Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/35

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
31
NIAṀ

go h-Inis Caṫaiġ, agus ḃí an measgán mearaíḋe ar a h-aigne ag Niaṁ nuair a ḃíodar imṫiġṫe, ċóṁ mór díreaċ agus ḃí sé ar a h-aigne aici sar a dtánadar ar an gcuaird sin. Níor ḋein sí aċ a toil do ċur le toil Dé, agus ḃeiṫ 'á iaraiḋ ar Ḋia agus ar Ṁuire Ṁáṫair agus ar Ṡeanán í ċur ar a leas.

Nuair a ṫáinig an t-am ċuige do cuireaḋ Aṁlaoiḃ ins na mion Órdaiḃ. Do deineaḋ deacon dé. Ansan, an deacon go raiḃ cúram an érdaim[1] air go dtí san, do críoċnuiġeaḋ 'n-a ṡagart é, agus do cuireaḋ go dtí an Róiṁ é ar ġnó éigin, agus do cuireaḋ cúram an érdaim i n-Inis Caṫaiġ ar Aṁlaoiḃ. Ḃí sé ag déanaṁ an ġnóṫa san go maiṫ agus go cruinn agus go slaċtṁar, agus ḃí na sagairt go léir ana ṡásta leis. Ḃí gaċ níḋ i n'áit féin aige agus an glanaċar ins gaċ aon ḃall aige.


Caibidiol VII.

An Legáid.

Do ġluais suim aimsire. Ṫáinig easbog ó'n Róiṁ go h-Éirinn. Go h-Inis Caṫaiġ a ṫug sé aġaiḋ ar dtúis. Do cuireaḋ sgéala soir go Ceann Cora 'ġá innsint do'n ríġ, do Ḃrian, go raiḃ sé tagaiṫe ann. Ḃí Cóṁairle agus teaċtaireaċt ó'n bPápa aige do Ḃrian i dtaoḃ a lán neiṫe a ḃí ag baint leis an Eaglais agus le gnó na h-Eagailse i n-Éirinn an uair sin. Ḃí gaċ aon rud a ḃain le gnóṫaíḃ Creidiṁ briste, stolta, stracaiṫe as a ċéile, ag na Loċlanaiġ leis an ndroċ obair a ḃí acu 'á ḋéanaṁ i n-Éirinn ar feaḋ breis agus cúpla céad blian roimis sin. Ḃí Brian ag déanaṁ a ḋíċil ċun na díoḃála do leiġeas.

  1. Ní'l aon ḟocal nua-Ġaeḋilge againn ar “érdam” aċ “sacristí.”