Niamh/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Biṫeaṁntas
[ 106 ]

CAIBIDIOL XX.

BIṪEAṀNTAS.

D'imṫiġ Aṁlaoiḃ agus ṫug sé cuaird ar an érdam ag cur gaċ aon rud i dtreó ann. Ṫug sé an tráṫnóna ag níġe agus ag glanaḋ agus ag sgiomar agus ag slaċtuġaḋ go dtí go raiḃ gaċ aon rud ar áilleaċt aige. Fuair sé eoċair an ċórṫa ḋaingin ó Ċolla ċun na n-árṫaí airgid agus óir a ḃí istiġ ann do ṫógaint amaċ agus do ġlanaḋ. Nuair a ḃíodar glan aige ċuir sé isteaċ airís iad. Ḃí an oíḋċe ann sar a raiḃ an obair go léir déanta aige.

Nuair a ḃí an doirċeaċt aige ṫaraing sé amaċ an ṁacṡaṁail eoċraċ a ḃí aige féin. D'osgail sé an bosca 'n-a raiḃ an ċailís ḋaor. Ṫóg sé amaċ an ċailís. Ċuir sé i ḃfolaċ sa n-érdam í. Ċuir sé an glas ar an mbosca airís, agus ṡocaruiġ sé é díreaċ ar an ndul 'n-a raiḃ sé ċeana. Ḋún sé an córṫa daingean, agus do rug sé eoċair an ċórṫa ag triall ar Ċolla agus ṫug sé ḋó í. D'imṫiġ sé a ċodla. Ṡín sé ar an leabaiḋ, aċ má ṡín níor ṫuit aon neul codlata air. D'eiriġ sé tímpal na h-aimsire céadna 'n-ar eiriġ sé an ṁaidion roimis sin. Ṫug sé agaiḋ ar an mbád gcéadna. Ḃí ceirṫlín fé n' osgail aige. Ṫug sé an díoluiġeaċt uaiḋ agus níor cuireaḋ aon speic air. Ṫáinig sé go Ceann Cora. Ḃí Gormḟlaiṫ ag faire agus í ag feiṫeaṁ leis. Ċóṁ luaṫ agus a dúḃraḋ léi go raiḃ sé ann ṫáinig sí ċuige. Do rug sí léi isteaċ é i seómra uaigneaċ. D'osgail se an ċeirṫlín agus ṡín sé ċúiċi an ċailís. Ansan iseaḋ ḃí an ṁóráil uirṫi! Ní ḟeidir sí conus a ṫaisbeánfaḋ sí ḋó méid an ḃuiḋċais a ḃí aici air.

Níor ḃ' aon iongnaḋ í ḃeiḋ buiḋeaċ dé. Dob' áluinn an [ 107 ]tseóid an ċailís ain. Dar leis an mbeirt ní raiḃ seóid eile mar í le fáġail sa doṁan an uair sin.

Nuair a ḃí tamal beag caiṫte acu ag feuċaint uirṫi agus ag déanaṁ iongnaḋ ḋi do ṫóg Gormḟlaiṫ léi í agus ċuir sí i gcoimeád í.

“Agus,” ar sise, “beiḋ an tseamróg ag an t-é a ġeóḃaiḋ amaċ as mo láiṁ-se airís í!”

D'órduiġ sí ċúig dosaein fíona, d'ḟíon altóraċ, do ċur i gciseán agus é ṫaḃairt d' Aṁlaoiḃ le breiṫ síos go h-Inis Caṫaiġ agus le cur isteaċ sa n-érdam, i gcóir na sagart. Do cuireaḋ capal agus cárbad leis féin agus leis an gciseán fíona síos go dtí an bád. Nuair a ṡrois sé an ṁainistir do tógaḋ an ciseán agus do cuireaḋ isteaċ sa n-érdam é, agus ḃí Colla gus na sagairt go léir buiḋeaċ de'n Ḃanríġin. Agus ní baoġal ná gur tugaḋ d’ Aṁlaoiḃ a ċion de'n ḃuiḋċas.

Nuair a ḃí an méid sin déanta ċuaiḋ gaċ aon rud ċun suaiṁnis. Do ġluais obair na mainistreaċ agus obair an ríġṫeiġlaiġ i gCeann Cora, ag dul ar aġaiḋ go breaġ réiḋ gan ċosg gan ċeataiġe, go dtí gur ṫáinig an Legáid anall ó'n Róiṁ. Ansan do fuaraḋ amaċ, mar a h-innseaḋ ṫuas, go raiḃ an ċailís imṫiġṫe.

An lá ḃí an Legáid i Luimneaċ ag caint le Meargaċ ḃí ḟios ag Aṁlaoiḃ go raiḃ sé ann agus ḃí ḟios aige cad a ḃí uaiḋ. Ḃí ḟios aige go maiṫ go neósfaḋ Meargaċ do'n Legáid gur ḋein sé an macṡaṁail do'n eoċair. Níor ḟan sé le n-a ṫuille. D'euluiġ sé amaċ as an mainistir agus ṗreab sé suas go Ceann Cora. D'inis sé do Ġormḟlaiṫ cad a ḃí ar siúḃal. Ċonaic Colla i gCeann Cora é, aċ níor ḋein Colla aon iongnaḋ ḋé sin. Ċeap sé go mb’ ḟéidir gur ċiseán eile fíona a ḃí ag dul síos.

Ċuir Gormḟlaiṫ Aṁlaoiḃ i ḃfolaċ go dtí go dtáinig an oíḋċe. Ansan do ġuid sí amaċ é i lár na h-oíḋċe agus [ 108 ]ċuir sí ċun siúḃail é i rioċt giolla turais, agus ċuir sí i n-aonḟeaċt leis an giolla turais eile go raiḃ iontaoiḃ ṁaiṫ aici as. Ḃí ḋá capal ṁaiṫe ag an mbeirt, agus ḃíodar tamal maiṫ de'n tslíġ ar ḃóṫar Ḃaile Áṫa Cliaṫ sar a dtáinig an lá orṫa. Nuair a ṫáinig an lá do ċonaic na daoine iad aċ níor ḋeineadar aon iongnaḋ de ḃeirt ġiollaí turais. Ṡroiseadar Baile Áṫa Cliaṫ. Ḃí leitir ó Ġormḟlaiṫ ag Aṁlaoiḃ do Ṡitric, do ríġ Loċlanaċ Áṫa Cliaṫ. Ṫaisbeáin sé an leitir. D'inis an leitir do Ṡitric gaċ aon rud. Níor ḃ'ḟada go raiḃ Aṁlaoiḃ ar bórd luinge agus é ag dul soir aḃaile go críċ Loċlan.

Ḃí sé ṫoir sa ḃaile, slán foláin, saor ó ḃaoġal, gan beann ar Ċolla ná ar an Legáid, ar Ṁurċaḋ ná ar Ḃrian, agus Taḋg Óg ua Cealla ag briseaḋ a ċroíḋe ag gol 'n-a ḋiaiġ agus ag cuardaċ na ndúṫaí ḋó.

Dá mbéaḋ ḟios ag Taḋg cad a ḃí déanta aige ḃéaḋ sé ag cuardaċ na ndúṫaí ḋó agus ní h-ar ṁaiṫe leis é. Dá mbéaḋ ḟios ag Niaṁ cad a ḃí déanta aige níor ḃ'ḟada an ṁaill uirṫi ḋá ṫaoḃ an sgéil úd do ṫaḃairt d'á ċéile. Fuaradar araon amaċ 'n-a ḋiaiġ san cad a ḃí déanta aige.