Niamh/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Cogarnaċ
[ 99 ]

CAIBIDIOL XIX.

COGARNAĊ.

Is dóċa gur miṫid tuairisg éigin a ṫaḃairt ar cad d'imṫiġ ar Aṁlaoiḃ. Tá innste ċeana conus mar a ḃí sé féin agus Gormḟlaiṫ ana ṁór le n-a ċéile go luaṫ tar éis iad do ċur aiṫne ar a ċéile i gCeann Cora. Ó'n gcéad lá a ċonaic Gormḟlaiṫ é do ċrom sí ar ana ċúram a ḋéanaṁ dé i gcóṁnuiġe. Sa ċaint dóiḃ do ċuir Gormḟlaiṫ isteaċ i n-aigne an ógánaiġ na smaointe céadna a ḃí 'n-a h-aigne féin i dtaoḃ Ḃriain agus i dtaoḃ Ṁurċaḋ agus i dtaoḃ Árdríġeaċta na h-Éirean. Ḋein sí an obair sin, i ndiaiġ ar ndiaiġ, go h-ana réiḋ agus go h-ana ġasta. Ċuir sí isteaċ i n' aigne, a gan ḟios dó náċ mór, an fuaṫ agus an ṁioscais ċéadna a ḃí 'n-a croíḋe féin i gcoinniḃ Ḃriain agus i gcoinniḃ Ṁurċaḋ. Ḋein sí rud eile. Do ṁúin sí ḋó, — níor ḋeacair di é, áṁṫaċ, — conus an fuaṫ do ċoimeád istiġ agus an gealġáire do ṫaisbeáint lasmuiċ.

[ 100 ]Lá d'á raiḃ sé féin agus Taḋg Óg ua Cealla i gCeann Cora ḃí sé féin agus Gormḟlaiṫ i n-áit fé leiṫ agus iad ag caint, agus gan aon ċoinne ag Taḋg ná ag aoinne eile náċ ag tráċt a ḃíodar ar ṁuintir Aṁlaoiḃ a ḃí ṫoir sa ḃaile. Ní h-ar aon níḋ ḋ'á ṡórd san a ḃíodar ag caint. Ḃí Gormḟlaiṫ ag cur síos d' Aṁlaoiḃ ar Ḃrian agus ar Ṁurċaḋ, agus ar an gcuma 'n-a raiḃ an uile ṡaġas éagcóra ag an mbeirt 'á ḋéanaṁ uirṫi féin. Ní raiḃ seóid ná duais saiḋḃir riaṁ aici nár tógaḋ uaiṫi ċun é bronnaḋ ar ríġ éigin nó ar ṗriúnsa éigin, i dtreó go mbéaḋ sé buiḋeaċ de Ḃrian.

“Nár ċóir, a rígan,” arsa Aṁlaoiḃ, “go dtuigfeaḋ sé i n' aigne nár ḃeag dó a ċuid féin do ḃronnaḋ agus gan cuid duine eile do ḃronnaḋ.”

