Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
8
NIAṀ

i n-aonḟeaċt leis an luċt teiṫe. Íoṁar agus Aṁlaoiḃ agus Duíḃġean an triúr san.

Ċuireadar an t-oileán i dtreó ċosanta. Níor ḃ'ḟada go raiḃ Brian anuas 'n-a ndiaiġ. Do ḃris sé féin agus a ṡluaġ isteaċ ċúċa ar an oileán. Do troideaḋ go dian ó gaċ taoḃ. Imirt anama dáiríriḃ ab eaḋ é dos na Loċlanaiġ. Do briseaḋ agus do brúġaḋ agus do buaḋaḋ orṫa. Do ṫuiteadar 'n-a gcéadtaiḃ. Do fágaḋ a ḃforṁór marḃ ar an oileán agus do tógaḋ an triúr, Íoṁar agus Aṁlaoiḃ agus Duíḃġean. D'ḟág san Luimneaċ agus oileán Ínse Caṫaiġ folaṁ ó Loċlanaċaiḃ, agus gan aon tsúil go dtiucfaḋ a ṫuille acu ċun na háite sin, an ḟaid a ḃéaḋ Brian beó pé 'n-Éirinn é.

Nuair a tuigeaḋ an níḋ sin ṫáinig na manaiġ ċun an oileáin airís. Ṫáinig duine ana naoṁṫa n-ar ḃ' ainim dó Colla, agus ḃí sé i n' Abb ar an mainistir, agus ċuir sé gaċ gnó Creidiṁ ar siúḃal airís ann, fé ċomairce Ṡeanáin naoṁṫa. Na manaiġ agus na sagairt a ḋíbir na Loċlanaiġ as an áit ṫánadar airís, an méid a ḃí beó acu, agus do luiġdar isteaċ sa n-obair ḃeannuiġṫe mar ba ġnáṫ roimis sin. Ḃí gaċ aon rud loitiṫe briste sgartálta i ndiaiġ na Loċlanaċ. Do ḋein Colla na h-áiteana a ḃí beannuiġṫe do ċoisreacan airís, agus do ċuir Brian ċuige síos aḋmad agus cloċa agus aol agus saoir agus luċt ceárd, agus gaċ aon ċóir a ḃí riaċtanaċ ċun gaċ díoḃála d'ár ḋein na Loċlanaiġ do leiġeas, agus ċun gaċ ar ḃriseadar do ḋeisiuġaḋ, i dtreó, ar ball, go raiḃ an áit níos fearr agus níos uaisle agus níos órnáidiġe agus níos oireaṁnaiġe ċun gnóṫaí Creidiṁ agus ċun onóra ṫaḃairt do Ḋia ann, 'ná mar a ḃí sé, a déarfaḋ duine, sar a dtáinig aon Loċlanaċ riaṁ isteaċ ann.

Fé mar a ḃí na manaiġ ag teaċt tar n-ais ann ḃí na daoine, sa ċóṁarsanaċt mór-ṫímpal, ċóṁ fada siar le Léim