Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

NIAṀ.

LEABHAR A H-AON.

CAIBIDIOL I.

IMIRT ANAMA.

Sa ḃliain d' aois an Tiġearna naoi gcéad ċeiṫre fiċid a ceaṫair do ṫóg Brian Bóraṁa Luimneaċ ó-s na Loċlanaiġ. Do loisg sé an ċaṫair, agus an méid des na Loċlanaiġ nár marḃuiġeaḋ agus nár tógaḋ 'n-a bprísúnaċaiḃ, b'éigean dóiḃ teiṫeaḋ le n-a n-anam as an áit. Ċuaiḋ cuid acu síos go h-Inis Caṫaiġ. Ḃí seilḃ ag Loċlanaiġ i n-Inis Caṫaiġ an uair sin agus ar feaḋ mórán aimsire roimis sin. Ḃíodar tar éis na manaċ a ḋíbirt as an oileán agus iad féin do ḋainginiuġaḋ ann, agus ḃí an áit caoṫaṁail eiḋsáideaċ eacraċ acu, láṁ le faraige agus láṁ le tír. An soċar agus an saiḋḃreas a ḃeiridís leó as an dtír mór- ṫímpal, le guid agus le fuadaċ agus le creaċaḋ, ċoimeádaidís ar an oileán é go dtí go dtagaḋ na loingeas agus go ḃféadaidís é ċur soir aḃaile nó é ḋíol, nó é ṁalairtiuġaḋ ar ḃia nó ar éadaċ nó ar arm, nó ar pé neiṫe eile a ḃíoḋ ag teastuḃáil uaṫa.

Nuair a ṫáinig an luċt teiṫe anuas ó Luimneaċ agus nuair a ḋ'innseadar do Loċlanaiġ Ínse Caṫaiġ cad a ḃí déanta ag Brian, go raiḃ an ċaṫair 'n-a luaiṫriġ agus a raiḃ de ḋaoine inti marḃ nó tógṫa nó imṫiġṫe gan tuairisg, ṡocaruiġdar go léir ar an oileán do ċur i dtreó ċosanta ċóṁ maiṫ agus dob' ḟéidir é, agus ar iad féin a ċosaint go h-imirt anama. Ṫáinig triúr curaí anuas ó'n gcaṫair