Jump to content

Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/14

From Wikisource
This page has been proofread.
10
NIAṀ

teaċt do ṫugadar leaḃair leó ar iasaċt agus ansan do sgríoḃadar macṡaṁla, a ndóṫin díoḃ, sar ar ċuireadar aḃaile na h-iasaċtaí.

Níor ḃ' ḟada gur leaṫ an sgéal ar fuid na h-Éirean go raiḃ na sgoileana ar siúḃal airís i n-Inis Caṫaiġ. Ṫáinig na h-ógánaiġ ó gaċ aon ṗáirt d'Éirinn ċun na sgoluiġeaċta ḋ'ḟáġail. Ḃí ainim Ċolla i mbéalaiḃ daoine ar fuid na h-Éirean, agus lasmuiċ d'oileán na h-Éirean, le méid an eóluis a ḃí aige agus le doiṁneaċt a ṫuisgiona agus le feaḃas an teagaisg a ṫugaḋ sé dos na h-ógánaiġ. Ba ġearr go raiḃ na h-ógánaiġ ag teaċt anall ó'n oileán ar a dtugtar Sasana anois, agus adtuaiḋ ó Albain, agus andeas ó'n ḃFrainc agus ó'n Almáinn. Clann na ríġṫe agus na n-uasal isiad a ṫagaḋ. Do ġeiḃdís sgoluiġeaċt agus bia agus deoċ agus díon, agus gaċ coimeád suas eile a ṫeastuiġeaḋ uaṫa, saor i n-aisge, gan aon tsaġas díol- uiġeaċta, i sgolaiḃ na h-Éirean an uair sin. Níor ḃ' aon iongnaḋ go dtagaidís 'n-a gcéadtaiḃ agus 'n-a míltiḃ.


CAIBIDIOL II.

TAḊG AGUS AṀLAOIḂ.

Tímpal na h-aimsire sin ḃí cuid des na Loċlanaiġ féin ag tusnuġaḋ ar an gCreideaṁ a ġlacaḋ, go mór mór, an ċuid acu a ḃí tar éis cur fúṫa i n-Éirinn agus cóṁnuiġe a ḋéanaṁ dóiḃ féin ann, agus tar éis cleaṁnaisí ḋéanaṁ le mnáiḃ Éireanaċa. D'eiriġ an cóṁngas, agus ansan an gaol, idir iad féin agus na cóṁarsain a ḃí 'n-a dtímpal. As san amaċ do ṫusnuiġdar ar nósaiḃ na h-Éirean do ġlacaḋ. Ċuaiḋ eólus ar an gCreideaṁ i ḃfeiḋm orṫa i