Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/13

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
9
NIAṀ

Ċúċulainn agus ċóṁ fada óṫuaiḋ le Cill Caoí, ag cur arḃair agus éadaiġ agus aḋḃar teine, agus neiṫe de'n tsórd san, isteaċ ċúċa ar an oileán. Do ċuir Brian féin ċúċa a lán neiṫe a ḃí ag teastuḃáil uaṫa agus nár ḃ’ ḟéidir dóiḃ a ḋ'ḟáġail ó's na daoine. Ċuir sé ċúċa, mar ḃara ar gaċ bronntanas eile, cailís óir a ḃí tar éis teaċt ċuige féin ó'n Róiṁ, ó'n bPápa, 'ġá ċur i n-iúil dó cad é an buiḋċas a ḃí ag an bPápa air mar ġeall ar a ṁór- ġníoṁarṫa i gcoinniḃ na Loċlanaċ, i gcoinniḃ naṁad an Ċreidiṁ. Ba ṁór ab ḟiú an ċailís sin. Ór ar fad ab eaḋ í, agus ḃí sí téagarṫa, trom, agus má ba ṁór ab ḟiú an méid óir a ḃí inti, ba ṁó 'ná san ab ḟiú an gréas órnáide a ḃí geárṫa uirṫi, ċóṁ h-ealaḋanta agus ċóṁ ceárdaṁail agus ċóṁ greanta. Aċ ḃí níḋ uirṫi a ḃí níba ḋaoire go mór 'ná an t-ór agus an órnáid i n-aonḟeaċt. Ḃí ag bun an cupáin uirṫi, mór-ṫímpal, sa n-áit 'n-a raiḃ an cupán suiḋte ar an gcois, crios de ċloċaiḃ lóġṁara go raiḃ, ba ḋóiċ leat, fuasgailt mic ríġ a' braiġdineas ins gaċ cloċ díoḃ. Ṫug Brian an ċailís sin do Ċolla agus do ṁainistir Ínse Caṫaiġ, i n-onóir do Ḋia agus do Ṡeanán naoṁṫa, agus ba ṁór ag Colla agus ag na manaiġ go léir, agus ag cléir na tíre go léir sa tímpal, an ċailís sin, agus ba ṁór é a mbuiḋċas ar Ḃrian d'á bár.

Ċóṁ luaṫ agus ḃí a manaiġ tagaiṫe ṫáinig na micléiġinn. Ċóṁ luaṫ agus ṫáinig na micléiġinn do cuireaḋ na sgoileana ar siúḃal.

Nuair a ṫáinig na Loċlanaiġ níor ḟáġadar aon níḋ i ḃfuirm leaḃair, d'ár ṫáinig fé n-a súiliḃ, gan cur sa teine nó sa n-uisge, agus ba ṁar a ċéile do leaḃraiḃ na h-aimsire sin teine nó uisge, mar is ar ċroicean a déintí an sgríḃinn agus do ḃaineaḋ an t-uisge an sgríḃinn de'n ċroicean ċóṁ luaṫ agus do fliuċtí é. Aċ níor ḃ' ḟada go raiḃ leaḃair a ndóṫin airís acu, mar, an ṁuintir a ḃí ag