“Is cuma leis, a ṁic ó,” ar sise. “Aon rud uasal n-a gcuirfiḋ sé a ṡúil agus a láṁ air ní ḃeiḋ suaiṁneas ná sástaċt aigne air go dtí go mbeiḋ an rud san taḃarṫa uaiḋ aige do ríġ éigin nó d'uasal éigin. Do ċuir an Pápa ċúġainn anall anso ó'n Róiṁ seóid ana ṡaiḋḃir, cailís óir a ḃí ċóṁ trom san gur ḃ'ar éigin ḟéadfá í ḋ'iompar ad' láiṁ. Ḃí muiriġean mo ḋá láṁ féin inti. Dob' ḟiú saiḋḃreas mór í mar ġeall ar a raiḃ d'ór inti agus gan tráċt ar a ṫuille. Aċ an órnáid oibre a ḃí geárṫa uirṫi, ba ṁó ab ḟiú an órnáid ealaḋanta san 'ná an t-ór féin: Agus d'á éaġmais sin go léir ḃí crios uirṫi de ċloċaiḃ loġṁara agus ċeannóċ' gaċ cloċ díoḃ leaṫ na Múṁan duit! Ní ṫaḃarfainn an ċailís sin ar ṡaiḋḃreas na Múṁan. Ní ṫaḃarfainn go deiṁin. Ba liom-sa an cailís sin má ba le Brian í. Cad a ḋein sé? Ċóṁ luaṫ agus ṫáinig Colla agus na manaiġ sin ṫíos go h-Inis Caṫaiġ do rug sé leis síos an ċailís uasal san ṫug sé do Ċolla í, gan oiread agus a ḟiafraiġe ḋíom-sa ar ṁaiṫ liom é nó ar ḃ'oṫ liom é! Cad 'deirir leis sin, a Aṁlaoiḃ? Ná [ 101 ]déanfaḋ cailís ba lúġa ab ḟiú 'ná an ċailís sin an gnó do ṁainistir Ínse Caṫaiġ?”

An ḟaid a ḃí an méid sin cainte ag Gormḟlaiṫ 'á ráḋ níor laḃair Aṁlaoiḃ. Nuair a ḃí an ċaint ráiḋte aici níor laḃair sé puínn. An méid cainte do laḃair sé ní h-ar an gcailís a laḃair sé í. Níor ḃ'ḟada go ndeiġ sé ag triall ar an gcuid eile de'n teiġlaċ mar a raiḃ Taḋg. Ċríoċ- nuiġdar an ċuaird agus ṫáinig an ḃeirt aḃaile go h-Inis Caṫaiġ.

Tamal 'n-a ḋiaiġ san iseaḋ ṫáinig an fonn ar Aṁlaoiḃ ċun an Ċreidiṁ a ġlacaḋ. Níor ḃ'ḟada a ḃí an Creideaṁ glacaiṫe aige nuair a dúḃairt sé gur ṁaiṫ leis ḃeiṫ 'n-a ṡagart. Ċuir Colla an mí teástála air, mar a dúḃraḋ. D'imṫiġ an mí agus do h-ollaṁuiġeaḋ é agus do cuireaḋ ins na mion-Órdaiḃ é. Do deineaḋ deacon dé agus do cuireaḋ isteaċ sa n-érdam é. Istiġ sa n-érdam san a ḃí an córṫa láidir, agus istiġ sa ċórṫa san a ḃí an bosca iarainn agus an ċáilís uasal istiġ sa ḃosca.

An fear n-a raiḃ cúram an érdaim air roime Aṁlaoiḃ ḃí sé, mar a dúḃraḋ, imṫiġṫe anonn go dtí an Róiṁ. D'ḟan culaiṫ éadaiġ leis, culaiṫ manaiġ, 'n-a ḋiaiġ sa n-érdam. Fuair Aṁlaoiḃ an ċulaiṫ, idir aibíd agus coċal. Ċuir sé an ċulaiṫ i gcoimeád. Ḃí ġnó aige ḋi. Ansan do leig sé air le Colla go raiḃ gnó ag an mBanriġin dé agus gur ṁaiṫ leis cead ḟáġail ċun dul go Ceann Cora. Fuair sé an cead. D'imṫiġ sé suas. Níor ḃ'ḟada gur iar sé airís an cead céadna. Má iar do fuair. Nuair a ḃí taiṫiġe déanta aige ar an gcead san d' iaraiḋ agus d'ḟáġail ḋein sé rud eile. Do ṫóg sé leis aibíd agus coċal an ṁanaiġ a ḃí roimis sa n-érdam ċun a ṡeómra codlata agus ċuir sé uime iad. D'ḟill sé a ġruaig ḟada ḋuḃ fé'n gcoċal agus ḋún sé an aibíd tímpal a ṁuiníl agus d'ḟeuċ sé sa sgáṫán. [ 102 ]“Déanfair an gnó!” ar seisean i n-aigne féin.

