Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/36

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
32
NIAṀ

Níor ḃ'ḟéidir dó an leiġeas a ḋéanaḋ sa ċeart agus é ḋéanaṁ do réir dlíġe na h-Eagailse ar gaċ aon tsaġas cuma, mar ba ċóir, gan cóṁairle agus teagasg agus stiúruġaḋ a ḃeiṫ aige ó ċeann an Teampuil, ó Ḟear Inid Íosa Críost.

Ċóṁ luaṫ agus d'airiġ Brian an t-Easbog a ḃeiṫ tagaiṫe ó'n Róiṁ go h-Inis Caṫaiġ ṫáinig sé féin agus uaisle a ṫeiġlaiġ anoir ó Ċeann Cora ċun na mainistreaċ ċun teaċtaire an Pápa do ġlacaḋ mar ba ċóir. Ṫáinig Brian um ṫráṫnóna. Fuair sé féin agus na h-uaisle a ṫáinig i n-aonḟeaċt leis beannaċt an Ṗápa ó'n Easbog. Ansan ṫug sé féin agus an t-Easbog mórán aimsire i ḃfoċair a ċéile, agus ṫug Brian cúntas cruinn do'n Easbog, le breiṫ ṫar n-ais ċun na Róṁa ag triall ar an bPápa, ar an gcuma 'n-a raiḃ an Creideaṁ i n-Éirinn an uair sin, ar an léirsgrios a ḃí déanta ag na Loċlanaiġ ar eaglaisíḃ agus ar ṁainistríḃ agus ar sgoileanaiḃ, agus do léiriġ sé ḋó an obair ṁór nár ḃ'ḟoláir a ḋéanaṁ ċun na díoḃála do leiġeas, agus conus mar ná raiḃ aon ḃreiṫ ar an ndíoḃáil do leiġeas go h-iomlán, mar nár ḃ'ḟéidir na mairḃ a ṫaḃairt tar n-ais as an gcré. D'inis an t-Easbog do'n ríġ, do Ḃrian, cad é an gráḋ a ḃí ag an bPápa ḋó, agus méid na h-urama a ḃí ag an uile ḋuine íseal agus uasal dó ar fuid na h-Euróipe go léir; ná raiḃ i mbéalaiḃ ríġṫe agus daoine ar fuid na Críostaiḋeaċta aċ na gníoṁarṫa iongantaċa a ḃí ag Brian 'á ḋéanaṁ i n-Éirinn i gcoinniḃ na Loċlanaċ, i gcoinniḃ na sluaġ págánaċ a ḃí tar éis gaḃáil de ċosaiḃ um an dtaca san i Sasana agus i n-Albain, agus a ḃí ag súil le brúṫ óḋeas ar ṁáġaiḃ míne na Fraince agus na h-Iodáile fé mar a ḋein a sínsear na céadta blian roimis sin.

“Tuigean an Pápa, a ríġ,” arsa'n t-Easbog, “agus tuigid na daoine go léir mura mbéaḋ an cosg atá agat-sa