Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/112

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
108
NIAṀ

ċuir sí ċun siúḃail é i rioċt giolla turais, agus ċuir sí i n-aonḟeaċt leis an giolla turais eile go raiḃ iontaoiḃ ṁaiṫ aici as. Ḃí ḋá capal ṁaiṫe ag an mbeirt, agus ḃíodar tamal maiṫ de'n tslíġ ar ḃóṫar Ḃaile Áṫa Cliaṫ sar a dtáinig an lá orṫa. Nuair a ṫáinig an lá do ċonaic na daoine iad aċ níor ḋeineadar aon iongnaḋ de ḃeirt ġiollaí turais. Ṡroiseadar Baile Áṫa Cliaṫ. Ḃí leitir ó Ġormḟlaiṫ ag Aṁlaoiḃ do Ṡitric, do ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ. Ṫaisbeáin sé an leitir. D'inis an leitir do Ṡitric gaċ aon rud. Níor ḃ'ḟada go raiḃ Aṁlaoiḃ ar bórd luinge agus é ag dul soir aḃaile go críċ Loċlan.

Ḃí sé ṫoir sa ḃaile, slán foláin, saor ó ḃaoġal, gan beann ar Ċolla ná ar an Legáid, ar Ṁurċaḋ ná ar Ḃrian, agus Taḋg Óg ua Cealla ag briseaḋ a ċroíḋe ag gol 'n-a ḋiaiġ agus ag cuardaċ na ndúṫaí ḋó.

Dá mbéaḋ ḟios ag Taḋg cad a ḃí déanta aige ḃéaḋ sé ag cuardaċ na ndúṫaí ḋó agus ní h-ar ṁaiṫe leis é. Dá mbéaḋ ḟios ag Niaṁ cad a ḃí déanta aige níor ḃ'ḟada an ṁaill uirṫi ḋá ṫaoḃ an sgéil úd do ṫaḃairt d'á ċéile. Fuaradar araon amaċ 'n-a ḋiaiġ san cad a ḃí déanta aige.



CAIBIDIOL XXI.

DROĊ AṀRAS.

Níor ḃ' ḟada go raiḃ Aṁlaoiḃ imṫiġṫe as aigne agus a’ cuiṁne gaċ aoinne i n-Inis Caṫaiġ agus i gCeann Cora, lasmuiċ de Ṫaḋg Óg ua Ċealla. Ḃíoḋ Colla agus an Legáid ag cuiṁneaṁ go minic ar an gcailís a guideaḋ, aċ