Cúpla lá 'n-a ḋiaiġ san ṫáinig sé ag triall ar Ċolla agus d'iar sé cead dul suas go Ceann Cora.

“Tá, a Aṫair,” ar seisean, “bád ag dul suas ar eiriġe lae ar maidin. Raġaiḋ mé suas ar an mbád san agus ansan féadfad, b'ḟéidir, ḃeiṫ anuas níos tráṫaṁla.”

“Tá go maiṫ, a ṁic ó,” arsa Colla.

Ní h-ar eiriġe lae a ḃí an bád san ag dul suas go Luimneaċ aċ uair a' ċloig roim lá. D'éiriġ Aṁlaoiḃ uair go leiṫ a' ċloig roim lá agus ċuir sé uime culaiṫ an ṁanaiġ agus d'ḟill sé a ġruaig fé'n gcoċal, agus siúd ċun an ḃáid é. Ḃí an doirċeaċt ann agus níor ċuir aoinne aon speic air. Ḋíol sé an t-éileaṁ agus ċuaiḋ sé isteaċ. Nuair a ṡrois sé Luimneaċ is ar ċeártain Ṁeargaiġ a ṫug sé aġaiḋ. Ċonaic sé Meargaċ.

“Dúḃairt Colla liom, a ḋuin'uasail,” ar seisean, “a ḟiafraiġe ḋíot a’ ḃféadfá macṡaṁail a ḋéanaṁ dó'n eoċair úd a ḋeinís dó ċun na cailíse ċur fé ġlas.”

“Cad d'imṫiġ ar an eoċair a ḋeineas dó?” arsa Meargaċ.

“Níor inis sé ḋom, a ḋuin'uasail, cad d'imṫiġ uirṫi ná ar imṫiġ aon rud uirṫi,” arsa Aṁlaoiḃ, go símplíḋe.

“Tá go maiṫ,” arsa Meargaċ. “Is cuiṁin liom an eoċair. Ní ḃeiḋ mé neómat 'á déanaṁ duit. Suiġ ansan. Ní fiú ḋuit imṫeaċt. Taḃarfaiḋ mé ḋuit í láiṫreaċ.”

B'ḟíor ḋó. Cúpla buille ċasúr agus cúpla sgríob bara-ciomalta agus ḃí an eoċair déanta.

“Seo,” arsa Meargaċ. “Siní agat í. Seaċain agus ná caill í mar a cailleaḋ an ceann eile.”

“Gura maiṫ agat, a ḋuin'uasail,” arsa'n manaċ bréige.

Ṫáinig Aṁlaoiḃ amaċ as an gceártain agus an eoċair aige. Ḃí sgannra air an ḟaid a ḃí sé istiġ le h-eagla go ndéarfaḋ Meargaċ, “Raġad féin síos ag triall ar Ċolla [ 103 ]leis an eoċair seo.” Ní dúḃairt. Ṫug sé an eoċair do'n ṁanaċ, dar leis, agus ḃí Aṁlaoiḃ sásta.

Ċóṁ luaṫ agus ḃí sé ar an dtaoḃ amuiċ de'n ċeártain d'imṫiġ sé i n-áit ċaoṫaṁail éigin agus ḃain sé ḋé an aibíd agus an coċal agus ḃí sé 'n-a rioċt féin. Ḋein sé ceirṫlín beag ċruaiḋ de'n aibíd agus de'n ċoċal agus ċuir sé fé n' osgail an ċeirtlín, agus d'imṫiġ sé suas go Ceann Cora. Ċonaic sé Gormḟlaiṫ. D'inis sé ḋi cad a ḃí déanta aige, agus ṫaisbeáin sé an eoċair di.

