Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
16
NIAṀ

CAIBIDIOL III

INNTINN ḂRIAIN.

Do caiṫeaḋ an lá ar an gcuma san, go suairc agus go soilḃir agus go muintearṫa. Ansan so ṡuiġ cuideaċta ṁaiṫ uasal ċun dínnéir, agus do tairbeánaḋ uraim agus onóir do'n dá ṁac ríġ sin agus d'uaisliḃ eile a ṫáinig an lá san go ríġṫeiġlaċ Ḃriain ar ġnóṫaíḃ a ḃain leó féin.

Ḃí aġaiḋ na h-Éirean go léir an uair sin ar Ḃrian agus ar Ċeann Cora agus ar Ḋál gCais. Ḃí sé daingean i n-aigne gaċ aoinne, idir Ġaeḋal agus Loċlanaċ, nár ṁaiṫ an ḃail ar ċine Ġaeḋlaċ ná ar ċine Loċlanaċ Brian agus Clann Ċais a ḃeiṫ 'n-a naṁdaiḃ acu, agus gur ḃ' é a leas, ṫar gaċ níḋ, Brian agus Clann Ċais a ḃeiṫ 'n-a gcáirdiḃ acu. Gaċ aon ċine, d'á ḃríġ sin, ar fuid na h-Éirean, agus go mór mór ar fuid na Múṁan, a ḃeartuiġ go ḃféadfaidís caradas Ḃriain do ċoimeád, má ḃí sé acu, ḃídís ag teaċt go Ċeann Cora agus ag taḃairt cíosa nó bronntanas leó; agus an ṁuintir a ḃíoḋ a d'iaraiḋ an ċaradais sin a ḋ'ḟáġail dóiḃ féin mura raiḃ sé ċeana acu, ḃídís ag teaċt ar an gcuma gcéadna a d'iaraiḋ é ṫuilleaṁ.

Do ṫuig Brian iad go léir go h-áluinn. Fear ana ḋoiṁinn ab eaḋ é. Ḃí beartuiġṫe i n' aigne aige, agus ḃí an maċtnaṁ i n' aigne le fada ḋ'aimsir, neart na h-Éirean go léir do ċnuasaċ agus do ċur le ċéile i gcoinniḃ na Loċlanaċ, agus i gcoinniḃ gaċ naṁad iasaċta. Deire ċur leis an obair a ḃí ar siúḃal i n-Éirinn ar feaḋ cúpla céad blian an uair sin, nuair a ḃíoḋ eaglaisí agus mainistreaċa agus sgoileana d'á gcur suas le neart Creidiṁ agus dúil i léiġean agus i n-eólus, agus ansan nár ṫúisge a ḃídís