Niamh/2

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Tadhg agus Amhlaoibh
[ 10 ]

CAIBIDIOL II.

TAḊG AGUS AṀLAOIḂ.

Tímpal na h-aimsire sin ḃí cuid des na Loċlanaiġ féin ag tusnuġaḋ ar an gCreideaṁ a ġlacaḋ, go mór mór, an ċuid acu a ḃí tar éis cur fúṫa i n-Éirinn agus cóṁnuiġe a ḋéanaṁ dóiḃ féin ann, agus tar éis cleaṁnaisí ḋéanaṁ le mnáiḃ Éireanaċa. D'eiriġ an cóṁngas, agus ansan an gaol, idir iad féin agus na cóṁarsain a ḃí 'n-a dtímpal. As san amaċ do ṫusnuiġdar ar nósaiḃ na h-Éirean do ġlacaḋ. Ċuaiḋ eólus ar an gCreideaṁ i ḃfeiḋm orṫa i [ 11 ]ndiaiġ ar ndiaiġ, agus ṫusnuiġdar ar an gCreideaṁ do ġlacaḋ. Ċun iad féin d'ollaṁuġaḋ i gceart i gcóir an Ċreidiṁ ṫusnuiġdar ar ḋul isteaċ ins na sgoileanaiḃ ċoṁ maiṫ le cáċ, agus rud a ċuirean iongnaḋ anois ar ḋaoine ná tuigean i gceart an ṁór-aigne atá sa n-Éireanaċ, ḃí fáilte rómpa ins na sgoileanaiḃ ċóṁ maiṫ agus a ḃí roiṁ ċáċ.

Lá, agus an obair ar siúḃal i sgolaiḃ na mainistreaċ, ṫáinig ógánaċ uasal ċun an oileáin. Ḃí folt fionn air, ag tuitim go trom anuas ar a ġuailliḃ agus ar a ṡlinneánaiḃ. Ḃí clóca, nó brat, aniar ar a ṡlinneánaiḃ mar ba ċeart a ḃeiṫ ar ṁac ríġ, agus ḃí sé ríoga 'n-a cruiṫ agus 'n-a ṗearsain. Go mór mór, ḃí an tsúil ríoga ag taiṫneaṁ 'n-a ċeann, súil iona raiḃ fíor uaisleaċt, gan uaḃar, úṁluiġeaċt gan ċeann-ísleaċt fírinne aigne gan noċtaḋ aigne. Ṫáinig sé go dorus na mainistreaċ. Ṫáinig an dóirseóir ċuige.

“D'oirfeaḋ dom, le d'ṫoil, an t-Abb a ḋ' ḟeisgint,” ar seisean leis an ndóirseóir.

“Tá go maiṫ, a ríġ,” arsa'n dóirseóir. “Buail mar seo, le d'ṫoil.”

Do rugaḋ i láṫair Ċolla é.

“Cad é seo atá uait, a ṁic?” arsa'n t-Abb leis.

“Tá, a Aṫair,” ar seisean, “gur ṁaiṫ liom, dá mb' é do ṫoil é, raint aimsire ċaiṫeaṁ sa ṁainistir seo ag déanaṁ foġluma.”

“Cé h-é ṫu, le d'ṫoil?” arsa'n t-Abb.

“Taḋg ua Cealla is ainim dom, a Aṫair,” arsa'n t-ógánaċ, “agus adtuaiḋ ó Uíḃ Máine do ṫánag.”

“Airiú,” arsa'n t-Abb, “an mac do Ṫaḋg Ṁór ua Ċealla ṫu!”

“Iseaḋ, a Aṫair,” arsa'n t-ógánaċ.

Do cuireaḋ isteaċ láiṫreaċ é sa sgoil a ḃí oireaṁnaċ dó. [ 12 ]Ḃí an Taḋg ua Cealla san oċt mbliana déag d' aois an uair sin.

