaoġal ná go ḃfanfaḋ na Loċlanaiġ amaċ, nó dá dtagaidís gur ṫeaċt gan imṫeaċt dóiḃ é.

Is léir d'aon duine a ḋ'ḟeuċan isteaċ sa sgéal go raiḃ an maċtnaṁ san agus an beartuġaḋ san agus an inntinn sin, istiġ i gcroíḋe Ḃriain ó'n gcéad uair a ṫusnuiġ sé ar ḋroċ obair na Loċlanaċ do ṫuisgint i gceart. Níor ḃ'ḟuiriste ḋó, áṁṫaċ, a ḃeartuġaḋ do ċur i ngníoṁ mar ḃí ríġṫe Gaeḋal ar ḃeagán meaḃraċ agus ar ḃeagán tuisgiona an uair ċéadna. Níor ṫáinig aon ṗioc d'á ċuiṁneaṁ ċun aoinne acu go raiḃ aon ḃaoġal go ḃféadfaḋ Loċlanaiġ, ná aon alṁúraiġ eile, Éire do ċur fé n-a smaċt go h-iomlán ċóiḋċe. Do ṫuig Brian go raiḃ an baoġal ann, agus gur ṁóide an baoġal a luíġead a tuigeaḋ é. Ṫuig sé, leis, go mbéaḋ an baoġal ann an ḟaid a ḃéaḋ ríġṫe Éirean ag gaḃáil i gcoinniḃ a ċeile, agus ag troid le n-a ċéile, agus ag laguġaḋ a ċéile mar a ḃíodar. D'á ḃríġ sin, ċóṁ luaṫ agus ṫusnuiġ a ċóṁaċt ar ḋul i méid, do ṫusnuiġ se ar na ríġṫiḃ eile do ṫaḃairt sé n-a smaċt féin, agus ar a ċur ḟeuċaint orṫa oibriuġaḋ a' láṁaiḃ a ċéile i gcoinniḃ na Loċlanaċ. Níor ḃ' é sin féin aċ, fé mar a fuair sé an ċaoi air, do ġlac sé isteaċ 'n-a ṡlóiġtiḃ armála na Loċlanaiġ a ḃí dílis dó, ċun cogaiḋ a ḋéanaṁ i gcoinniḃ na Loċlanaċ eile. Ḃí cuid acu níba ḋílse ḋó 'ná mar a ḃí cuid des na h-Éireanaiġ.