Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
13
NIAṀ

Do cuireaḋ Aṁlaoiḃ Óg isteaċ sa sgoil do ceapaḋ a ḃí oireaṁnaċ dó, agus cá gcurfaí é aċ isteaċ sa sgoil ċéadna 'n-ar cuireaḋ Taḋg ua Cealla.

Níor ḃ'ḟada gur ċuir an ḃeirt aiṫne ṁaiṫ ar a ċéile. Níor ḃ'ḟada gur eiriġ caradas mór eatarṫa. Ḃíodar araon go h-ana ṁaiṫ ċun an léiġinn a ṫógaint, agus ba ḋeacair d'aoinne a ḋ'innsint cé 'cu b'ḟearr ċuige. Ins gaċ níḋ a ḃain le neart géag agus le cleasaiḃ lúṫ dob' é an sgéal céadna é. Ní raiḃ aon ḃreiṫ ag aoinne de'n ḃeirt ar ḃuaċtaint i gceart ar an ḃfear eile. Aċ ḃí so le feisgint soiléir go leór. Ní raiḃ aon ḟear eile ins na sgolaiḃ sin a ḋ'ḟéadfaḋ cimilt le h-aoinne de'n ḃeirt i n-aon rud a ḃain le neart cuirp ná le cleasaiḃ lúṫ.

Ní raiḃ Taḋg Óg ua Cealla aḃfad i n-Inis Caṫaiġ nuair a rugaḋ soir go Ceann Cora é, go ríġṫeiġlaċ Ḃriain féin. Ḃí aiṫne ṁaiṫ agus cion mór ag Brian ar aṫair an ḟir óig sin, ar Ṫaḋg Ṁór ua Ċealla. Ní h-aon iongnaḋ nár fágaḋ Taḋg Óg aḃfad gan breiṫ soir go Ceann Cora.

Agus dar ndó' nuair a h-iaraḋ ar Ṫaḋg dul soir níor b' ḟéidir a ċara agus a ċóṁalta, Aṁlaoiḃ, a ḋ' ḟágáilt 'n-a ḋiaiġ sa ṁainistir. B' éigean dóiḃ araon dul soir. Ċóṁ luaṫ agus do cuireaḋ aiṫne ṫoir orṫa ba ḋóiċ leat gur anuas as an spéir a ṫuiteadar, ṫáinig a leiṫéid sin d' uraim ag gaċ aoinne ḋóiḃ agus a leiṫéid sin de ċion ag gaċ aoinne orṫa.

Ḃí ḟios ag gaċ aoinne gur ṁac ríġ Taḋg Óg ua Cealla, agus isé rud a deireaḋ na daoine a ċíoḋ é 'ná, “An t-é ná déanfaḋ aċ feuċaint air, gan aon ṗioc d'á ḟios a ḃeiṫ aige cé h-é féin, d' aiṫneóċ' sé gur mac ríġ é!” Ḃí an uraim ag ár sínsear riaṁ do'n ríġ agus do ṁac an ríġ. Ní’limíd féin ró ṡaor ó'n ngalar gcéadna.

Ḃí tuairim láidir ag daoine gur ṁac ríġ Aṁlaoiḃ, leis, bíoḋ ná dúḃairt sé féin, luaṫ ná mall, gur ḃ'eaḋ. Níor