Gur ḃ' ḟearr “ḃeiṫ díoṁaoín 'ná droċ ġnóṫaċ.” Aċ do múineaḋ an Creideaṁ d'Aṁlaoiḃ, agus do ċuir sé an ríġneas go léir dé go breáġ réiḋ foiḋneaċ. Ba léir do gaċ aoinne go raiḃ sé dílis, dáiríriḃ. Do baisteaḋ é. Tar éis raint eile aimsire do ḋein sé faoisdin agus do cuireaḋ fé láiṁ Easboig é. Ansan, tar éis tuille aimsire ḋein sé faoisdin agus ġlac sé Comaoine. Ḃí áṫas mór sa ṁainistir agus buiḋċas mór 'á ṫaḃairt do Ḋia mar ġeall ar a ṫaḃarṫaistí.
Ṫáinig an t-am do'n ḃeirt ċun dul soir go Ceann Cora ar ċuaird. Ċuadar soir. Ḃí míle fáilte rómpa mar ba ġnáṫ. Aċ ḃí rud éigin tagaiṫe sa ḃfáilte ná bíoḋ ann roimis sin. Ḃí an osgailt croíḋe ann a ḃainean leis an gCreideaṁ. Ní h-aiṫniġtear cad a ḃainean leis an osgailt croíḋe sin go dtí go moṫuiġtear beó é. Ní raiḃ aon ṗioc d'á ḟios ag Aṁlaoiḃ cad a ḃain leis go dtí gur ṁoṫuiġ sé beó é. An cion a ġeiḃeaḋ sé i gCeann Cora agus i n-Uíḃ Máine sar ar ġlac sé an Creideaṁ, níor ṫug sé fé ndeara go raiḃ aon rud i n-easnaṁ air. Ḃíoḋ gaċ aoinne geal dó. Níor ṁeas sé go ḃféadfaidís ḃeiṫ níba ġile ḋó. Nuair a ṫáinig sé, tar éis an Ċreidiṁ a ġlacaḋ ḋó, ansan iseaḋ ṫuig sé cad a ḃain leis an osgailt croíḋe. Do ċonaic sé ansan go soiléir nár ḃ'é an duine céadna i n-aon ċor acu é, agus nár ḃ'é an cion céadna i n-aon ċor a taisbeána dó. Gur h-osgalaḋ dó, i gcroíḋṫiḃ na ndaoine, seómra éigin a ḃí, ní h-aṁáin dúnta uaiḋ roimis sin, aċ a ḃí ann a gan ḟios dó agus ná raiḃ aon ṗioc d'á ḟios aige é ḃeiṫ ann i n-aon ċor.
Ḃí áṫas ana ṁór ar ṁuintir Ṫaiḋg Óig uí Ċealla nuair a ṫáinig an ḃeirt ċuċa agus Aṁlaoiḃ tar éis an Ċreidiṁ a ġlacaḋ. Dá mba ḃuaċail Taḋg go ḃféadfaí éad a ċur air do ḃéaḋ éad a ḋóṫin air, do ḋeineaḋ a ṁuintir a leiṫéid de ċúram d' Aṁlaoiḃ.