Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/113

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
109
NIAṀ

níor ċuiṁniġdar i n-aon ċor ar Aṁlaoiḃ 'n-a taoḃ. Agus ar nóin, níḋ nár ḃ’ iongnaḋ, níor ḃ’ ḟéidir dóiḃ cuiṁneaṁ ar Ġormḟlaiṫ. Ċuiṁniġeaḋ an Legáid uaireanta ar Ġormḟlaiṫ, aċ do ḋíbireaḋ sé an smaoineaṁ as a ċroíḋe. Is aici a ḃí an ċailís sar ar ṫug Brian do Ċolla í. Aċ conus ḟéadfaḋ an rígan san, dar leis, a ḃí ċóṁ h-uasal, ċóṁ fial, leis an ministir agus leis na manaiġ, ag bronnaḋ fíona agus gaċ níḋ eile d'á feaḃas orṫa, an rígan a ḃronn an íṁáġ san na Maiġdine Muire ar Ċolla, conus ḟéadfaḋ sí aon láṁ a ḃeiṫ aici i nguid na cailíse? Gan aṁras, dar leis, ba ṁó ab ḟiú an ċailís, naoi n-uaire, 'ná a raiḃ taḃarṫa ḋóiḃ aici, agus 'ná a ḃféadfaḋ sí a ṫaḃairt dóiḃ i gcaiṫeaṁ a saoġail. Aċ ní ċuirfeaḋ san ḟiaċaiḃ ar ṁnaoi ḋ'á sórd an ċailís do ġuid. Níor ḋiaḃal gadaiġeaċta an diaḃal coiṁdeaċta a ḃí aici.

Ċuiṁniġ an Legáid ar an sagart a cuireaḋ anonn do dtí an Róiṁ. Is air a ḃí cúram an érdaim sar ar críoċnuiġeaḋ 'n-a sagart é. Ar ḃ’ ḟéidir go mbéaḋ sé de ṁí-ḟortiún air go spriocfaḋ an t-áirseóir é agus go ndéanfaḋ sé a leiṫéid de ġníoṁ? Cé r' ḃ' é an manaċ a ċuaiḋ suas go Luimneaċ agus d'inis an ḃréag do Ṁeargaċ agus do fuair an eoċair uaiḋ? Pé r' ḃ'é féin ní raiḃ sé ameasg na manaċ a ḃí sa ṁainistir an lá a ṫáinig Meargaċ anuas ċun iad go léir a ḋ'ḟeisgint. B'é an sagart a ḃí imṫiġṫe ċun na Róṁa an t-aoinne aṁáin ná feacaiḋ Meargaċ an lá san.

Ní ḟeacaiḋ Meargaċ Aṁlaoiḃ an lá san, aċ níor ċuiṁniġ an Legáid i n-aon ċor ar Aṁlaoiḃ. Ní ċuimneóċ' aoinne ar Aṁlaoiḃ sa sgéal. Ní ċuiṁneóċ' aoinne go ndéanfaḋ Aṁlaoiḃ a leiṫéid de ġníoṁ. Ḃí sé ró osgailte, ró ġealġáiriteaċ, ró ṁacánta i n' ḟeuċaint.

Do réir gaċ deaḃraiṁ ní raiḃ aoinne ċun na cailíse ġuid aċ an sagart a ḃí imṫiġṫe ċun na Róṁa. Ḃí buairt agus doilġíos ar an mbeirt, ar Ċolla agus ar an Legáid dé mar