Jump to content

Niamh/1

From Wikisource
181443Niamh — Imirt AnamaPeadar Ua Laoghaire

[ 7 ]

NIAṀ.

LEABHAR A H-AON.

CAIBIDIOL I.

IMIRT ANAMA.

Sa ḃliain d' aois an Tiġearna naoi gcéad ċeiṫre fiċid a ceaṫair do ṫóg Brian Bóraṁa Luimneaċ ó-s na Loċlanaiġ. Do loisg sé an ċaṫair, agus an méid des na Loċlanaiġ nár marḃuiġeaḋ agus nár tógaḋ 'n-a bprísúnaċaiḃ, b'éigean dóiḃ teiṫeaḋ le n-a n-anam as an áit. Ċuaiḋ cuid acu síos go h-Inis Caṫaiġ. Ḃí seilḃ ag Loċlanaiġ i n-Inis Caṫaiġ an uair sin agus ar feaḋ mórán aimsire roimis sin. Ḃíodar tar éis na manaċ a ḋíbirt as an oileán agus iad féin do ḋainginiuġaḋ ann, agus ḃí an áit caoṫaṁail eiḋsáideaċ eacraċ acu, láṁ le faraige agus láṁ le tír. An soċar agus an saiḋḃreas a ḃeiridís leó as an dtír mór- ṫímpal, le guid agus le fuadaċ agus le creaċaḋ, ċoimeádaidís ar an oileán é go dtí go dtagaḋ na loingeas agus go ḃféadaidís é ċur soir aḃaile nó é ḋíol, nó é ṁalairtiuġaḋ ar ḃia nó ar éadaċ nó ar arm, nó ar pé neiṫe eile a ḃíoḋ ag teastuḃáil uaṫa.

Nuair a ṫáinig an luċt teiṫe anuas ó Luimneaċ agus nuair a ḋ'innseadar do Loċlanaiġ Ínse Caṫaiġ cad a ḃí déanta ag Brian, go raiḃ an ċaṫair 'n-a luaiṫriġ agus a raiḃ de ḋaoine inti marḃ nó tógṫa nó imṫiġṫe gan tuairisg, ṡocaruiġdar go léir ar an oileán do ċur i dtreó ċosanta ċóṁ maiṫ agus dob' ḟéidir é, agus ar iad féin a ċosaint go h-imirt anama. Ṫáinig triúr curaí anuas ó'n gcaṫair [ 8 ]i n-aonḟeaċt leis an luċt teiṫe. Íoṁar agus Aṁlaoiḃ agus Duíḃġean an triúr san.

Ċuireadar an t-oileán i dtreó ċosanta. Níor ḃ'ḟada go raiḃ Brian anuas 'n-a ndiaiġ. Do ḃris sé féin agus a ṡluaġ isteaċ ċúċa ar an oileán. Do troideaḋ go dian ó gaċ taoḃ. Imirt anama dáiríriḃ ab eaḋ é dos na Loċlanaiġ. Do briseaḋ agus do brúġaḋ agus do buaḋaḋ orṫa. Do ṫuiteadar 'n-a gcéadtaiḃ. Do fágaḋ a ḃforṁór marḃ ar an oileán agus do tógaḋ an triúr, Íoṁar agus Aṁlaoiḃ agus Duíḃġean. D'ḟág san Luimneaċ agus oileán Ínse Caṫaiġ folaṁ ó Loċlanaċaiḃ, agus gan aon tsúil go dtiucfaḋ a ṫuille acu ċun na háite sin, an ḟaid a ḃéaḋ Brian beó pé 'n-Éirinn é.

Nuair a tuigeaḋ an níḋ sin ṫáinig na manaiġ ċun an oileáin airís. Ṫáinig duine ana naoṁṫa n-ar ḃ' ainim dó Colla, agus ḃí sé i n' Abb ar an mainistir, agus ċuir sé gaċ gnó Creidiṁ ar siúḃal airís ann, fé ċomairce Ṡeanáin naoṁṫa. Na manaiġ agus na sagairt a ḋíbir na Loċlanaiġ as an áit ṫánadar airís, an méid a ḃí beó acu, agus do luiġdar isteaċ sa n-obair ḃeannuiġṫe mar ba ġnáṫ roimis sin. Ḃí gaċ aon rud loitiṫe briste sgartálta i ndiaiġ na Loċlanaċ. Do ḋein Colla na h-áiteana a ḃí beannuiġṫe do ċoisreacan airís, agus do ċuir Brian ċuige síos aḋmad agus cloċa agus aol agus saoir agus luċt ceárd, agus gaċ aon ċóir a ḃí riaċtanaċ ċun gaċ díoḃála d'ár ḋein na Loċlanaiġ do leiġeas, agus ċun gaċ ar ḃriseadar do ḋeisiuġaḋ, i dtreó, ar ball, go raiḃ an áit níos fearr agus níos uaisle agus níos órnáidiġe agus níos oireaṁnaiġe ċun gnóṫaí Creidiṁ agus ċun onóra ṫaḃairt do Ḋia ann, 'ná mar a ḃí sé, a déarfaḋ duine, sar a dtáinig aon Loċlanaċ riaṁ isteaċ ann.