“Nuair innsis dom, a rígan,” ar seisean, “conus a tógaḋ uait an ċailís sin ḃeartuiġeas am’ aigne go dtaḃarfainn ċúġat tar n-ais í nó go gcaillfinn an t-anam. Tá an eoċair seo agam anois, agus féadfad an ċailís a ṫaḃairt liom agus an bosca ḋ'ḟágáilt am ḋiaiġ agus an glas air, agus ní aiṫneóċaiḋ aoinne an ċáilís a ḃeiṫ imṫiġṫe ní fios caṫin. Tá cailís eile ann agus isí a tógtar amaċ nuair a ḃíon aon ócáid áiriġṫe ann. Ní tógtar amaċ a ċailís ḋaor ċoíḋċe. — Tá aon ċontaḃairt aṁáin sa sgéal, áṁṫaċ. Dá ráineóċ' Measgaċ agus Colla ḃeiṫ ag caint agus go ḃfiafróċ' Meargaċ de Ċolla, 'Ar ḋein an eoċair nua úd a ḋeineas duit an gnó?' nó rud éigin de'n tsórd san, ḃí an sgéal amuiċ orm. Ní mór ḋom an ċailís a ṫaḃairt ċúġat, a rígan, ċóṁ luaṫ agus d' ḟéadfad é, agus ansan ḃeiṫ ag faire ċúġam.”

Ḃí áṫas an doṁain ar Ġormḟlaiṫ. Ní raiḃ aon ċuiṁneaṁ aici go ndéanfaḋ an buaċail sin a leiṫéid de ġníoṁ, agus é ḋéanaṁ ċóṁ ciúin, ċóṁ gasta. Do ṁol sí é agus do ṁol sí airís é. Do rug sí air agus ċrom sí ar é ṗógaḋ. Do ṗóg sí go dlúṫ é, airís agus airís eile, agus “Mo ġráḋ mo leanḃ!” ar sise leis, i n-aġaiḋ gaċ póige d'ár ṫug sí ḋó. Ansan do ċrom sí ar ġol. Ansan d'áiriṁ sí airís dó na h-éagcórṫa troma cruaḋa a ḃí d'á ndéanaṁ uirṫi, Brian 'ġá ndéanaṁ uirṫi agus Murċaḋ ag séideaḋ féi. [ 104 ]Ar ball do ċuaiḋ sí ċun suaiṁnis, agus ṫriomuiġ sí a súile, agus ṫáinig a snua féin agus a gnaoi féin di. D'ḟeuċ Aṁlaoiḃ uirṫi agus ṫuig sé i n' aigne gur ṁór an tíránaċ Brian agus gur ḃ' é rud Murċaḋ 'ná annsgian díoblaiḋe, agus an t-é a ċuirfeaḋ as an saoġal an ḃeirt go mbéaḋ comaoine ṁór curṫa ar an saoġal aige.

“Suiġ ansan go fóil, a laoġ,” ar sise. “Beiḋ mé ṫar n-ais ċúġat láiṫreaċ.”

D'imṫiġ sí. Níor ḃ'ḟada gur ḟill sí, agus rud éigin aici n-a láiṁ, fillte i n-éadaċ. D'osgail sí an t-éadaċ. Íṁáġ do'n Ṁaiġdin Ṁuire iseaḋ 'ḃí aici, íṁáġ airgid. An t-é a ḋein an íṁáġ san ḋein sé go maiṫ í. Ḃí sí tímpal sé h-órla ar aoirde agus ḃí sí cúmṫa ana ċruinn do'n réir sin, agus í fírinneaċ 'n-a déanaṁ do réir mar ba ċeart cló duine a ḃeiṫ. Aċ ḃí níḋ ṫairis sin inti. Ṫáinig leis an gceárdaiḋe, pé r' ḃ' é féin, sgáil gnaoi éigin do ċur sa n-aġaiḋ i dtreó gur ḋóiċ leat nuair ḟeuċfá ar an aġaiḋ gur ḃ' í aġaiḋ na Maiġdine féin a ḃéaḋ ann. D'ḟeuċ Aṁlaoiḃ ar an íṁáġ, agus má ḟeuċ do ṁoṫuiġ sé ag teaċt 'n-a ċroíḋe, do'n íṁáġ san, uraim nár ṁoṫuiġ sé a leiṫéid riaṁ roimis sin 'n-a ċroíḋe.

