Niamh/6

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Adhbhar an tSagairt
[ 28 ]

CAIBIDIOL VI.

AḊḂAR AN tSAGAIRT.

Nuair a ṫáinig an sgéal nua go raiḃ Aṁlaoiḃ ag glacaḋ an Ċreidiṁ ḃí áṫas mór ar gaċ aoinne i gCeann Cora agus ar gaċ aoinne i n-Uíḃ Máine, agus ní raiḃ duine i gCeann Cora ná i n-Uíḃ Máine ba ṁó áṫas 'ná Niaṁ. Nuair a ṫáinig Aṁlaoiḃ go h-Uíḃ Máine agus é tar éis an Ċreidiṁ a ġlacaḋ, do fuair se an osgailt croíḋe ó gaċ aoinne, aċ ní raiḃ aoinne ba ṁó a ṫug osgailt croíḋe dó ná mar a ṫug Niaṁ. Aċ má seaḋ níor leig sí uirṫi gur ṫug. Ḃí sí díreaċ mar a ḃí an ċuid eile de'n teiġlaċ, ċóṁ fada agus a ḋ' ḟéad aoinne a ṫuisgint.

Do lean an sgéal ar an gcuma san. Tar éis suim aimsire do laḃair Aṁlaoiḃ airís le n-a ċara, le Taḋg Óg ua Cealla.

[ 29 ]“Táim 'á ċuiṁneaṁ, a Ṫaiḋg,” ar seisean, “gur ṁaiṫ liom ḃeiṫ am' ṡagart.”

“Laḃair le Colla mar ġeall air sin,” arsa Taḋg.

Do laḃair.

“B'ḟéidir, a ṁic ó,” arsa Colla, “ná fuil fios t' aigne féin i gceart agat i dtaoḃ na h-inntinne sin. Is fearr maċtnaṁ a ḋéanaṁ ar an sgéal. Imṫiġ leat agus taḃair aire do t' ċuid léiġinn, agus tar ċúġam airís mí ó 'ndiu má's maiṫ leat é, agus i gcaiṫeaṁ an ṁí bí 'ġá iaraiḋ ar Ḋia, tré ímpíḋe Ṡeanáin, tú ṡeólaḋ ar do leas.”

D'imṫiġ an mí. Ṫáinig Aṁlaoiḃ airís ag triall ar Ċolla.

“Tá sé socair am' aigne, a Aṫair,” ar seisean, “gur am' ṡagart is ceart dom mo ṡaoġal do ċaiṫeaṁ.”

“Tá go maiṫ, a ṁic ó,” arsa Colla.

Do cuireaḋ isteaċ é ameasg na mac léiġinn a ḃí d'á n-ollaṁuġaḋ d' Órd Ḃeannuiġṫe. Níor ḃ'ḟada gur h-airiġeaḋ i gCeann Cora agus i n-Uíḃ Máine gur deineaḋ. Dúḃairt a lán daoine gur ṁaiṫ é. Dúḃairt a lán eile gur ṁór an truaġ sagart a ḋéanaṁ d'óigḟear ċóṁ breáġ ċóṁ daṫaṁail. D'airiġ Niaṁ é. D'airiġ sí daoine 'ġá ráḋ gur ḃ' áluinn an sagart a ḋéanfaḋ sé. D'airiġ sí daoine 'ġá ráḋ gur ṁór an truaġ sagart a ḋéanaṁ dé. Ḃí lán a croíḋe d'iongnaḋ agus d'alltaċt istiġ 'n-a h-aigne féin, aċ ní baoġal gur leig sí amaċ aon ṗioc de'n iongnaḋ. Níor ḋóiċ le h-aoinne beó uirṫi go raiḃ sí ag cuiṁneaṁ i n-aon ċor air féin ná ar conus ba ṁaiṫ leis a ḃeaṫa do ċaiṫeaṁ. Aċ do ḃí. Ḃí ḋá ṁaċtnaṁ 'n-a h-aigne 'n-a ṫaoḃ agus ḃí sé ag teip uirṫi glan an dá ṁaċtnaṁ a ṫaḃairt d'á ċéile, — an gráḋ úd a ṫaisbeáin sé a ḃeiṫ aige ḋí féin ó'n gcéad lá do ċonaic sí é, agus an socaruġaḋ so a ḃí déanta anois aige ar ḃeiṫ 'n-a ṡagart. Gan aṁras dob' ḟíor nár laḃair sé aon ḟocal riaṁ léi 'ġá innsint di go raiḃ an gráḋ san aige ḋi, aċ níor ḋein san blúire deifríġeaċta sa sgéal. [ 30 ]Rud ab eaḋ é nár ġáḋ laḃairt 'n-a ṫaoḃ. Ḃí stoirm 'n-a h-aigne, aċ do ċoimeád sí istiġ é. Ḃí sí ċóṁ séiṁ, ċóṁ solusṁar, ċóṁ gealġáiriteaċ agus ba ġnáṫ léi ḃeiṫ. B'í an gaṫ gréine céadna í ag teaċt i gcuideaċtain. Do tugaḋ fé ndeara, áṁṫaċ, gur ḃánuiġ a h-aġaiḋ. Aċ is 'mó trúig a ḋ'ḟéadfaḋ ḃeiṫ leis sin, agus níor ċuir aoinne aon tsuim ann nuair nár ṫaisbeáin sí aon easba sláinte.

