Jump to content

Niamh/5

From Wikisource
181447Niamh — Creideamh ’á ghlacadhPeadar Ua Laoghaire
[ 24 ]

CAIBIDIOL V.

CREIDEAṀ 'Á ĠLACAḊ.

Tar éis suim aimsire ṫáinig an ḃeirt airís go Ceann Cora agus ḃí lá gleacaiḋeaċta eile acu agus oíḋċe ṡuairc 'n-a ḋiaiġ. Níor ḃ' ḟada gur ḋeineadar taiṫiġe de ḃeiṫ ag teaċt, agus ḃíoḋ súil leó agus fáilte rómpa ag gaċ aoinne sa teiġlaċ. Ḃíoḋ gaċ aoinne mór leó, agus gaċ aoinne ag déanaṁ cúraim díoḃ, agus ní raiḃ aoinne ba ṁó a ḋeineaḋ cúram díoḃ 'ná an Ḃanríġin. Ḋeineaḋ sí ana ċúram de'n ḃeirt, aċ nuair a ċuadar i dtaiṫiġe ḃeiṫ ag teaċt do ṫárla go mbíoḋ Aṁlaoiḃ agus í féin go minic ag caint agus ag cogarnaiġ fé leiṫ. Níor ḋein aoinne aon iongnaḋ ḋé sin. Loċlanaċ ab eaḋ é, agus mac ríġ ab eaḋ é, agus níor ḃ' aon iongnaḋ mórán a ḃeiṫ aici le ráḋ leis an mbuaċail i dtaoḃ a ṫíre féin agus i dtaoḃ a muintire.

Nuair a ṫáinig an t-am 'n-ar ṁiṫid do Ṫaḋg ua Ċealla cuaird a ṫaḃairt óṫuaiḋ go h-Uíḃ Máine, ag feuċaint a ṁuintire féin, ní ṡásóċ' aon rud é gan Aṁlaoiḃ do ḋul óṫuaiḋ i n-aonḟeaċt leis. Ċuaiḋ an ḃeirt óṫuaiḋ. Má ba ṁór an ḟáilte a ḃíoḋ roimis an mbeirt i gCeann Cora, agus má ba ṁór an cúram a deintí ḋíoḃ ann, ba ṁó 'ná san an ḟáilte a ḃí rómpa ṫuaiḋ, agus ba ġráḋṁaire, agus ba ṁó an cúram a deineaḋ díoḃ ann. Ḃí Taḋg Óg ua [ 25 ]Cealla i dteiġlaċ a aṫar féin nuair a ċuaiḋ sé óṫuaiḋ go h-Uíḃ Máine, agus is 'mó rud ḟéadfaḋ sé a ḋéanaṁ ann ċun cúraim a ḋéanaṁ de ċaraid ná féadfaḋ sé a ḋéanaṁ i ríġṫeiġlaċ Ḃriain i gCeann Cora. Do ḋein sé gaċ aon rud fé mar a ṫaiṫn leis ċun a ṫaisbeáint cad é an cion a ḃí aige ar a ċoṁrádaiḋe. Nuair a ċonaic an t-aṫair, Taḋg Mór féin, an cúram go léir 'á ḋéanaṁ de'n ógánaċ Loċlanaċ do ḋein sé féin cúram dé, ċun a ṁic do ṡásaṁ. Ansan do ḋein an ṁáṫair, agus an ċuid eile de'n ċlainn, an cúram céadna ḋé, ċun Taiḋg Óig do ṡásaṁ. Níor ḋeacair dóiḃ sin, mar, ċóṁ luaṫ agus ṫáinig sé 'n-a measg, agus ċóṁ luaṫ agus do ċonacadar é agus do laḃradar leis, ṫáinig báiġ ċóṁ mór san acu féin leis go mbéaḋ fáilte acu roimis agus go ndéanfaidís cúram dé ar a ṡon féin dá mba ná béaḋ Taḋg Óg i n-aon ċor ann. Ḃí saoġal maiṫ aige an ḟaid a ḃí sé ṫuaiḋ.

Do críoċnuiġeaḋ an ċuaird agus ṫáinig an ḃeirt ṫar n-ais go h-Inis Caṫaiġ.

Do ġluais raint aimsire. Ḃí Aṁlaoiḃ ag déanaṁ na foġluma go tiuġ. Lá d'á raiḃ an ḃeirt i ḃfoċair a ċéile ar imeal an oileáin, ar bruaċ na faraige, do laḃair Aṁlaoiḃ. Duḃairt sé gur ṁaiṫ leis an Creideaṁ a ġlacaḋ. Ḃí áṫas mór ar Ṫaḋg.

