ndiaiġ ar ndiaiġ, agus ṫusnuiġdar ar an gCreideaṁ do ġlacaḋ. Ċun iad féin d'ollaṁuġaḋ i gceart i gcóir an Ċreidiṁ ṫusnuiġdar ar ḋul isteaċ ins na sgoileanaiḃ ċoṁ maiṫ le cáċ, agus rud a ċuirean iongnaḋ anois ar ḋaoine ná tuigean i gceart an ṁór-aigne atá sa n-Éireanaċ, ḃí fáilte rómpa ins na sgoileanaiḃ ċóṁ maiṫ agus a ḃí roiṁ ċáċ.
Lá, agus an obair ar siúḃal i sgolaiḃ na mainistreaċ, ṫáinig ógánaċ uasal ċun an oileáin. Ḃí folt fionn air, ag tuitim go trom anuas ar a ġuailliḃ agus ar a ṡlinneánaiḃ. Ḃí clóca, nó brat, aniar ar a ṡlinneánaiḃ mar ba ċeart a ḃeiṫ ar ṁac ríġ, agus ḃí sé ríoga 'n-a cruiṫ agus 'n-a ṗearsain. Go mór mór, ḃí an tsúil ríoga ag taiṫneaṁ 'n-a ċeann, súil iona raiḃ fíor uaisleaċt, gan uaḃar, úṁluiġeaċt gan ċeann-ísleaċt fírinne aigne gan noċtaḋ aigne. Ṫáinig sé go dorus na mainistreaċ. Ṫáinig an dóirseóir ċuige.
“D'oirfeaḋ dom, le d'ṫoil, an t-Abb a ḋ' ḟeisgint,” ar seisean leis an ndóirseóir.
“Tá go maiṫ, a ríġ,” arsa'n dóirseóir. “Buail mar seo, le d'ṫoil.”
Do rugaḋ i láṫair Ċolla é.
“Cad é seo atá uait, a ṁic?” arsa'n t-Abb leis.
“Tá, a Aṫair,” ar seisean, “gur ṁaiṫ liom, dá mb' é do ṫoil é, raint aimsire ċaiṫeaṁ sa ṁainistir seo ag déanaṁ foġluma.”
“Cé h-é ṫu, le d'ṫoil?” arsa'n t-Abb.
“Taḋg ua Cealla is ainim dom, a Aṫair,” arsa'n t-ógánaċ, “agus adtuaiḋ ó Uíḃ Máine do ṫánag.”
“Airiú,” arsa'n t-Abb, “an mac do Ṫaḋg Ṁór ua Ċealla ṫu!”
“Iseaḋ, a Aṫair,” arsa'n t-ógánaċ.
Do cuireaḋ isteaċ láiṫreaċ é sa sgoil a ḃí oireaṁnaċ dó.