Cúpla lá i ndiaiġ an lae a ṫáinig Taḋg ua Cealla ṫáinig ógánaċ eile isteaċ sa ṁainistir. Loċlanaċ ab eaḋ é, agus ba léir gur ṁac ríġ é. Ḃí folt gruaige air a ḃí ċóṁ duḃ le gual, agus ḃí a ċroicean ċóṁ geal leis an sneaċta. Ḃí luisne ċroíḋreaċ 'n-a ḋá leacain, agus ḃí gealġáire 'n-a ḋá ṡúil agus 'n-a ḃéal i dtreó go raiḃ báiġ ag gaċ aoinne leis ar an gcéad aṁarc.

Do tugaḋ i láṫair Ċolla é.

“Cad é an ainim atá ort-sa, a mic?” arsa Colla leis, “agus cá mbíon cóṁnuiġe ort nuair a ḃíon tú sa ḃaile?”

“Loċlanaċ iseaḋ mé, a Aṫair,” arsa'n t-ógánaċ, “agus Aṁlaoiḃ is ainim dom. Aṁlaoiḃ Óg a tugtar orm, mar Aṁlaoiḃ is ainim dom' aṫair leis. Ṫánag anso ċun sgoluiġeaċta d'ḟáġail, mar deir gaċ aoinne gur anso atá an sgoluiġeaċt is fearr le fáġail.”

“Tá go maiṫ,” arsa'n t-Abb. “Is dóċa náċ d'ár gCreideaṁ tú, aċ ní ḋeinean san deifríġeaċt ar biṫ. Taḃarṫas ó Ḋia iseaḋ an Creideaṁ. Múinfear duit anso pé léiġean nó pé eólus atá uait, agus ní baoġal duit go ndéanfaiḋ aoinne aon cur isteaċ ort mar ġeall ar ċreideaṁ.”

“Táim 'ġá ċuiṁneaṁ le fada, a Aṫair,” arsa'n t-ógánaċ, “gur ṁaiṫ an rud dom eólus éigin do ċur ar ḃúr gCreideaṁ. Ní féidir do ḋuine creideaṁ do ġlacaḋ gan eólus a ċur ar dtúis air. Má ċím ó'n eólus gur níḋ fóġanta é ba ċóir gur ṁaiṫ an rud dom é ġlacaḋ. Pé 'cu ġlacfad é nó ná glacfad cad é an díoḃáil a ḋéanfaiḋ sé ḋom eólus do ċur air?”

“Tá go maiṫ, a ṁic ó,” arsa'n t-Abb. “Lean do ṫoil agus do ṫuisgint féin sa níḋ sin. Go dtugaiḋ Dia agus Seanán naoṁṫa ḋuit an t-eólus atá uait!” [ 13 ]Do cuireaḋ Aṁlaoiḃ Óg isteaċ sa sgoil do ceapaḋ a ḃí oireaṁnaċ dó, agus cá gcurfaí é aċ isteaċ sa sgoil ċéadna 'n-ar cuireaḋ Taḋg ua Cealla.

Níor ḃ'ḟada gur ċuir an ḃeirt aiṫne ṁaiṫ ar a ċéile. Níor ḃ'ḟada gur eiriġ caradas mór eatarṫa. Ḃíodar araon go h-ana ṁaiṫ ċun an léiġinn a ṫógaint, agus ba ḋeacair d'aoinne a ḋ'innsint cé 'cu b'ḟearr ċuige. Ins gaċ níḋ a ḃain le neart géag agus le cleasaiḃ lúṫ dob' é an sgéal céadna é. Ní raiḃ aon ḃreiṫ ag aoinne de'n ḃeirt ar ḃuaċtaint i gceart ar an ḃfear eile. Aċ ḃí so le feisgint soiléir go leór. Ní raiḃ aon ḟear eile ins na sgolaiḃ sin a ḋ'ḟéadfaḋ cimilt le h-aoinne de'n ḃeirt i n-aon rud a ḃain le neart cuirp ná le cleasaiḃ lúṫ.