“Is fearr laḃairt leis an Abb,” ar seisean.

Do laḃradar leis an Abb.

“Tá go maiṫ,” arsa'n t-Abb. “Ní foláir an Creideaṁ a ṁúineaḋ ḋuit ar dtúis.”

Do ceapaḋ sagart ċun an Ċreidiṁ a ṁúineaḋ ḋó. Do glacaḋ an sgéal go réiḋ. Do tugaḋ a ḋóṫin aimsire ḋó ċun an Ċreidiṁ a ḋ' ḟoġluim. Do tugaḋ níba ṁó 'ná a ḋóṫin aimsire ḋó. Fear eagnaiḋe ab eaḋ Colla. Ṫuig sé gur “ḃ' ḟearr feuċaint roime ḋuine 'ná ḋá ḟeuċaint 'n-a ḋiaiġ,” gur ḃ'ḟearr deiṁne ḋéanaṁ sar a' ndéanfaí diṫineas. [ 26 ]Gur ḃ' ḟearr “ḃeiṫ díoṁaoín 'ná droċ ġnóṫaċ.” Aċ do múineaḋ an Creideaṁ d'Aṁlaoiḃ, agus do ċuir sé an ríġneas go léir dé go breáġ réiḋ foiḋneaċ. Ba léir do gaċ aoinne go raiḃ sé dílis, dáiríriḃ. Do baisteaḋ é. Tar éis raint eile aimsire do ḋein sé faoisdin agus do cuireaḋ fé láiṁ Easboig é. Ansan, tar éis tuille aimsire ḋein sé faoisdin agus ġlac sé Comaoine. Ḃí áṫas mór sa ṁainistir agus buiḋċas mór 'á ṫaḃairt do Ḋia mar ġeall ar a ṫaḃarṫaistí.

Ṫáinig an t-am do'n ḃeirt ċun dul soir go Ceann Cora ar ċuaird. Ċuadar soir. Ḃí míle fáilte rómpa mar ba ġnáṫ. Aċ ḃí rud éigin tagaiṫe sa ḃfáilte ná bíoḋ ann roimis sin. Ḃí an osgailt croíḋe ann a ḃainean leis an gCreideaṁ. Ní h-aiṫniġtear cad a ḃainean leis an osgailt croíḋe sin go dtí go moṫuiġtear beó é. Ní raiḃ aon ṗioc d'á ḟios ag Aṁlaoiḃ cad a ḃain leis go dtí gur ṁoṫuiġ sé beó é. An cion a ġeiḃeaḋ sé i gCeann Cora agus i n-Uíḃ Máine sar ar ġlac sé an Creideaṁ, níor ṫug sé fé ndeara go raiḃ aon rud i n-easnaṁ air. Ḃíoḋ gaċ aoinne geal dó. Níor ṁeas sé go ḃféadfaidís ḃeiṫ níba ġile ḋó. Nuair a ṫáinig sé, tar éis an Ċreidiṁ a ġlacaḋ ḋó, ansan iseaḋ ṫuig sé cad a ḃain leis an osgailt croíḋe. Do ċonaic sé ansan go soiléir nár ḃ'é an duine céadna i n-aon ċor acu é, agus nár ḃ'é an cion céadna i n-aon ċor a taisbeána dó. Gur h-osgalaḋ dó, i gcroíḋṫiḃ na ndaoine, seómra éigin a ḃí, ní h-aṁáin dúnta uaiḋ roimis sin, aċ a ḃí ann a gan ḟios dó agus ná raiḃ aon ṗioc d'á ḟios aige é ḃeiṫ ann i n-aon ċor.

