Jump to content

Niamh/21

From Wikisource
181476Niamh — DrochamhrasPeadar Ua Laoghaire
[ 108 ]

CAIBIDIOL XXI.

DROĊ AṀRAS.

Níor ḃ' ḟada go raiḃ Aṁlaoiḃ imṫiġṫe as aigne agus a’ cuiṁne gaċ aoinne i n-Inis Caṫaiġ agus i gCeann Cora, lasmuiċ de Ṫaḋg Óg ua Ċealla. Ḃíoḋ Colla agus an Legáid ag cuiṁneaṁ go minic ar an gcailís a guideaḋ, aċ [ 109 ]níor ċuiṁniġdar i n-aon ċor ar Aṁlaoiḃ 'n-a taoḃ. Agus ar nóin, níḋ nár ḃ’ iongnaḋ, níor ḃ’ ḟéidir dóiḃ cuiṁneaṁ ar Ġormḟlaiṫ. Ċuiṁniġeaḋ an Legáid uaireanta ar Ġormḟlaiṫ, aċ do ḋíbireaḋ sé an smaoineaṁ as a ċroíḋe. Is aici a ḃí an ċailís sar ar ṫug Brian do Ċolla í. Aċ conus ḟéadfaḋ an rígan san, dar leis, a ḃí ċóṁ h-uasal, ċóṁ fial, leis an ministir agus leis na manaiġ, ag bronnaḋ fíona agus gaċ níḋ eile d'á feaḃas orṫa, an rígan a ḃronn an íṁáġ san na Maiġdine Muire ar Ċolla, conus ḟéadfaḋ sí aon láṁ a ḃeiṫ aici i nguid na cailíse? Gan aṁras, dar leis, ba ṁó ab ḟiú an ċailís, naoi n-uaire, 'ná a raiḃ taḃarṫa ḋóiḃ aici, agus 'ná a ḃféadfaḋ sí a ṫaḃairt dóiḃ i gcaiṫeaṁ a saoġail. Aċ ní ċuirfeaḋ san ḟiaċaiḃ ar ṁnaoi ḋ'á sórd an ċailís do ġuid. Níor ḋiaḃal gadaiġeaċta an diaḃal coiṁdeaċta a ḃí aici.

Ċuiṁniġ an Legáid ar an sagart a cuireaḋ anonn do dtí an Róiṁ. Is air a ḃí cúram an érdaim sar ar críoċnuiġeaḋ 'n-a sagart é. Ar ḃ’ ḟéidir go mbéaḋ sé de ṁí-ḟortiún air go spriocfaḋ an t-áirseóir é agus go ndéanfaḋ sé a leiṫéid de ġníoṁ? Cé r' ḃ' é an manaċ a ċuaiḋ suas go Luimneaċ agus d'inis an ḃréag do Ṁeargaċ agus do fuair an eoċair uaiḋ? Pé r' ḃ'é féin ní raiḃ sé ameasg na manaċ a ḃí sa ṁainistir an lá a ṫáinig Meargaċ anuas ċun iad go léir a ḋ'ḟeisgint. B'é an sagart a ḃí imṫiġṫe ċun na Róṁa an t-aoinne aṁáin ná feacaiḋ Meargaċ an lá san.

Ní ḟeacaiḋ Meargaċ Aṁlaoiḃ an lá san, aċ níor ċuiṁniġ an Legáid i n-aon ċor ar Aṁlaoiḃ. Ní ċuimneóċ' aoinne ar Aṁlaoiḃ sa sgéal. Ní ċuiṁneóċ' aoinne go ndéanfaḋ Aṁlaoiḃ a leiṫéid de ġníoṁ. Ḃí sé ró osgailte, ró ġealġáiriteaċ, ró ṁacánta i n' ḟeuċaint.

Do réir gaċ deaḃraiṁ ní raiḃ aoinne ċun na cailíse ġuid aċ an sagart a ḃí imṫiġṫe ċun na Róṁa. Ḃí buairt agus doilġíos ar an mbeirt, ar Ċolla agus ar an Legáid dé mar [ 110 ]a ḃí an méid sin ag dul 'n-a luiġe ar a n-aigne. Ḃí sé ag brúṫ isteaċ agus ag dul 'n-a luiġe ar aigne gaċ duine acu aḃfad sar ar ṫráċtadar le n-a ċéile air. Nuair a ṫráċtadar air ní puínn cainte a ḋeineadar air.

