Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/32

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
28
NIAṀ

nuair a ġáireaḋ sé, an teine creasa ag teaċt as na súiliḃ sin le neart suilt agus deaġ-ṁéinne, ba ḋóiċ leat. Ċonaic sí na neiṫe sin go léir an ċéad lá a ṫáinig an t-Aṁlaoiḃ sin go h-Uíḃ Máine, agus má ċonaic do ṫug sí gráḋ agus taitneaṁ a croíḋe agus a h-aigne ḋó go h-iomlán agus go beaċt, láiṫreaċ bonn, gan aon dá ċuid a ḋéanaṁ díoḃ. Do ṫuig Aṁlaoiḃ gur ṫug, agus do ṫuig sise gur tugaḋ an gráḋ agus an taiṫneaṁ céadna ḋi agus ḃí a h-aigne sásta. Níor laḃair aoinne de'n ḃeirt aon ḟocal. Ní raiḃ gáḋ le caint. Ḃí an sgéal go léir socair eatarṫa ar an gcéad ḟeuċaint. Ḋeineadar an ċaint a ḋein an ċuid eile a ḃí láiṫreaċ agus níor tugaḋ aon ṗioc dá ḟios d'aoinne d'á raiḃ láiṫreaċ go raiḃ an sgéal san socair eatarṫa.


CAIBIDIOL VI.

AḊḂAR AN tSAGAIRT.

Nuair a ṫáinig an sgéal nua go raiḃ Aṁlaoiḃ ag glacaḋ an Ċreidiṁ ḃí áṫas mór ar gaċ aoinne i gCeann Cora agus ar gaċ aoinne i n-Uíḃ Máine, agus ní raiḃ duine i gCeann Cora ná i n-Uíḃ Máine ba ṁó áṫas 'ná Niaṁ. Nuair a ṫáinig Aṁlaoiḃ go h-Uíḃ Máine agus é tar éis an Ċreidiṁ a ġlacaḋ, do fuair se an osgailt croíḋe ó gaċ aoinne, aċ ní raiḃ aoinne ba ṁó a ṫug osgailt croíḋe dó ná mar a ṫug Niaṁ. Aċ má seaḋ níor leig sí uirṫi gur ṫug. Ḃí sí díreaċ mar a ḃí an ċuid eile de'n teiġlaċ, ċóṁ fada agus a ḋ' ḟéad aoinne a ṫuisgint.

Do lean an sgéal ar an gcuma san. Tar éis suim aimsire do laḃair Aṁlaoiḃ airís le n-a ċara, le Taḋg Óg ua Cealla.