Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/117

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
113
NIAṀ

an gcailís glanfaiḋ Meargaċ é. Neósfaiḋ Meargaċ náċ dó a ṫug sé an eoċair, agus beiḋ 'ḟios ag gaċ aoinne gur ḃ'é an fear a fuair an eoċair a ġuid an ċailís. Ní gáḋ a ṫuille de ḋuaġ an sgéil a ḋ'ḟáġail.”

“Ní gáḋ, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Colla, “ḋúinn a ṫuille de ḋuaġ an sgéil a ḋ'ḟáġail, ċóṁ fada agus a ṫéiḋean aon aṁras a ḃeiṫ ar Art, aċ ba ṁaiṫ liom, dá ḃféadainn é, teaċt suas leis an ḃfear a fuair an eoċair. Manaċ ab eaḋ é do réir mar adeir Meargaċ. Ḃí eólus na mainistreaċ go maiṫ aige, agus eólus an érdaim. Ḃí ḟios aige an eoċair a ḃeiṫ agam-sa agus gan aon ḃreiṫ a ḃeiṫ ag aoinne ar í ḟáġail as mo láiṁ. Ḃí ḟios aige gur ḃ'é Meargaċ a ḋein í. Cé h-é an fear a ḋ'ḟéadfaḋ an t-eólus san go léir a ḃeiṫ aige agus náċ duine des na manaċaiḃ é, agus a ċuaiḋ suas ag triall ar Meargaċ i rioċt manaiġ?”

“Ní ḟéadfaḋ sé dul suas go Luimneaċ i rioċt manaiġ,” arsa'n Legáid, “gan culaiṫ manaiġ a ḃeiṫ aige le cur uime.”

“Ní féadfaḋ go díreaċ,” arsa Colla, “agus cá raiḃ sí le fáġail aige?”

“An dóiċ leat,” arsa'n Legáid, “a' ḃféadfá a ḋéanaṁ amaċ ó-s na manaiġ ar ṫug aoinne acu culaiṫ manaiġ ar iasaċt d' aoinne le déanaiġe? Má ċeistiġean tú iad air sin seaċain agus ná leig uait aon níḋ i dtaoḃ na cailíse. Dá mbéaḋ 'ḟios ag an mbiṫeaṁnaċ go ḃfuiltear ar a ṫóir ní ḃéaḋ aon ḃreiṫ againn ar ṫeaċt suas leis.”

“Ní'l agam aċ an gnó ḋéanaṁ ċóṁ h-aicilíġe agus d'ḟéadfad é,” arsa Colla.

Ansan do tugaḋ aġaiḋ ar ġnóṫaíḃ eile agus do fágaḋ an sgéal san ar an gcuma san.

Do ċríoċnuiġ an Legáid an gnó a ḃí aige le déanaṁ i