Art ab ainim do'n tsagart, Art mac Duiḃ. Andeas ó Ṁúscraíḋe ab eaḋ é. Daoine ana ċreideaṁnaċa ab eaḋ a ṁuintir. Ḃí an lán acu i n-armáil Ḃriain. Ḃí ana ċion ag Colla air.

“Má ḋein sé an gníoṁ san,” arsa Colla, agus an ḃeirt ag tagairt do'n ġnó, “ní cuid ba lúġa 'ná a ḟonn a ḃéaḋ orm a ráḋ gur truaġ nár ġlaoiḋ Dia as an saoġal mé sar ar deineaḋ an gníoṁ!”

“Ní fada gur miṫid dó ḃeiṫ ag teaċt ṫar n-ais ó'n Róiṁ,” arsa'n Legáid. “Má ḋein sé an gníoṁ ní dóċa go dtiocfaiḋ sé ṫar n-ais anso.”

“Ó, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Colla, “is fíor ḋuit é! Níor ċuiṁniġeas riaṁ air sin: Má ḋein sé an gníoṁ ní ṫiocfaiḋ sé ṫar n-ais. Má ṫagan sé ṫar n-ais taisbeánfaiḋ san go soiléir nár ḋein sé riaṁ é!”

Níor ḋóiċ leis an Legáid go dtaisbeánfaḋ a ṫeaċt ṫar n-ais nár ḋein sé an gníoṁ, aċ ní dúḃairt sé aon rud. Do leig sé do Ċolla an méid sin sóláis a ḃeiṫ aige.

Suim laeṫanta 'n-a ḋiaiġ san do ṫáinig Art. Ṫug sé a lán teaċtaireaċtaí ó'n Róiṁ leis, teaċtaireaċtaí ag triall ar Ċolla, agus ag triall ar an Legáid, agus ag triall ar Ḃrian. Ṫug sé leitir ó'n bPápa ag triall ar an Legáid. Ṫug sé a lán rudaí beannuiġṫe leis ag triall ar an mainistir, taise naoṁ agus íṁáġana agus neiṫe de'n tsórd san. Agus ṫug sé leaḃar Aifrinn leis do'n ṁainistir, agus leaḃair Soísgéal a ḃí sgríoḃṫa i Laidin. Aċ ní raiḃ aon níḋ d'ár ṫug sé leis ba ṁó gur deineaḋ iongnaḋ ḋé 'ná éide Aifrinn a ḃí déanta d'éadaċ snáṫóir agus gur ḋóiċ le duine gur ḃ’ ór ar fad í, ḃí sí ċóṁ greanta san. [ 111 ]Ní raiḃ aon tseó aċ ar ḋein na manaiġ go léir de ċúram de'n tsagart óg. Agus ní raiḃ aon teóra leis an áṫas a ḃí orṫa nuair a ċonacadar sa ḃaile acu féin airís é. Ḃíoḋ sé ag déanaṁ a ḋíċil ar na ceisteana d'ḟreagairt a ḃíoḋ ag teaċt ó'n uile ṫaoḃ air agus iad go léir 'n-a ṫímpal.

“Cad é an ḟaid a ḃís ar uisge?”

“A' raiḃ droċ aimsir agaiḃ, a Airt?”

“Cad é an saġas daoine na Róṁánaiġ, a Airt?”

“A' dtuigfidís aon ḟocal Gaeluinne ó ḋuine, a Airt?”

“A' ḃfuil siad ċóṁ buiḋe agus a deirtear iad a ḃeiṫ?”

“An daoine fóġanta iad?”

“A' ḃfuil Creideaṁ acu, a Airt?”

“Is dóċa gur Laidion ab éigean duit a laḃairt leó i gcóṁnuiġe, a Airt?”

“Is dóċa, a Airt, gur fear breaġ naoṁṫa an Pápa.”

“An caṫair ana ṁór caṫair na Róṁa, a Airt?”

Ċomáineadar leó ar an gcuma san. Ḃí Colla agus an Legáid ag feuċaint orṫa agus ag feuċaint ar Art. As ball do ḋruid an ḃeirt i leiṫ taoiḃ.

“Ċíon tú féin anois, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Colla, “nár ḋéin an fear san riaṁ a leiṫéid de ġníoṁ.”

“Ċím,” arsa'n Legáid. “Níor ḋein. Ní ḟéadfaḋ sé é. Tá san soiléir go leór. Aċ ċuaiḋ manaċ éigin, nó duine éigin i rioċt manaiġ, suas go Luimneaċ ag triall ar an ngaḃa agus fuair sé macṡaṁail na h-eoċraċ uaiḋ. Ċonaic Meargaċ iad go léir an lá ṫugas anuas anso é, agus ní ḟeacaiḋ sé orṫa an manaċ a fuair an eoċair uaiḋ. Is éagsaṁlaċ an sgéal é. Ní ḟeadar a tsaoġal cad is ceart dom a ḋéanaṁ 'n-a ṫaoḃ mar sgéal. Tá aon ċontaḃairt aṁáin os cionn an tsagairt óig seo agus is ceart é ṫaḃairt as an gcontaḃairt sin.”