“Is áluinn an íṁáġ í sin, a rígan!” ar seisean.

“Seo, a ṁic ó,” arsa Gormḟlaiṫ, “beir leat síos go dtí an ṁainistir í sin, agus taḃair do Ċolla í, agus abair leis gur mise ċuir ċuige í, agus gur b' ṡiné gnó a ḃí agam díot-sa indiu, ċun na h-íṁáġa san a ḃreiṫ síos ag triall air agus í ḃronnaḋ air. Íṁáġ ḋeas iseaḋ í. Ní ṫaḃarfainn-se, áṁṫaċ, an ċailís úd ar ṁíle, ní h-eaḋ, aċ ar deiċ míle, d'á sórd. Beiḋ áṫas mór ar Ċolla nuair a ġeoḃaiḋ sé an íṁáġ san. Cuirfiḋ an t-áṫas san é ó aon ċuiṁneaṁ i n-aon ċor a ḃeiṫ aige go ḃféadfá-sa aon ġnó eile ḃeiṫ anso ainíos indiu agus aċ ċun í sin a ḃreiṫ síos ag triall air. Déanfaiḋ an t-áṫas rud eile. Nuair [ 105 ]iarfair-se ar Ċolla cead teaċt ainíos airís amáireaċ taḃarfaiḋ sé ḋuit an cead gan ċeistiúċán.”

“Tuigim ṫu, a rígan,” arsa Aṁlaoiḃ.

Ḃí sé ag imṫeaċt agus an íṁáġ aige, agus an ċeirtlín fé n' osgail aige. Do laḃair Gormḟlaiṫ airís agus na deóraċa le n-a súiliḃ.

“Taḃair aire ṁaiṫ duit féin, a laoġ,” ar sise. “Beart ana ċontaḃarṫaċ iseaḋ an ḃeart atá idir láṁaiḃ agat. Ní tusa aṁáin atá sa ċontaḃairt feasta. Táim-se anois ċóṁ fada isteaċ sa ċontaḃairt agus ataoí-se. Taḃair aire ṁaiṫ ḋuit féin.”

“Ná bíoḋ eagal ort, a rígan,” ar seisean, agus d'imṫiġ sé.

Ṫáinig sé ċun na mainistreaċ. Ċuaiḋ sé ċun an érdaim. D'osgail sé an ċeirṫlín agus ċuir sé an coċal agus an aibíd sa n'áit 'na ḃfuair sé ar dtúis iad. Siúd ag triall ar Ċolla ansan é.

“Seo, a Aṫair,” ar seisean, “rud a ċuir an Ḃanriġin anuas ċúġat-sa. Siné gnó a bí aici ḋíom indiu, ċun go dtaḃarfainn ċúġat anuas é sin.”

D'ḟeuċ Colla ar an íṁáġ. Do stad sé ar feaḋ tamail agus é ag feuċaint uirṫi.

“Ó,” ar seisean, “is áluinn an íṁáġ í sin! Is beannuiġṫe an íṁáġ í. Ní ḟéadaim gan gráḋ do'n Ṁaiġdin Ṁuire do ṁoṫuġaḋ ag lasaḋ istiġ am' ċroíḋe nuair ḟeuċaim ar an íṁáġ sin! Abraḋ an saoġal a roġa rud,” ar seisean, “bean ṁaiṫ iseaḋ Gormḟlaiṫ! Mura mbéaḋ gur ḃean ṁaiṫ í ní ḃronnfaḋ sí an íṁáġ so orainn Mura mbéaḋ gur ḃean ṁaiṫ í ní ḃéaḋ a leiṫéid i n-aon ċor aici.”

“Dúḃairt sí liom dul suas airís amáireaċ, a Aṫair,” arsa Aṁlaoiḃ, “go raiḃ gnó éigin eile aici ḋíom.”

“Tá go maiṫ, a ṁic ó. Comáin leat,” arsa Colla.