Nuair a ḃí raint aimsire caiṫte ag Aṁlaoiḃ ag déanaṁ na foġluma i gcóir na n-Órd do ṫug sé féin agus a ċomrádaiḋe cuaird soir go Ceann Cora. Ḃí áṫas mór ar gaċ aoinne agus gaċ aon tsaġas urama agus onóra acu á ṫaḃairt d' aḋḃar an tsagairt, agus ba ṁó an t-áṫas a ḃí ar an mBanríġin, ar Ġormḟlaiṫ, 'ná ar aoinne. Ṫug sí féin agus é féin ana ċuid de'n lá i ḃfoċair a ċéile. Níor ḃ’ aon iongnaḋ é sin. Ḃí a lán neiṫe aici le h-innsint dó i dtaoḃ a ṁuintire féin, lastoir i gcríoċaiḃ Loċlan, agus a lán cainte acu araon le déanaṁ 'n-a dtaoḃ, níḋ nár ḃ’ iongnaḋ.

Ṫug an ḃeirt, Taḋg Óg agus Aṁlaoiḃ, cuaird óṫuaiḋ go h-Uíḃ Máine. Ḃí an ḟáilte ba ġnáṫ rómpa, agus ḃí an ḟáilte fé leiṫ roim aḋḃar an tsagairt, agus an onóir fé leiṫ 'á taḃairt dó, agus an uraim fé leiṫ. Ṫug Niaṁ an onóir dó a ṫug gaċ aoinne eile ḋó. Ḃí a h-aigne smaċtuiġṫe aici um an dtaca san, agus ḃí socair aici, láṫair Dé, go raiḃ ceangailte uirṫi féin gan teaċt, ar aon tsaġas cuma, idir é agus an ġairm ḃeannuiġṫe a ḃí, dar léi, ceapaiṫe ag Dia ḋó. Aċ ḃí an t-aon ṁearḃall aṁáin úd os cóṁair a h-aigne. Cad ċuige gur ṫaisbeáin sé an gráḋ úd di an ċéad lá má ḃí aon ċuiṁneaṁ aige ar ḃeiṫ 'n-a ṡagart? Má ḃí gráḋ aige ḋi do réir mar a ṫaisbeáin sé a ḃeiṫ, conas ḟéad sé a aigne d'aṫaruġaḋ? Níor réiḋtiġ an ċuaird an mearḃall. An suim laeṫanta a ḃí le caiṫeaṁ i n-Uíḃ Máine do caiṫeaḋ iad, agus d' imṫiġ an ḃeirt aḃaile [ 31 ]go h-Inis Caṫaiġ, agus ḃí an measgán mearaíḋe ar a h-aigne ag Niaṁ nuair a ḃíodar imṫiġṫe, ċóṁ mór díreaċ agus ḃí sé ar a h-aigne aici sar a dtánadar ar an gcuaird sin. Níor ḋein sí aċ a toil do ċur le toil Dé, agus ḃeiṫ 'á iaraiḋ ar Ḋia agus ar Ṁuire Ṁáṫair agus ar Ṡeanán í ċur ar a leas.

Nuair a ṫáinig an t-am ċuige do cuireaḋ Aṁlaoiḃ ins na mion Órdaiḃ. Do deineaḋ deacon dé. Ansan, an deacon go raiḃ cúram an érdaim[1] air go dtí san, do críoċnuiġeaḋ 'n-a ṡagart é, agus do cuireaḋ go dtí an Róiṁ é ar ġnó éigin, agus do cuireaḋ cúram an érdaim i n-Inis Caṫaiġ ar Aṁlaoiḃ. Ḃí sé ag déanaṁ an ġnóṫa san go maiṫ agus go cruinn agus go slaċtṁar, agus ḃí na sagairt go léir ana ṡásta leis. Ḃí gaċ níḋ i n'áit féin aige agus an glanaċar ins gaċ aon ḃall aige.

  1. Ní'l aon ḟocal nua-Ġaeḋilge againn ar “érdam” aċ “sacristí.”