Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/31

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
27
NIAṀ

Ḃí drifiúr ag Taḋg. Mórling ab ainim di. Ḃí sí fionn ar nós a driṫár. Cailín ana ḋaṫaṁail ab eaḋ í. Ḃí a gruaig ar ḋaṫ an óir. Ḃí idir ġruaig agus daṫ ċóṁ saiḋḃir sin gur tugaḋ “Niaṁ Ċinn Óir” mar ainim-ċeana uirṫi nuair a ḃí sí 'n-a leanḃ beag. D'oir an ainim ċóṁ maiṫ san di gur lean sé ḋi. Ansan do ṫug daoine mar ḃéas dóiḃ féin an cóṁngar a ġlacaḋ ar an ainim agus gan a ṫaḃairt uirṫi aċ Niaṁ. Sa n-am 'n-a mbíoḋ a driṫáir agus Aṁlaoiḃ ag teaċt ó ṁainistir Ínse Caṫaiġ go tiġ a h-aṫar ḃí sí seaċt mbliana déag, agus deirtí go dtógfaḋ sé an ceó de ċroíḋe ḋuine feuċaint uirṫi, ḃí a sgéiṁ ċóṁ h-áluinn sin. Deirtí gur ḋóiċ le duine go mbíoḋ mar a ḃéaḋ sgáil éigin soluis 'n-a tímpal, i dtreó, nuair a ṫagaḋ sí isteaċ i gcuideaċtain, gur ċuma é nó gaṫ gréine do ṫeaċt isteaċ ann. Ḃí a lán d'uaisliḃ óga na tíre agus ba ró ṁaiṫ leó ḃeiṫ 'n-a cuideaċtain agus ḃeiṫ go mór léi, aċ ḃí ḋá ṡúil ġorma, ṡolusṁara, ríoga 'n-a ceann, agus ní raiḃ aon duine des na h-uaisliḃ óga san a ḋ'ḟéadfaḋ an ḟeuċaint a ḃí ins na súiliḃ sin do ṡeasaṁ dá dtugaḋ a ṡúile féin, 'n-a gcoinniḃ, aon ḟeuċaint nár ċeart. Ḃí an ḟuil uasal inti, an ḟuil ríoga. D'inis a ḋá ṡúil duit, ar an gcéad aṁarc, gur ḃ' í inġean Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla a ḃí agat, agus pé 'cu b'í nó nár ḃ'í, gur ḃ'é do ḃuac ḃeiṫ ċóṁ múinte ċóṁ béasaċ agus d'ḟéadfá ḃeiṫ.

I dtaoḃ an óigḟir, áṁṫaċ, a ṫagaḋ i n-aonḟeaċt le n-a driṫáir andeas ó ṁainistir Ínse Caṫaiġ, ċonaic sí an ġruaig ċíorḋuḃ air, an t-ualaċ gruaige go raiḃ dóṫin trír ann, agus é ag tuitim síos leis na h-uiseanaiḃ a ḃí ar ḋaṫ an tsneaċtaiḋ; ar na slinneánaiḃ breaġṫa láidire leaṫana; síos go caol an droma, caol droma a ḃí ċóṁ seang le caol droma an ċapail ráis, agus go raiḃ neart suiḋte ann mar a ḃéaḋ i ndrom an ċapail ráis. Ċonaic sí an dá ṡúil a ḃí 'n-a ċeann agus iad ċóṁ duḃ leis an sméaraṁán, agus,