a ḃí an méid sin ag dul 'n-a luiġe ar a n-aigne. Ḃí sé ag brúṫ isteaċ agus ag dul 'n-a luiġe ar aigne gaċ duine acu aḃfad sar ar ṫráċtadar le n-a ċéile air. Nuair a ṫráċtadar air ní puínn cainte a ḋeineadar air.
Art ab ainim do'n tsagart, Art mac Duiḃ. Andeas ó Ṁúscraíḋe ab eaḋ é. Daoine ana ċreideaṁnaċa ab eaḋ a ṁuintir. Ḃí an lán acu i n-armáil Ḃriain. Ḃí ana ċion ag Colla air.
“Má ḋein sé an gníoṁ san,” arsa Colla, agus an ḃeirt ag tagairt do'n ġnó, “ní cuid ba lúġa 'ná a ḟonn a ḃéaḋ orm a ráḋ gur truaġ nár ġlaoiḋ Dia as an saoġal mé sar ar deineaḋ an gníoṁ!”
“Ní fada gur miṫid dó ḃeiṫ ag teaċt ṫar n-ais ó'n Róiṁ,” arsa'n Legáid. “Má ḋein sé an gníoṁ ní dóċa go dtiocfaiḋ sé ṫar n-ais anso.”
“Ó, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Colla, “is fíor ḋuit é! Níor ċuiṁniġeas riaṁ air sin: Má ḋein sé an gníoṁ ní ṫiocfaiḋ sé ṫar n-ais. Má ṫagan sé ṫar n-ais taisbeánfaiḋ san go soiléir nár ḋein sé riaṁ é!”
Níor ḋóiċ leis an Legáid go dtaisbeánfaḋ a ṫeaċt ṫar n-ais nár ḋein sé an gníoṁ, aċ ní dúḃairt sé aon rud. Do leig sé do Ċolla an méid sin sóláis a ḃeiṫ aige.
Suim laeṫanta 'n-a ḋiaiġ san do ṫáinig Art. Ṫug sé a lán teaċtaireaċtaí ó'n Róiṁ leis, teaċtaireaċtaí ag triall ar Ċolla, agus ag triall ar an Legáid, agus ag triall ar Ḃrian. Ṫug sé leitir ó'n bPápa ag triall ar an Legáid. Ṫug sé a lán rudaí beannuiġṫe leis ag triall ar an mainistir, taise naoṁ agus íṁáġana agus neiṫe de'n tsórd san. Agus ṫug sé leaḃar Aifrinn leis do'n ṁainistir, agus leaḃair Soísgéal a ḃí sgríoḃṫa i Laidin. Aċ ní raiḃ aon níḋ d'ár ṫug sé leis ba ṁó gur deineaḋ iongnaḋ ḋé 'ná éide Aifrinn a ḃí déanta d'éadaċ snáṫóir agus gur ḋóiċ le duine gur ḃ’ ór ar fad í, ḃí sí ċóṁ greanta san.