Ḃí áṫas ana ṁór ar ṁuintir Ṫaiḋg Óig uí Ċealla nuair a ṫáinig an ḃeirt ċuċa agus Aṁlaoiḃ tar éis an Ċreidiṁ a ġlacaḋ. Dá mba ḃuaċail Taḋg go ḃféadfaí éad a ċur air do ḃéaḋ éad a ḋóṫin air, do ḋeineaḋ a ṁuintir a leiṫéid de ċúram d' Aṁlaoiḃ. [ 27 ]Ḃí drifiúr ag Taḋg. Mórling ab ainim di. Ḃí sí fionn ar nós a driṫár. Cailín ana ḋaṫaṁail ab eaḋ í. Ḃí a gruaig ar ḋaṫ an óir. Ḃí idir ġruaig agus daṫ ċóṁ saiḋḃir sin gur tugaḋ “Niaṁ Ċinn Óir” mar ainim-ċeana uirṫi nuair a ḃí sí 'n-a leanḃ beag. D'oir an ainim ċóṁ maiṫ san di gur lean sé ḋi. Ansan do ṫug daoine mar ḃéas dóiḃ féin an cóṁngar a ġlacaḋ ar an ainim agus gan a ṫaḃairt uirṫi aċ Niaṁ. Sa n-am 'n-a mbíoḋ a driṫáir agus Aṁlaoiḃ ag teaċt ó ṁainistir Ínse Caṫaiġ go tiġ a h-aṫar ḃí sí seaċt mbliana déag, agus deirtí go dtógfaḋ sé an ceó de ċroíḋe ḋuine feuċaint uirṫi, ḃí a sgéiṁ ċóṁ h-áluinn sin. Deirtí gur ḋóiċ le duine go mbíoḋ mar a ḃéaḋ sgáil éigin soluis 'n-a tímpal, i dtreó, nuair a ṫagaḋ sí isteaċ i gcuideaċtain, gur ċuma é nó gaṫ gréine do ṫeaċt isteaċ ann. Ḃí a lán d'uaisliḃ óga na tíre agus ba ró ṁaiṫ leó ḃeiṫ 'n-a cuideaċtain agus ḃeiṫ go mór léi, aċ ḃí ḋá ṡúil ġorma, ṡolusṁara, ríoga 'n-a ceann, agus ní raiḃ aon duine des na h-uaisliḃ óga san a ḋ'ḟéadfaḋ an ḟeuċaint a ḃí ins na súiliḃ sin do ṡeasaṁ dá dtugaḋ a ṡúile féin, 'n-a gcoinniḃ, aon ḟeuċaint nár ċeart. Ḃí an ḟuil uasal inti, an ḟuil ríoga. D'inis a ḋá ṡúil duit, ar an gcéad aṁarc, gur ḃ' í inġean Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla a ḃí agat, agus pé 'cu b'í nó nár ḃ'í, gur ḃ'é do ḃuac ḃeiṫ ċóṁ múinte ċóṁ béasaċ agus d'ḟéadfá ḃeiṫ.

I dtaoḃ an óigḟir, áṁṫaċ, a ṫagaḋ i n-aonḟeaċt le n-a driṫáir andeas ó ṁainistir Ínse Caṫaiġ, ċonaic sí an ġruaig ċíorḋuḃ air, an t-ualaċ gruaige go raiḃ dóṫin trír ann, agus é ag tuitim síos leis na h-uiseanaiḃ a ḃí ar ḋaṫ an tsneaċtaiḋ; ar na slinneánaiḃ breaġṫa láidire leaṫana; síos go caol an droma, caol droma a ḃí ċóṁ seang le caol droma an ċapail ráis, agus go raiḃ neart suiḋte ann mar a ḃéaḋ i ndrom an ċapail ráis. Ċonaic sí an dá ṡúil a ḃí 'n-a ċeann agus iad ċóṁ duḃ leis an sméaraṁán, agus, [ 28 ]nuair a ġáireaḋ sé, an teine creasa ag teaċt as na súiliḃ sin le neart suilt agus deaġ-ṁéinne, ba ḋóiċ leat. Ċonaic sí na neiṫe sin go léir an ċéad lá a ṫáinig an t-Aṁlaoiḃ sin go h-Uíḃ Máine, agus má ċonaic do ṫug sí gráḋ agus taitneaṁ a croíḋe agus a h-aigne ḋó go h-iomlán agus go beaċt, láiṫreaċ bonn, gan aon dá ċuid a ḋéanaṁ díoḃ. Do ṫuig Aṁlaoiḃ gur ṫug, agus do ṫuig sise gur tugaḋ an gráḋ agus an taiṫneaṁ céadna ḋi agus ḃí a h-aigne sásta. Níor laḃair aoinne de'n ḃeirt aon ḟocal. Ní raiḃ gáḋ le caint. Ḃí an sgéal go léir socair eatarṫa ar an gcéad ḟeuċaint. Ḋeineadar an ċaint a ḋein an ċuid eile a ḃí láiṫreaċ agus níor tugaḋ aon ṗioc dá ḟios d'aoinne d'á raiḃ láiṫreaċ go raiḃ an sgéal san socair eatarṫa.