Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/34

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
30
NIAṀ

Rud ab eaḋ é nár ġáḋ laḃairt 'n-a ṫaoḃ. Ḃí stoirm 'n-a h-aigne, aċ do ċoimeád sí istiġ é. Ḃí sí ċóṁ séiṁ, ċóṁ solusṁar, ċóṁ gealġáiriteaċ agus ba ġnáṫ léi ḃeiṫ. B'í an gaṫ gréine céadna í ag teaċt i gcuideaċtain. Do tugaḋ fé ndeara, áṁṫaċ, gur ḃánuiġ a h-aġaiḋ. Aċ is 'mó trúig a ḋ'ḟéadfaḋ ḃeiṫ leis sin, agus níor ċuir aoinne aon tsuim ann nuair nár ṫaisbeáin sí aon easba sláinte.

Nuair a ḃí raint aimsire caiṫte ag Aṁlaoiḃ ag déanaṁ na foġluma i gcóir na n-Órd do ṫug sé féin agus a ċomrádaiḋe cuaird soir go Ceann Cora. Ḃí áṫas mór ar gaċ aoinne agus gaċ aon tsaġas urama agus onóra acu á ṫaḃairt d' aḋḃar an tsagairt, agus ba ṁó an t-áṫas a ḃí ar an mBanríġin, ar Ġormḟlaiṫ, 'ná ar aoinne. Ṫug sí féin agus é féin ana ċuid de'n lá i ḃfoċair a ċéile. Níor ḃ’ aon iongnaḋ é sin. Ḃí a lán neiṫe aici le h-innsint dó i dtaoḃ a ṁuintire féin, lastoir i gcríoċaiḃ Loċlan, agus a lán cainte acu araon le déanaṁ 'n-a dtaoḃ, níḋ nár ḃ’ iongnaḋ.

Ṫug an ḃeirt, Taḋg Óg agus Aṁlaoiḃ, cuaird óṫuaiḋ go h-Uíḃ Máine. Ḃí an ḟáilte ba ġnáṫ rómpa, agus ḃí an ḟáilte fé leiṫ roim aḋḃar an tsagairt, agus an onóir fé leiṫ 'á taḃairt dó, agus an uraim fé leiṫ. Ṫug Niaṁ an onóir dó a ṫug gaċ aoinne eile ḋó. Ḃí a h-aigne smaċtuiġṫe aici um an dtaca san, agus ḃí socair aici, láṫair Dé, go raiḃ ceangailte uirṫi féin gan teaċt, ar aon tsaġas cuma, idir é agus an ġairm ḃeannuiġṫe a ḃí, dar léi, ceapaiṫe ag Dia ḋó. Aċ ḃí an t-aon ṁearḃall aṁáin úd os cóṁair a h-aigne. Cad ċuige gur ṫaisbeáin sé an gráḋ úd di an ċéad lá má ḃí aon ċuiṁneaṁ aige ar ḃeiṫ 'n-a ṡagart? Má ḃí gráḋ aige ḋi do réir mar a ṫaisbeáin sé a ḃeiṫ, conas ḟéad sé a aigne d'aṫaruġaḋ? Níor réiḋtiġ an ċuaird an mearḃall. An suim laeṫanta a ḃí le caiṫeaṁ i n-Uíḃ Máine do caiṫeaḋ iad, agus d' imṫiġ an ḃeirt aḃaile