“Cad í an ċontaḃairt atá os a ċionn, a Ṫiġearna [ 112 ]Easboig?” arsa Colla. “Ar nóin tá ḟios ag an saoġal ná féadfaḋ aoinne an ġadaiġeaċt san a ċur 'n-a leiṫ.”

“Is fíor ná féadfá-sa ná mise í ċur 'n-a leiṫ,” arsa'n Legáid. “Ní gáḋ dúinn aċ feuċaint air. Aċ feuċ conus mar a ṡeasuiġean an sgéal. Ḃí an ċailís sa n-érdam agus cúram an érdaim ar Art. Ní ḟeacaiḋ aoinne an ċailís ó'n lá a ḋ'imṫiġ Art go dtí an lá a ṫánag-sa anso. Ċuiris-se fios ar an mbosca iarainn an oíḋċe sin. Ḃí an bosca folaṁ. Raġaiḋ an sgéal san amaċ luaṫ nó mall. Pé áit 'n-a ḃfuil Aṁlaoiḃ tá ḟios aige go raiḃ bosca folaṁ an oíḋċe sin. Neósfaiḋ Aṁlaoiḃ an sgéal san. Raġaiḋ an sgéal ó ḃéal go béal. Cad 'déarfar? Cad a ḃeiḋ le ráḋ aċ, ‘Ní raiḃ aoinne ċun na cailíse ṫógaint aċ fear an érdaim.’”

“Tá an sgéal go h-olc, a Ṫiġearna Easboig. Cad is dóiċ leat is ceart a ḋéanaṁ?”

“Ní foláir a ḋéanaṁ amaċ, ar dtúis, náċ é Art a fuair an ṁacṡaṁail do'n eoċair ó Ṁeargaċ. Dá mbéaḋ an méid sin socair ḃéaḋ Art ó ḃaoġal. Dá ḃféadfá-sa, gan aon níḋ do leigint ort, a ċur ḟiaċaiḃ ar Art culaiṫ manaiġ do ċur uime agus dul ag déanaṁ gnóṫa ar érdaim, d'ḟéadfaí Meargaċ a ṫaḃairt anuas, fé mar a ṫugas-sa anuas ċeana é, agus leigint dó raḋarc ḟáġail ar Art. Ansan do neósfaḋ sé ḋúinn ar ḃ’ é sin an manaċ a fuair an eoċair nó nár ḃ'é.”

“Aċ, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Colla, “ní gáḋ dul ċun na trioblóide sin i n-aon ċor. Tá aiṫne ṁaiṫ ag Meargaċ ar Art le fada riaṁ. Dá mbé é Art a ġeóḃaḋ an eoċair d' aiṫneóċ' Meargaċ é le linn na h-eoċraċ a ṫaḃairt dó.”

“Ó, má's mar sin é,” arsa'n Legáid, “ní gáḋ ḋúinn a ṫuille de ḋuaġ an sgéil a ḋ'ḟáġail. Má deirtear aon ḟocal ċoíḋċe i gcoinniḃ an tsagairt óig seo mar ġeall ar [ 113 ]an gcailís glanfaiḋ Meargaċ é. Neósfaiḋ Meargaċ náċ dó a ṫug sé an eoċair, agus beiḋ 'ḟios ag gaċ aoinne gur ḃ'é an fear a fuair an eoċair a ġuid an ċailís. Ní gáḋ a ṫuille de ḋuaġ an sgéil a ḋ'ḟáġail.”

“Ní gáḋ, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Colla, “ḋúinn a ṫuille de ḋuaġ an sgéil a ḋ'ḟáġail, ċóṁ fada agus a ṫéiḋean aon aṁras a ḃeiṫ ar Art, aċ ba ṁaiṫ liom, dá ḃféadainn é, teaċt suas leis an ḃfear a fuair an eoċair. Manaċ ab eaḋ é do réir mar adeir Meargaċ. Ḃí eólus na mainistreaċ go maiṫ aige, agus eólus an érdaim. Ḃí ḟios aige an eoċair a ḃeiṫ agam-sa agus gan aon ḃreiṫ a ḃeiṫ ag aoinne ar í ḟáġail as mo láiṁ. Ḃí ḟios aige gur ḃ'é Meargaċ a ḋein í. Cé h-é an fear a ḋ'ḟéadfaḋ an t-eólus san go léir a ḃeiṫ aige agus náċ duine des na manaċaiḃ é, agus a ċuaiḋ suas ag triall ar Meargaċ i rioċt manaiġ?”