Ní raiḃ Taḋg Óg ua Cealla aḃfad i n-Inis Caṫaiġ nuair a rugaḋ soir go Ceann Cora é, go ríġṫeiġlaċ Ḃriain féin. Ḃí aiṫne ṁaiṫ agus cion mór ag Brian ar aṫair an ḟir óig sin, ar Ṫaḋg Ṁór ua Ċealla. Ní h-aon iongnaḋ nár fágaḋ Taḋg Óg aḃfad gan breiṫ soir go Ceann Cora.

Agus dar ndó' nuair a h-iaraḋ ar Ṫaḋg dul soir níor b' ḟéidir a ċara agus a ċóṁalta, Aṁlaoiḃ, a ḋ' ḟágáilt 'n-a ḋiaiġ sa ṁainistir. B' éigean dóiḃ araon dul soir. Ċóṁ luaṫ agus do cuireaḋ aiṫne ṫoir orṫa ba ḋóiċ leat gur anuas as an spéir a ṫuiteadar, ṫáinig a leiṫéid sin d' uraim ag gaċ aoinne ḋóiḃ agus a leiṫéid sin de ċion ag gaċ aoinne orṫa.

Ḃí ḟios ag gaċ aoinne gur ṁac ríġ Taḋg Óg ua Cealla, agus isé rud a deireaḋ na daoine a ċíoḋ é 'ná, “An t-é ná déanfaḋ aċ feuċaint air, gan aon ṗioc d'á ḟios a ḃeiṫ aige cé h-é féin, d' aiṫneóċ' sé gur mac ríġ é!” Ḃí an uraim ag ár sínsear riaṁ do'n ríġ agus do ṁac an ríġ. Ní’limíd féin ró ṡaor ó'n ngalar gcéadna.

Ḃí tuairim láidir ag daoine gur ṁac ríġ Aṁlaoiḃ, leis, bíoḋ ná dúḃairt sé féin, luaṫ ná mall, gur ḃ'eaḋ. Níor [ 14 ]adṁuiġ sé gur ḃ'eaḋ agus ní lúġa ná mar a ṡéan sé gur ḃ'eaḋ.

Áit ċun an uile ṡaġas cleasaiḋeaċta, idir ruiṫ agus léim agus iomrasgáil agus caiṫeaṁ cloċ araige agus tógaint ualaí troma, ab eaḋ Ceann Cora an uair sin, agus ḃí fir óga ann nár ḃ'ḟuiriste buaċtaint orṫa ins na gníoṁarṫaiḃ sin. Ḃí an ḃeirt a ṫáinig aniar ó Inis Caṫaiġ maiṫ a ndóṫin do'n ċuid ab ḟearr acu, 'sé sin d'á gcóṁnaoisiḃ. Ní raiḃ aon breiṫ acu, áṁṫaċ, ar aon ċimilt a ḋéanaṁ leis na fearaiḃ stáluiġṫe cruaḋa a ḃí ann.

I n-éaġmais na lúṫċleas ḃíoḋ cleasa agus gleacaiḋeaċt ar na h-airm acu. Ḃíoḋ airm éadtroma ann dos na buaċailíḃ ċun ḃeiṫ ag déanaṁ taiṫíġe ḋíoḃ. D'imir gaċ duine de'n ḃeirt cluiċe ar gaċ arm des na h-airm sin leis na buaċailíḃ ab fearr a ḃí ar ṫeiġlaċ Ḃriain, agus ċuireadar iongnaḋ ar gaċ aoinne. Ḃíoḋ capal bata acu ann agus marcaċ bréige anáirde air agus éide ar an marcaċ, agus gníoṁ fir ab eaḋ ruiṫ ċun an ṁarcaiġ sin agus buille ṫuaiġ a ṫaḃairt dó sa ċeaṫraṁain agus idir éide agus ceaṫraṁa do ġearaḋ leis an mbuille sin i dtreó go dtuitfeaḋ an ċos ar ṫaoḃ de'n ċapa agus an arcaċ ar an dtaoḃ eile.