Fé mar a ḃí na manaiġ ag teaċt tar n-ais ann ḃí na daoine, sa ċóṁarsanaċt mór-ṫímpal, ċóṁ fada siar le Léim [ 9 ]Ċúċulainn agus ċóṁ fada óṫuaiḋ le Cill Caoí, ag cur arḃair agus éadaiġ agus aḋḃar teine, agus neiṫe de'n tsórd san, isteaċ ċúċa ar an oileán. Do ċuir Brian féin ċúċa a lán neiṫe a ḃí ag teastuḃáil uaṫa agus nár ḃ’ ḟéidir dóiḃ a ḋ'ḟáġail ó's na daoine. Ċuir sé ċúċa, mar ḃara ar gaċ bronntanas eile, cailís óir a ḃí tar éis teaċt ċuige féin ó'n Róiṁ, ó'n bPápa, 'ġá ċur i n-iúil dó cad é an buiḋċas a ḃí ag an bPápa air mar ġeall ar a ṁór- ġníoṁarṫa i gcoinniḃ na Loċlanaċ, i gcoinniḃ naṁad an Ċreidiṁ. Ba ṁór ab ḟiú an ċailís sin. Ór ar fad ab eaḋ í, agus ḃí sí téagarṫa, trom, agus má ba ṁór ab ḟiú an méid óir a ḃí inti, ba ṁó 'ná san ab ḟiú an gréas órnáide a ḃí geárṫa uirṫi, ċóṁ h-ealaḋanta agus ċóṁ ceárdaṁail agus ċóṁ greanta. Aċ ḃí níḋ uirṫi a ḃí níba ḋaoire go mór 'ná an t-ór agus an órnáid i n-aonḟeaċt. Ḃí ag bun an cupáin uirṫi, mór-ṫímpal, sa n-áit 'n-a raiḃ an cupán suiḋte ar an gcois, crios de ċloċaiḃ lóġṁara go raiḃ, ba ḋóiċ leat, fuasgailt mic ríġ a' braiġdineas ins gaċ cloċ díoḃ. Ṫug Brian an ċailís sin do Ċolla agus do ṁainistir Ínse Caṫaiġ, i n-onóir do Ḋia agus do Ṡeanán naoṁṫa, agus ba ṁór ag Colla agus ag na manaiġ go léir, agus ag cléir na tíre go léir sa tímpal, an ċailís sin, agus ba ṁór é a mbuiḋċas ar Ḃrian d'á bár.

Ċóṁ luaṫ agus ḃí a manaiġ tagaiṫe ṫáinig na micléiġinn. Ċóṁ luaṫ agus ṫáinig na micléiġinn do cuireaḋ na sgoileana ar siúḃal.

Nuair a ṫáinig na Loċlanaiġ níor ḟáġadar aon níḋ i ḃfuirm leaḃair, d'ár ṫáinig fé n-a súiliḃ, gan cur sa teine nó sa n-uisge, agus ba ṁar a ċéile do leaḃraiḃ na h-aimsire sin teine nó uisge, mar is ar ċroicean a déintí an sgríḃinn agus do ḃaineaḋ an t-uisge an sgríḃinn de'n ċroicean ċóṁ luaṫ agus do fliuċtí é. Aċ níor ḃ' ḟada go raiḃ leaḃair a ndóṫin airís acu, mar, an ṁuintir a ḃí ag [ 10 ]teaċt do ṫugadar leaḃair leó ar iasaċt agus ansan do sgríoḃadar macṡaṁla, a ndóṫin díoḃ, sar ar ċuireadar aḃaile na h-iasaċtaí.

Níor ḃ' ḟada gur leaṫ an sgéal ar fuid na h-Éirean go raiḃ na sgoileana ar siúḃal airís i n-Inis Caṫaiġ. Ṫáinig na h-ógánaiġ ó gaċ aon ṗáirt d'Éirinn ċun na sgoluiġeaċta ḋ'ḟáġail. Ḃí ainim Ċolla i mbéalaiḃ daoine ar fuid na h-Éirean, agus lasmuiċ d'oileán na h-Éirean, le méid an eóluis a ḃí aige agus le doiṁneaċt a ṫuisgiona agus le feaḃas an teagaisg a ṫugaḋ sé dos na h-ógánaiġ. Ba ġearr go raiḃ na h-ógánaiġ ag teaċt anall ó'n oileán ar a dtugtar Sasana anois, agus adtuaiḋ ó Albain, agus andeas ó'n ḃFrainc agus ó'n Almáinn. Clann na ríġṫe agus na n-uasal isiad a ṫagaḋ. Do ġeiḃdís sgoluiġeaċt agus bia agus deoċ agus díon, agus gaċ coimeád suas eile a ṫeastuiġeaḋ uaṫa, saor i n-aisge, gan aon tsaġas díol- uiġeaċta, i sgolaiḃ na h-Éirean an uair sin. Níor ḃ' aon iongnaḋ go dtagaidís 'n-a gcéadtaiḃ agus 'n-a míltiḃ.