“Ní ḟéadfaḋ sé dul suas go Luimneaċ i rioċt manaiġ,” arsa'n Legáid, “gan culaiṫ manaiġ a ḃeiṫ aige le cur uime.”

“Ní féadfaḋ go díreaċ,” arsa Colla, “agus cá raiḃ sí le fáġail aige?”

“An dóiċ leat,” arsa'n Legáid, “a' ḃféadfá a ḋéanaṁ amaċ ó-s na manaiġ ar ṫug aoinne acu culaiṫ manaiġ ar iasaċt d' aoinne le déanaiġe? Má ċeistiġean tú iad air sin seaċain agus ná leig uait aon níḋ i dtaoḃ na cailíse. Dá mbéaḋ 'ḟios ag an mbiṫeaṁnaċ go ḃfuiltear ar a ṫóir ní ḃéaḋ aon ḃreiṫ againn ar ṫeaċt suas leis.”

“Ní'l agam aċ an gnó ḋéanaṁ ċóṁ h-aicilíġe agus d'ḟéadfad é,” arsa Colla.

Ansan do tugaḋ aġaiḋ ar ġnóṫaíḃ eile agus do fágaḋ an sgéal san ar an gcuma san.

Do ċríoċnuiġ an Legáid an gnó a ḃí aige le déanaṁ i [ 114 ]n-Éirinn. Ansan ċuaiḋ sé go Ceann Cora agus d'ḟág sé slán ag an Árdríġ. D'ḟág sé slán ag teiġlaċ an Árdríġ. D'inis sé do Ḃrian cad é an sgéal áṫais a ḃéaḋ aige do'n Ṗápa nuair a neósfaḋ sé ḋó na neiṫe móra a ḃí déanta ag Brian do'n Ċreideaṁ i n-Éirinn, agus na neiṫe ba ṁó 'ná san a ḃí i ndán dó a ḋéanaṁ anois nuair a ḃí a ċóṁaċt agus a ġradam agus a ḋliġṫe i ḃfeiḋm ar Éirinn go léir. Dúḃairt Brian leis go neósfaḋ sé an ḟírinne do'n Ṗápa nuair a neósfaḋ sé na neiṫe sin dó. Ansan do ḃronn Brian seóide uaisle air, agus do sgaradar.

D'ḟág an Legáid slán ag Murċaḋ, agus d'ḟág sé slán ag Gormḟlaiṫ.

Isé focal déanaċ adúḃairt sé le Colla agus é ag imṫeaċt amaċ ar an loing, ó Inis Caṫaiġ: “An cuiṁin leat, a Ċolla,” ar seisean, “an focal úd adúḃart leat i dtaoḃ Ḃriain agus an níṁe?”

“Is cuiṁin, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Colla. “Do laḃras leis an Ríġḋaṁna. Tá gaċ níḋ socair díreaċ mar a ċóṁairlíġis.”

“Laḃair airís leis,” ar seisean, “agus inis dó go ndúḃart leat laḃairt airís leis.”

“Déanfad, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Colla.

Ċuaiḋ an Legáid ar bórd na loinge agus do ġluais an long amaċ ó Inis Caṫaiġ, siar béal na Sionainne, ṫar Léim Ċúċulainn, amaċ an ḟaraige ṁór.

Do ḋein na manaiġ i n-Inis Caṫaiġ a ngnó do réir na riaġal. Ḃí an sgoluiġeaċt ins na sgoileanaiḃ agus na h-úrnuiġṫe ins na h-eaglaisiḃ, an trosgaḋ agus an treiġneas agus gaċ gnó diaḋa eile ar siúḃal mar ba ċeart, fé ċomairce Ṡeanáin naoṁṫa. Ḃí Colla go díċealaċ agus go dúrṫaċtaċ ag feuċaint i ndiaiġ gaċ aon níḋ agus i ndiaiġ gaċ aon duine. Ḃí eoċair an bosca iarainn 'n-a [ 115 ]ṡeilḃ féin aige go h-aireaċ, agus ní ḟeidir aoinne sa tiġ ná go raiḃ an ċailís daor úd istiġ go daingean sa ḃosca iarainn fé'n nglas. Ní raiḃ, áṁṫaċ.