Duḃairt Aṁlaoiḃ gur ḋóiċ leis go ndéanfaḋ sé an gníoṁ san. Do tugaḋ tuaġ Ṁurċaḋ ṁic Ḃriain ċuige. Ḃí sí ró ṫrom dó. Do tugaḋ tuaġ ná raiḃ ċóṁ trom ċuige. Do cuireaḋ anáirde an fear bréige ar an gcapal bréige. Do ċas Aṁlaoiḃ an tuaġ agus do riṫ sé ċun an ṁarcaiġ agus do ḃuail sé a ḃuille. Ċuir a buille stangaḋ sa n-éide a ḃí ar ceaṫraṁain an ḟir ḃréige. Sin ar ċuir.

Do cuireaḋ suas an fear bréige airís agus éide ṡlán air. Do rug Taḋg Óg ua Cealla ar ṫuaiġ eile. Do ṫoiḃ sé féin an tuaġ. Ḃain sé casaḋ as an dtuaiġ agus do riṫ sé ċun an ṁarcaiġ ḃréige. Ṫáinig an tuaġ anuas ar an [ 15 ]gceaṫraṁain. Do ṫuit an cos ar ṫaoḃ de'n ċapal agus an fear ar an dtaoḃ eile.

Do leaṫ a ḋá ṡúil ar Aṁlaoiḃ.

“Ó!” ar seisean, “Agus níor ċuiris leaṫ do nirt leis an mbuille!”

“Do ċuireas,” arsa Taḋg, “aċ níor ḋóiċ leat gur ċuireas. Cleas iseaḋ é. Ċuiris-se oiread nirt leis an mbuille agus ċuireas sa leis, aċ níor ṫugais a ċeart féin do'n ḟaoḃar. Ní'l ann ar fad aċ cleas, agus taiṫíġe ar an gcleas.”

“B'ḟéidir é,” arsa Aṁlaoiḃ, “aċ mo ṫruaġ-sa an fear go n-imireófá-sa an cleas san air i láṫair caṫa.”

Do rug Aṁlaoiḃ ar ḃoġ Ṁurċaḋ. Ṁeas sé an boġ do lúbaḋ. Do ṫeip air.

“Ba ṁaiṫ liom aon urċar aṁáin a ḋ'ḟeisgint uait, a ríġ,” ar seisean le Murċaḋ.

“Ċífir agus fáilte, a ṁic ó,” arsa Murċaḋ. Do rug Murċaḋ ar an mboġ agus do lúb sé é agus ċuir sé an tsrang air mar ba ċóir ċun láṁaiġ. Ansan do rug sé ar ṡaiġid agus ċuir sé an saiġead leis an sraing. Ḃí an boġ ḋá ṡlait ar faid. Ċuir sé an láṁ ċlé n-a lár. Ṫaraing sé an tsrang leis an láiṁ ḋeis go dtí gur ḋóiċ le duine ná raiḃ ḋá ṫroiġ idir ḋá ċeann an ḃoġa. Ṫug se aġaiḋ ar an dtaoḃ ṫall de'n ġleann. Do ṫárla éan faraige ḃeiṫ ag gluaiseaċt fan an ġleanna ṫall, lasmuiċ, dar le n-a raiḃ láiṫreaċ, de raon aon urċair. Do ṡeinn an tsrang. Do ġluais an saiġead. Ḃí súil gaċ aoinne ar an saiġead agus ar an éan. Ċonacadar ag teaċt ċun a ċéile iad. Do ċuaiḋ an saiġead tríd an éan agus ṫuiteadar araon ċun tailiṁ ṫall ar ṫaoḃ an ġleanna. Do riṫ buaċail anonn agus ṫug sé leis anall iad. Ḃí iongnaḋ agus alltaċt ar Aṁlaoiḃ nuair a ṫuig sé i n' aigne cad é an neart nár ḃ'ḟoláir a ḃeiṫ sa ḃfear a ċaiṫ an t-urċar san.