Jump to content

Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/16

From Wikisource
This page has been proofread.
12
NIAṀ

Ḃí an Taḋg ua Cealla san oċt mbliana déag d' aois an uair sin.

Cúpla lá i ndiaiġ an lae a ṫáinig Taḋg ua Cealla ṫáinig ógánaċ eile isteaċ sa ṁainistir. Loċlanaċ ab eaḋ é, agus ba léir gur ṁac ríġ é. Ḃí folt gruaige air a ḃí ċóṁ duḃ le gual, agus ḃí a ċroicean ċóṁ geal leis an sneaċta. Ḃí luisne ċroíḋreaċ 'n-a ḋá leacain, agus ḃí gealġáire 'n-a ḋá ṡúil agus 'n-a ḃéal i dtreó go raiḃ báiġ ag gaċ aoinne leis ar an gcéad aṁarc.

Do tugaḋ i láṫair Ċolla é.

“Cad é an ainim atá ort-sa, a mic?” arsa Colla leis, “agus cá mbíon cóṁnuiġe ort nuair a ḃíon tú sa ḃaile?”

“Loċlanaċ iseaḋ mé, a Aṫair,” arsa'n t-ógánaċ, “agus Aṁlaoiḃ is ainim dom. Aṁlaoiḃ Óg a tugtar orm, mar Aṁlaoiḃ is ainim dom' aṫair leis. Ṫánag anso ċun sgoluiġeaċta d'ḟáġail, mar deir gaċ aoinne gur anso atá an sgoluiġeaċt is fearr le fáġail.”

“Tá go maiṫ,” arsa'n t-Abb. “Is dóċa náċ d'ár gCreideaṁ tú, aċ ní ḋeinean san deifríġeaċt ar biṫ. Taḃarṫas ó Ḋia iseaḋ an Creideaṁ. Múinfear duit anso pé léiġean nó pé eólus atá uait, agus ní baoġal duit go ndéanfaiḋ aoinne aon cur isteaċ ort mar ġeall ar ċreideaṁ.”

“Táim 'ġá ċuiṁneaṁ le fada, a Aṫair,” arsa'n t-ógánaċ, “gur ṁaiṫ an rud dom eólus éigin do ċur ar ḃúr gCreideaṁ. Ní féidir do ḋuine creideaṁ do ġlacaḋ gan eólus a ċur ar dtúis air. Má ċím ó'n eólus gur níḋ fóġanta é ba ċóir gur ṁaiṫ an rud dom é ġlacaḋ. Pé 'cu ġlacfad é nó ná glacfad cad é an díoḃáil a ḋéanfaiḋ sé ḋom eólus do ċur air?”

“Tá go maiṫ, a ṁic ó,” arsa'n t-Abb. “Lean do ṫoil agus do ṫuisgint féin sa níḋ sin. Go dtugaiḋ Dia agus Seanán naoṁṫa ḋuit an t-eólus atá uait!”